Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 15:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 Agus cuireann lá an dorchadais scanradh air; Faigheann buairt agus dálghas an lámh in uachtar air, Amhail agus dá mbeadh rí éigin ar tí a ionsaithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Do dhéana buaidhreadh agus goimh eaglach é; béaruid síad buáidh na aghaidh, amhuil rígh ullamh chum catha.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 15:24
15 Tagairtí Cros  

I gcaitheamh a ré go léir, Tá an t‑urchóideach á chiapadh Agus tá blianta an tíoránaigh arna ríomhadh.


Tá glórtha bagracha ina chluasa Agus tiocfaidh an scriostóir air i lár a chonáigh.


Agus a bheith ina bhia ag badhbha. Tá a fhios aige go bhfuil an mí-ádh mar chinniúint aige,


Óir shín sé a lámh in aghaidh Dé, Agus leomhaigh sé dúshlán an Uilechumhachtaigh a thabhairt.


D'adhain sé a fhearg i m'aghaidh, Agus d'áirigh sé mé mar namhaid dó.


Tháinig a fhorsaí i m'aghaidh in éineacht, Thug siad ruathar fúm, Agus chuir léigear ar mo bhoth.


Tháinig anuas orm diachair agus dochraide; faighim m'aoibhneas i d'aitheantasa.


Nuair a bhuailfidh an tubaiste sibh dála stoirme, agus a thiocfaidh an mí-ádh agus an anachain sa mhullach oraibh.


Ansin beidh an bhochtaine le d'ais mar bhithiúnach agus an ghannchúis mar robálaí.”


Agus beidh an bhochtaine taobh leat mar fhánaí, agus an ghannchúis, dála an [déirceora].


Tá ordú tugtha agam do mo chuid óglach beannaithe; tá mé ag glaoch le teann feirge ar mo laochra, agus is iad atá cíocrach chun caithréime.


Agus maidir le Iahóiácaím rí Iúdá, abair: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Dhóigh tú an scrolla seo, á rá: Cad chuige ar scríobh tú: Tiocfaidh rí na Bablóine go deimhin agus bánóidh sé an tír seo agus ní fhágfaidh duine ná ainmhí beo inti?


Is ea, beidh ainnise agus anacair ar gach daonnaí a dhéanann an t‑olc, ar an nGiúdach ar dtús agus ar an nGréagach chomh maith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí