Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 15:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Óir shín sé a lámh in aghaidh Dé, Agus leomhaigh sé dúshlán an Uilechumhachtaigh a thabhairt.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Oír sínidh sé a lámh amach a naghaidh Dé, agus neartuighidh sé é féin a naghaidh a Nuilechumhachduigh.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 15:25
28 Tagairtí Cros  

A rá is go dtugann tú aghaidh do chaoraíochta ar Dhia Agus go scaoileann tú focail mar sin as do bhéal.


Agus cuireann lá an dorchadais scanradh air; Faigheann buairt agus dálghas an lámh in uachtar air, Amhail agus dá mbeadh rí éigin ar tí a ionsaithe.


Thug sé ruathar ceanndána faoi le sciath ramharbhocóideach.


Fógraíonn sé a mbearta dóibh, Agus peacaí an uabhair a rinne siad.


Is críonna é ó chroí agus is cumhachtach é ó neart. Cé a thug a dhúshlán riamh gan bheith thíos leis?


Uime sin déanfaidh Dia do scriosadh agus do mhilleadh go deo. Sracfaidh sé as do bhoth amach thú agus bainfidh sé amach ó fhréamh thú as talamh na mbeo.


Agus deir siad: “Cá bhfios do Dhia? An amhlaidh is eol don Té is Airde?”


Tugann siad fogha faoi na flaithis lena mbéal agus triallann a dteanga ar fud an talaimh.


Tá tú go teanntásach fós le mo phobal agus ní áil leat scaoileadh leo.


Fearg níl orm a thuilleadh! Fiú má bhíonn sceacha agus driseacha ann, cuirfidh mé cogadh orthu, dófaidh mé iad go léir!


An dual don phota dul a chonspóid leis an bpotaire, nó an próca le fear a dhealfa sa chré? An dual don chreafóg a rá le fear a múnlaithe: “Cad tá ar bun agat?” An bhfuil a shaothar chun a rá leis: “Níl lámha ar bith ort”?


Agus maidir le Iahóiácaím rí Iúdá, abair: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Dhóigh tú an scrolla seo, á rá: Cad chuige ar scríobh tú: Tiocfaidh rí na Bablóine go deimhin agus bánóidh sé an tír seo agus ní fhágfaidh duine ná ainmhí beo inti?


“Cuir ar meisce é! Mhóraigh sé é féin in éadan an Tiarna; beidh Móáb ag únfairt ina sceathrach féin; beidh sé fós ina cheap magaidh.


[Cuireadh] dol faoi do chomhair, agus gabhadh thú ar an uair nach raibh súil agat. Rugadh amuigh ort agus sáraíodh thú, mar gur thug tú dúshlán an Tiarna.


Mura ndéanann an méid sin sibh a iompú ar ais chugam, ach go mbíonn sibh fós ag cur i m'aghaidh,


“Is bearránach iad na briathra a labhraíonn sibh i m'aghaidh, a deir an Tiarna. Mar sin féin, fiafraíonn sibh: ‘Céard a dúramar i d'aghaidh?’


Um an dtaca seo is ea d'imir Héaród rí an lámh throm ar chuid de bhaill na hEaglaise.


Agus ar an mball bhuail aingeal an Tiarna ar lár é de chionn nár thug sé onóir do Dhia. Fuair sé bás agus é á ithe ag péisteanna.


“Cé thú féin, a Thiarna?” d'fhiafraigh Sól. D'fhreagair an guth: “Is mise Íosa, an té a bhfuil tú á ghéarleanúint.


Cad ab áil libh ag cruachan bhur gcroí, faoi mar a chruaigh na hÉigiptigh agus Forann a gcroí? Tar éis dó magadh fúthu, nár scaoileadar leis an bpobal agus nár imíodarsan?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí