Óir is coimhthígh sinn agus lucht cuairte i do láthair, dála ár sinsear go léir; is cuma ár seal ar talamh nó scáth gan aon tathag.
Iób 14:2 - An Bíobla Naofa 1981 A eascrann mar bhláth agus a fheonn, Agus a imíonn mar scáil gan fanacht - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Fásuidh sé do nós blátha, agus gearrthar síos é; teithidh sé fós mar scáile, agus ní fhanann sé go búan. |
Óir is coimhthígh sinn agus lucht cuairte i do láthair, dála ár sinsear go léir; is cuma ár seal ar talamh nó scáth gan aon tathag.
Ligfidh sé dá thorthaí titim agus gan iad abaí, dála na bhfíniúna, Agus caithfidh sé uaidh a bhláth dála na holóige:
Scriostar iad idir maidin agus nóin; Milltear go brách iad, gan neach á dtarrtháil.
de dheasca do dhíbheirge agus do dheargbhuile, óir thóg tú mé agus theilg tú uait arís mé.
Is cosúil mo laethanta le scáil a chuaigh chun síneadh; tá mé ag críonadh ar nos an fhéir.
óir dreofaidh siad go luath ar nós an fhéir agus feofaidh siad amhail luibheanna glasa.
Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach, nocht dom líon mo laethanta, ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil.
agus gabhann an duine seacha mar scáil. Gal gaoithe a shaibhreas go léir; ní fios dó cé a gheobhaidh ar chruinnigh sé.
D'fhéach mo shúile go buach ar mo naimhde; chuala mo chluasa dea-scéala a dtreascartha.
ní éireoidh go maith leis an bpeacach ach, ar nos scáile, ní bheidh saol fada aige toisc nach bhfuil eagla Dé air.
Níl a fhios agaibh céard a tharlóidh amárach. Céard é bhur mbeo? Níl ionaibh ach mar ghal a thaibhsíonn ar feadh tamaill bhig agus a théann ar ceal ansin.
“Mar tá an uile fheoil mar an bhféar, agus níl ina glóir go léir ach mar bhláth an fhéir;