Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 8:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 ní éireoidh go maith leis an bpeacach ach, ar nos scáile, ní bheidh saol fada aige toisc nach bhfuil eagla Dé air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Acht ní bheithior go maith ag an ndrochdhuine, ní mó fhaideochus sé a láethe, biáidh sé amhuil scáile; do bhrígh nach eagluighionn sé roimhe Día.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 8:13
26 Tagairtí Cros  

A eascrann mar bhláth agus a fheonn, Agus a imíonn mar scáil gan fanacht -


Ní foláir, ambasa, solas an choirpigh a mhúchadh, Agus lasair a thine a dhul in éag.


Gur gearr í caithréim an urchóidigh, Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh.


“Déantar an coirpeach a shábháil i gcomhair lá an uafáis; Scuabtar ar shiúl é lá na feirge” -


Féachann an Tiarna an fíréan is an t‑ainfhíréan, is fuath leis fear an fhoréigin.


Is cosúil an duine le puth anála; agus a ré le scáil a ghabhann thart.


[Salm le] Dáiví. 1 Ná bíodh buairt ort faoi lucht an drochiompair; ná bí in éad le lucht déanta na hurchóide;


Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach, nocht dom líon mo laethanta, ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil.


Caith do chúram ar an Tiarna agus déanfaidh sé taca duit; ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisle as an bhfíréan go brách.


Is eol dom freisin gur síoraí suthain gach uile ní a dhéanann Dia; ní féidir cur leo nó baint uathu. Is mar seo a rinne Dia iad le go mbeadh eagla ar dhaoine roimhe.


Má fheiceann tú foréigean á imirt ar bhochtáin agus an ceart agus an chóir á gcur as a ríocht sa stát, ná bíodh aon ionadh ort faoi, mar bíonn an t‑ardfheidhmeannach ag faire ar an bhfeidhmeannach agus tá feidhmeannaigh eile ann atá níos airde ná ceachtar acu.


Óir cé arb eol dó céard is maith don duine sa saol seo le linn gearrthéarma na beatha díomhaoine a chaitheann sé anseo ar nós scáile. Cé hé ar féidir dó a insint don duine cad a tharlóidh abhus faoi luí na gréine nuair a bheidh seisean imithe?


Le linn mo bheatha díomhaoine chonaic mé an uile chineál nithe: fíréan á scrios d'ainneoin a chuid fíréantachta agus saol fada ag an drochdhuine d'ainneoin a chuid mailíse.


Is maith an rud é cloí le ceann amháin de na prionsabail seo ach gan neamhaird a thabhairt ar an gceann eile; óir an duine a bhfuil eagla Dé air comhlíonann sé a dhualgas ar gach bealach.


Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t‑olc lucht a dhéanta.


Is mairg don ainbheartach, tá an t‑olc anuas air, caithfear leis de réir saothar a lámh.”


léireofar daoibh an cion seo a bheith mar a bheadh balla ard agus gág anuas ann, bolg amach air agus é i ríocht titim, a dtagann maidhm air go tobann, i seal faiteadh súl,


“Níl síocháin i ndán,” a deir mo Dhia, “do lucht na hurchóide.”


Ní bheidh níos mó ann naíonán nach maireann ach beagán laethanta ná seanduine nach dtugann a sheal. An té a mhaireann céad bliain, ní bheidh ann ach ógánach; agus an té nach maireann an céad, beidh sé amuigh air gur faoi chrann smola a bhí sé.


Go dtí inniu féin níl uamhan ná aiféala orthu; níor shiúil siad i mo dhlíse ná sna reachta a chuir mé romhaibh, mar a chuir mé roimh bhur sinsir.’


Ansin aithneoidh sibh aon uair amháin eile an difríocht atá idir an dea-dhuine agus an drochdhuine, idir an té a dhéanann seirbhís do Dhia agus an té nach ndéanann.


agus tiocfaidh siad amach - iad seo a rinne an mhaith chun aiséirí na beatha, agus iad seo a rinne an t‑olc chun aiséirí an bhreithiúnais.


Níl a fhios agaibh céard a tharlóidh amárach. Céard é bhur mbeo? Níl ionaibh ach mar ghal a thaibhsíonn ar feadh tamaill bhig agus a théann ar ceal ansin.


Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí