Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 8:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 óir, d'ainneoin go ndéanann an peacach drochghníomh céad uair, bíonn saol fada aige. Mar sin féin is eol dom an nath seo: éireoidh go maith leo siúd a bhfuil eagla Dé orthu go díreach toisc a eagla a bheith orthu;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 ¶ Dá mbeith go ndéanadh peacach olc céud uáir, agus go bhfaideochuidh a láethe, gidheadh go deimhin atá fios agam go mbeithior go maíth ag an ndruing eagluighios Día, noch air a mbí eagla dá lathair:

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 8:12
34 Tagairtí Cros  

Ní raibh macasamhail Acháb riamh ann, ar ndóigh, le hé féin a reic chun an t‑olc i súile an Tiarna a dhéanamh, agus é á spreagadh ag Ízeibil a bhean chéile.


Bí-se, a chruinne go léir, ar crith roimhe. Rinne sé an domhan daingean dobhogtha;


Nó: “Ní chuireann a fhearg pionós i bhfeidhm, Ná ní dhealraíonn sé gur eol dó ceannairc na ndaoine.”


Alleluia. Is aoibhinn don fhear ar a mbíonn eagla an Tiarna; a thugann taitneamh dá aitheanta uile.


Beannóidh sé lucht eagla an Tiarna, idir mhion agus mhór in éineacht.


Íosfaidh tú toradh de shaothair féin; beidh tú go sona séanmhar.


Ach beidh seilbh an talaimh ag na hísle beidh a n‑aoibhneas i lánmhaireacht an tsuaimhnis.


Tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa; bí ar crith ina láthair a dhomhan uile.


Bhí Dia go maith do na mná cabhartha, agus lean na daoine orthu ag dul i líonmhaire agus chuadar i neart go mór.


Bíonn an mí-ádh sa tóir ar an bpeacach, ach bíonn an rath mar luach saothair ag an bhfíréan.


Is méanar don té ar a bhfuil eagla [an Tiarna] i gcónaí, ach an té a chruann a chroí, titfidh an tubaiste sa mhullach air.


Mar choimriú scoir ar a bhfuil cloiste agat: bíodh eagla Dé ort agus coimeád a aitheanta, mar is é sin príomhdhualgas an duine.


Is eol dom freisin gur síoraí suthain gach uile ní a dhéanann Dia; ní féidir cur leo nó baint uathu. Is mar seo a rinne Dia iad le go mbeadh eagla ar dhaoine roimhe.


Agus rud eile dhe, caitheann sé a laethanta uile i ndorchadas agus bíonn sé lán dobróin agus breoiteachta agus feirge.


Má fheiceann tú foréigean á imirt ar bhochtáin agus an ceart agus an chóir á gcur as a ríocht sa stát, ná bíodh aon ionadh ort faoi, mar bíonn an t‑ardfheidhmeannach ag faire ar an bhfeidhmeannach agus tá feidhmeannaigh eile ann atá níos airde ná ceachtar acu.


Le linn mo bheatha díomhaoine chonaic mé an uile chineál nithe: fíréan á scrios d'ainneoin a chuid fíréantachta agus saol fada ag an drochdhuine d'ainneoin a chuid mailíse.


Is maith an rud é cloí le ceann amháin de na prionsabail seo ach gan neamhaird a thabhairt ar an gceann eile; óir an duine a bhfuil eagla Dé air comhlíonann sé a dhualgas ar gach bealach.


Go dtí inniu féin níl uamhan ná aiféala orthu; níor shiúil siad i mo dhlíse ná sna reachta a chuir mé romhaibh, mar a chuir mé roimh bhur sinsir.’


Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.


agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla.


Ach de dheasca do chroí chrua neamhaithrigh tá tú ag taisceadh feirge duit féin le haghaidh lae úd na feirge nuair a fhoilseofar ceartbhreithiúnas Dé,


Agus, nuair ab áil le Dia a chuid feirge a thaispeáint agus a chuid cumhachta a léiriú, má chuir sé suas go fada foighneach leis na hárais a bhí ina ndíol feirge agus iad ar bhealach a mbasctha,


Ná caith í le go mbeadh séan ort féin agus ar do chlann mhac i do dhiaidh, mar go mbeidh an chóir deanta agat i láthair an Tiarna.


Coimeád na treoracha seo go léir a thugaim duit le barr cúraim, agus lean iad, i dtreo go rithfeadh go maith i gcónaí leat féin, agus le do shliocht i do dhiaidh, agus tú ag déanamh an chirt agus na córa faoi shúile an Tiarna do Dhia.


Coimeád a reachta agus a aitheanta dá bhrí sin mar a thugaim duit iad inniu i dtreo go mbeidh conách ort féin agus ar do shliocht, agus saol fada agat sa tír atá á thabhairt duit go brách ag an Tiarna do Dhia.”


tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail ach na coirpigh a choinneáil á bpionósú go lá na breithe,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí