“Seo mé,” arsa Abrahám á fhreagairt, “agus é de dhánaíocht ionam labhairt mar seo le mo Thiarna, agus gan ionam ach cré agus luaithreach.
Iób 13:12 - An Bíobla Naofa 1981 Níl in bhur seanfhocail ach nathanna luaithrí, Agus freagraí cré bhur bhfreagraí! An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Atá bhur ccuimhne cosmhuil ré luáith? bhur ccuirp re corpuibh críadh. |
“Seo mé,” arsa Abrahám á fhreagairt, “agus é de dhánaíocht ionam labhairt mar seo le mo Thiarna, agus gan ionam ach cré agus luaithreach.
Ansin chum an Tiarna Dia an duine de chré na talún agus shéid anáil na beatha ina pholláirí; ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine.
Nach gcuirfidh a mhórgacht scanradh oraibh? Agus nach dtitfidh a uafás sa mhullach oraibh?
Cuirigí uaibh! Ligigí dom agus labhróidh mise freisin, Is cuma cad a thiocfaidh as dom!
Cén chiall mar sin atá le bhur sólás baoth? Maidir le bhur bhfreagraí, níl fágtha iontu ach bréag!
Nach mó is amhlaidh sin do lucht cónaithe i dtithe cré, Arb é an luaithreach a mbunús, A bhruítear mar an leamhan!
Is cosúil mo laethanta le scáil a chuaigh chun síneadh; tá mé ag críonadh ar nos an fhéir.
Go raibh siad i bhfianaise an Tiarna de shíor; go staithe sé a gcuimhne ó fhréamh as an talamh.
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Scríobh an beart seo síos i leabhar lena chuimhne a choimeád agus aithris i gcomhchlos Iósua go scriosfaidh mé cuimhne Amailéic de dhroim na talún ar fad.”
Marbh atá siad siúd, agus níl saol i ndán dóibh arís. Scáilí is ea iad, ní éireoidh siad níos mó, mar tá siad smachtaithe scriosta agat agus tá a gcuimhne curtha ar ceal.
Tá a fhios againn nuair a leagtar ar lár an bhoth seo ina gcónaímid ar talamh, go bhfuil áitreabh le fáil ó Dhia againn sna flaithis, teach cónaithe síoraí nár tógadh le lámha daoine.