Iób 11:13 - An Bíobla Naofa 1981 Má chuireann tú do chroí in ord, Agus do lámha a leathadh chun Dé - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Má ullmhuighionn tú do chroidhe, agus do lámha do shíneadh amach chuige; |
Tá maitheas éigin ionat mar sin féin mar go bhfuil na cuaillí naofa scriosta as an tír agat, agus tá do chroí dírithe agat ar thóraíocht Dé.”
Cén fáth a mbaineann do racht de do bhonna thú? Agus go bhfuil faghairt i do shúile?
Más áil leat filleadh ar an Uilechumhachtach agus tú a thógáil aníos, Díbir an urchóid ó do bhoth,
Is méanar go deimhin don té a cheartaíonn Dia; Ná diúltaigh dá bhrí sin do smachtú an Uilechumhachtaigh,
agus sínim mo sciatháin amach chugat; mar thalamh spalptha bíonn m'anam ag tnúth leat.
Bí ag bagairt ar ainmhithe allta na ngiolcach, táinte na dtarbh agus laonna na gciníocha; sléachtaidís go humhal duit le bronntanais airgid; cuir scaipeadh ar na ciníocha a bhfuil a ndúil sa chogadh.
sula mbeidís mar a n‑aithreacha rompu ina nglúin easumhal ceanndána; glúin gan seasmhacht ina gcroí nach raibh dílis do Dhia ina meanma.
Chuir tú mo chairde i bhfad uaim; thug tú orthu déistin a ghlacadh liom. Táim faoi ghlas is ní féidir liom éalú;
D'fhreagair Maois é: “A luaithe a fhágfaidh mé an chathair, sínfidh mé mo lámha i dtreo an Tiarna; stadfaidh an toirneach agus beidh deireadh leis an gclochsneachta, i dtreo go mbeidh a fhios agat gur leis an Tiarna an domhan.
An seirbhíseach sin arbh eol dó toil a mháistir agus nach ndearna ullmhú ná beart de réir a thola, gabhfar de mhórán buillí air;
Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: “Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.”