Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 11:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Tá an duine baoth ar uireasa tuisceana; Is cuma nó searrach an asail fhiáin an duine ag teacht ar an saol.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Oír budh mían leis a nduine ndíomhaóin bheith glic, bíodh go rugadh an duine amhuil bromach assail fhíadháin.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 11:12
24 Tagairtí Cros  

Céard é an duine go mbeadh sé íon? Agus gin na mná go mbeadh sé fíréanta?


Agus dúirt sé leis an duine: “Féach, eagla an Tiarna an eagna, Agus an t‑olc a sheachaint is ea an tuiscint.”


Ceapann sé an mhuintir ghlic i ngaiste a ngliocais, Agus teipeann go grod ar scéimeanna na gcladhairí.


An ligeann an t‑asal fiáin glao as nuair a fhaigheann sé féar? Nó an damh búir os cionn a choda?


Is cosúil an duine le puth anála; agus a ré le scáil a ghabhann thart.


Tóg uaim anois do sciúirse; tá mé cloíte ag buillí do láimhe.


Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach, nocht dom líon mo laethanta, ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil.


Óir aithním mo chionta go maith agus tá mo pheaca os mo chomhair i gcónaí.


bhí mé amaideach, baoth, neamhthuisceanach; ba chuma nó beithíoch mé i d'fhianaise.


Nach éachtach iad d'oibreacha, a Thiarna! nach domhain iad go dearfa do smaointe!


Buaic na baoise a deir Cóheilit, buaic na baoise! Níl in aon ní ach baois!


Caith an bhuairt amach as do chroí, Díbir an phian ó do chorp. Óir is baois í an óige agus aois na gruaige duibhe.


Arsa mise liom féin arís: “Maidir leis an gcine daonna, tá Dia tar éis iad a thástáil go cinnte agus a thaispeáint nach bhfuil iontu uathu féin ach ainmhithe.”


déanann sí ar an bhfásach ag smúrthacht ar an ngaoth go macnasach. Cé a fhéadann í siúd a smachtú agus í ar dáir? Ní bheidh stró ar an té a bheidh á lorg. Gheofar í [ag cúpláil].


Agus iad ag maíomh gur lucht gaoise iad féin, d'imigh siad le baois;


Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle. Ná héirigí teann as bhur gcuid gaoise féin.


Bhíomarna uile ar an mbuíon sin tráth, nuair a ghéillimis d'ainmhianta na colainne agus nuair a dhéanaimis riar na colainne agus a cuid smaointe. Bhí fearg Dé anuas orainne ó dhúchas chomh maith le cách eile.


An mian leat a fhios a bheith agat, a ghliogaire, nach bhfuil aon mhaith sa chreideamh gan dea-oibreacha?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí