Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 22:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Más áil leat filleadh ar an Uilechumhachtach agus tú a thógáil aníos, Díbir an urchóid ó do bhoth,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Má fhilleann tú chúm a Nuilechumhachdaigh, cuirfighthear súas thú, cuirfidh tú éaigceart a bhfad ó do thighthibh.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 22:23
20 Tagairtí Cros  

Ghuigh sé chuige agus thug seisean cluas dó agus d'éist lena urnaithe agus thug ar ais go Iarúsailéim agus chun a ríochta é. Thuig Manaise ansin gur Dia é an Tiarna.


Má leag sé anuas, níl tógáil i ndán; Má chuireann sé duine i ngéibheann, níl fuascailt ann dó;


Lonnóidh [Lilit] faoina dhíon, Agus scaipfear ruibh ar a ghabháltas.


Ach is leat na peacaí a mhaitheamh; ionas go riarfaí go humhal duit.


Ansin, má bhuail an Tiarna na hÉigiptigh go crua féin, leigheasfaidh sé iad. Iompóidh siad i leith an Tiarna agus tabharfaidh sé toradh ar a nguí agus leigheasfaidh iad.


Filligí ar an té atá séanta agus dúshéanta agaibh, a chlann Iosrael.


An té a mhaireann go fíréanta, a labhraíonn go hionraic, agus a chuireann suas do bhrabús na héagóra, a bhagraíonn a lámh chun an bhreab a dhiúltú, a dhúnann a chluas i gcoinne beartais fhola agus a dhruideann a shúile chun nach bhfeicfeadh sé an t‑olc


Tógfaidh mé thú an athuair agus atógfar thú, a mhaighdean Iosrael. Beidh tú sciamhach arís, agus déanfaidh tú meidhir sa rince le do chuid tiompán.


“Téanaigí, fillimis ar an Tiarna. Eisean a stróic sinn, eisean a leigheasfaidh sinn; Eisean a thug léasadh dúinn ach cneasóidh sé ár gcneácha.


Dá bhrí sin abair leis an bpobal: ‘Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua. Filligí orm, a deir Tiarna na Slua, agus fillfidh mise oraibhse, a deir Tiarna na Slua.


ach ag tosú dom le muintir Dhamaisce agus ina dhiaidh sin in Iarúsailéim agus ar fud dúiche Iúdáia agus i measc na ngintlithe, d'fhógair mé dóibh aithrí a dhéanamh agus casadh ar Dhia agus beart a dhéanamh de réir na haithrí.


Bígí préamhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar a múineadh daoibh é, agus bígí lán de bhuíochas.


Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: “Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,” agus “Gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.”


Ach sibhse, a chairde cléibh, déanaigí sibh féin a thógáil suas ar bhonn sárnaofa bhur gcreidimh; guígí sa Spiorad Naomh,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí