Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 22:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Cuir fáilte roimh bhriathra a bhéil, Agus taiscigh a theagasc i do chroí

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Glac, íarruim mar athchuinge ort, an dligheadh as a bhéul, agus cuir a bhríathra súas ann do chroidhe.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 22:22
16 Tagairtí Cros  

Ghuigh sé chuige agus thug seisean cluas dó agus d'éist lena urnaithe agus thug ar ais go Iarúsailéim agus chun a ríochta é. Thuig Manaise ansin gur Dia é an Tiarna.


Níor chlaon mé ó aithne a bheola, Agus thaiscigh mé briathra a bhéil.


Bheadh sé fós mar shólás agam - Agus bheinn daingean i bpian gan taise - Nár shéan mé briathra an té is Naofa.


Cuirim do bhriathar i bhfolach i mo chroí; sula ndéanfainn peaca ort.


Ná scaoil as do radharc iad, coinnigh i gcochall do chroí iad.


Sé mhúin sé dom agus sé a dúirt: “Bíodh mo bhriathra i gcochall do chroí; coinnigh m'aitheanta agus mairfidh tú beo.


Nuair a tháinig do bhriathra, d'ith mise iad. Bhí do bhriathar ina ghairdeachas agus ina lúcháir do mo chroí; óir gaireadh d'ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua.


Dúirt sé liom fosta: “A mhic an duine, gach focal a deirim leat glac chugat féin é agus éist leis go cúramach.


Tógann an dea-dhuine dea-nithe amach as a dhea-stór, agus tógann an drochdhuine drochnithe amach as a dhrochstór.


Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”


Agus thaiscigh Muire ina cuimhne na nithe seo uile, ag machnamh orthu ina croí.


Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí