Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 22:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Déan réiteach le Dia agus bíodh síocháin agat Agus rachaidh sin go mór i dtairbhe duit.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Cuir thú féin a numhuil dósan anois, agus bí síodhchánta: leis sin tiucfuidh maith chugad.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 22:21
11 Tagairtí Cros  

Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.


A dhaoine naofa an Tiarna, bíodh a eagla oraibh; ní bhíonn díth ar an dream lenarb eagal é.


Sin nó cead acu dul ar mo choimirce agus síocháin a dhéanamh liom. Is mairg nach ndéanann siad síocháin liom!


An duine a chúisíonn thú, tar chun réitigh leis gan mhoill agus tú ag gabháil na slí leis, le heagla go dtabharfadh fear do chúisithe suas don bhreitheamh thú, agus an breitheamh don phóilín, agus go gcuirfí i bpriosún thú.


Is í seo an bheatha shíoraí: iad a chur aithne ortsa, an t‑aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait.


Sin é an teachtaireacht a chuir sé go dtí clann Iosrael nuair a d'fhógair sé dea-scéal na síochána dóibh trí Íosa Críost - an té atá ina Thiarna ar chách uile.


An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d'fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.


Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí. Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia.


Agus sa tslí sin beidh síocháin Dé atá os cionn ár dtuisceana ag gardáil bhur gcroí agus bhur smaointe in Íosa Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí