Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.
Hóisé 10:3 - An Bíobla Naofa 1981 Go deimhin déarfaidh siad ansin: “Níl aon rí againn (mar ní eagal linn an Tiarna).” Ach cad d'fhéadfadh rí a dhéanamh ar ár son? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír a déaruid síad anois, Ní bhfuil rígh ar bioth aguinn, do bhrígh nach raibh eagla an TIGHEARNA oruinn; maiseadh, cred do dhéanadh rígh dhúinn? |
Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.
Thánig Sealúm mac Iáibéis i gcoróin sa naoú bliain tríochad de réimeas Uizíá rí Iúdá agus bhí sé mí i gcoróin sa tSamáir.
Go dteasca an Tiarna gach aon bhéal bréagach, gach teanga a bhíonn ag maíomh go sotalach díomasach;
Iad siúd a deir: “Brostaíodh sé! Déanadh sé deifir lena ghníomh ionas go bhfeicfimid é; bearta Neach Naofa Iosrael, tagadh siad in aice linn agus cuirtear i gcrích iad, chun gurb eol dúinn iad.”
Tarraingeoidh Béit Éil an íde chéanna oraibhse, in éiric bhur mioscaise gan teorainn. Le lonradh lae léirscriosfar rí Iosrael.
Díothófar an tSamáir agus a rí, agus ní bheidh inti ach mar a bheadh slis ar bharr toinne.
Ach rachaidh siad ar ais go dtí críocha na hÉigipte, agus beidh an Asaír ina rí orthu de bhrí gur dhiúltaigh siad filleadh ormsa.
Cá bhfuil do rí anois chun tú féin agus do chathracha uile a shábháil? Cá bhfuil do rialtóirí, iad siúd a ndúirt tú fúthu: “Tabhair dom rí agus flatha”?
Mar ar feadh mórán laethanta fágfar clann Iosrael gan rí, gan flaith, gan íobairt, gan liagán, gan éafód, gan íola tí.
Cén fáth a nglaonn tú amach chomh hard sin anois? Nach bhfuil aon rí agat? An amhlaidh a cailleadh do chomhairleoir sa chaoi gur ghabh arraingeacha thú mar bhean ina leaba luí seoil?
Ach chuir siad na gártha suas: “Beir uainn é! Beir uainn é! Céas é!” Dúirt Pioláit leo: “An amhlaidh a chéasfaidh mé bhur rí?” D'fhreagair uachtaráin na sagart: “Níl de rí againne ach Céasar.”