Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 10:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Díothófar an tSamáir agus a rí, agus ní bheidh inti ach mar a bheadh slis ar bharr toinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Ar son Shamária, do gearradh a rígh amach mar an ccubhar air a nuisce.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 10:7
9 Tagairtí Cros  

Seo mar a bhí ina dhiaidh sin: Bhí fíonghort ag Nábót ó Izréil láimh le pálás Acháb rí na Samáire.


Ach dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias an Tisbíoch: “Bí i do shuí agus imigh i gcoinne teachtairí rí na Samáire, agus abair leo: ‘An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil sibh ag dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón?’


Rinne Hóiséa mac Éalá comhcheilg ansin in aghaidh Pheacach mac Ramailiá. Rinne sé an rí a dhúnmharú agus tháinig i gcomharbacht air (san fhichiú bliain de réimeas Iótám mac Uizíá).


Ach rug rí na hAsaíre ar Hóiséa ag déanamh fill air; bhí teachtairí curtha aige go dtí Só, rí na hÉigipte, gan an cháin a thabhairt do rí na hAsaíre mar a rinne na blianta roimhe sin. Uime sin ghabh rí na hAsaíre é agus chuir faoi chuibhreach i gcarcair é.


Tarraingeoidh Béit Éil an íde chéanna oraibhse, in éiric bhur mioscaise gan teorainn. Le lonradh lae léirscriosfar rí Iosrael.


Go deimhin déarfaidh siad ansin: “Níl aon rí againn (mar ní eagal linn an Tiarna).” Ach cad d'fhéadfadh rí a dhéanamh ar ár son?


Scriosfar na scrínte cnoc urchóideacha, mar a bpeacaíonn Iosrael, agus fásfaidh driseacha agus feochadáin ar a n‑altóirí. Déarfaidh siad ansin leis na sléibhte: “Folaigí sinn”, agus leis na cnoic: “Titigí orainn.”


Thug mé rí duit le teann feirge, ach le racht cuthaigh bainim uait é arís.


tonnta fiáine mara iad ag caitheamh a mbearta táire féin aníos mar chúrán; réaltaí fáin iad a bhfuil ifreann duairc i ndán dóibh go brách.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí