Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 10:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Scriosfar na scrínte cnoc urchóideacha, mar a bpeacaíonn Iosrael, agus fásfaidh driseacha agus feochadáin ar a n‑altóirí. Déarfaidh siad ansin leis na sléibhte: “Folaigí sinn”, agus leis na cnoic: “Titigí orainn.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Aite árda Abhen mar an gcéadna, scriosfuighear, peacadh Israel: tiucfuidh an droighion agus an foghbhannán súas ar a naltórachaibh; agus déaruid ris na sleibhtibh, Folchuidh sinn; agus ris na cnochaibh, Tuitigh oruinn.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 10:8
32 Tagairtí Cros  

Chualadar fuaim an Tiarna Dia agus é ag siúl sa ghairdín i bhfionnuaire an lae agus chuaigh an fear agus an bhean i bhfolach ón Tiarna Dia i measc na gcrann sa ghairdín.


Ar ordú an Tiarna rinne sé glao in aghaidh na haltóra: “A altóir, a altóir,” ar sé, “seo mar a deir an Tiarna: ‘Béarfar mac do theaghlach Dháiví, darbh ainm Ióisíá agus íobróidh sé ort sagairt na n‑ardionad a dhónn túis ort, agus dófaidh sé cnámha daoine ort.’ ”


Ar an gcaoi sin rinneadh teaghlach coiriúil de theaghlach Iarobám i dtreo gur scriosadh ar fad é de chlár na talún.


Tabharfaidh sé cúl le hIosrael de bharr na bpeacaí lenar pheacaigh Iarobám agus a thug sé ar Iosrael a dhéanamh.”


Agus maidir leis an altóir ag Béitéil, an t‑ardionad a thóg Iarobám mac Nabát an té a threoraigh Iosrael isteach sa pheaca, scartáil sé an altóir sin agus an t‑ardionad agus rinne sé smidiríní dá clocha; agus bhris ina smúit iad. Agus dhóigh sé an cuaille naofa.


Nuair a bhí sin go léir thart, d'imigh na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair go cathracha Iúdá agus bhris na colúin ina smidiríní, agus ghearr anuas na cuaillí naofa, agus leag siad anuas agus scrios siad na hardionaid agus na haltóirí go léir ar fud Iúdá agus Bhiniáimin, Eafráim agus Mhanaise. Ansin d'fhill na hIosraelaigh go léir go dtí a gcathracha, gach duine chun a ghabháltais féin.


Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig, isteach i bpluaiseanna an talaimh, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.


nuair a rachaidh sé a lorg dídine i ngága na gcarraig agus i scoilteanna na n‑ailteanna ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.


i ndiaidh dúiche mo mhuintire mar a bhfuil sceacha agus driseacha ag fás, i ndiaidh gach teach a raibh lúcháir ann sa chathair chaithréimeach.


Ina cuid pálás beidh sceacha ag fas, agus driseacha agus feochadáin ina dúnta; beidh sí ina huaimheanna ag madraí allta, mar áitreabh ag ulchabháin.


Croí dúbailte atá acu, ach tá siad ar tí a smachtaithe anois. Brisfidh an Tiarna a n‑altóirí, agus scriosfaidh sé a liagáin.


Tá eagla a n‑anama ar mhuintir na Samáire mar gheall ar lao Bhéit Ávan. Gan amhras beidh a phobal ag mairgneach faoi, agus a chuid sagart ag rince ina thimpeall, mar go bhfuil a ghlóir imithe uaidh.


Ó aimsir Ghibeá amach ní raibh Iosrael saor ó pheaca; níor éirigh siad as riamh! Nach i nGibeá a bhéarfaidh an cogadh orthu mar sin?


Ní bheidh trua agam dá clann, mar is clann striapachais iad.


Ar mhullaí na sléibhte ofrálann siad íobairtí, agus dónn siad túis ar na beanna faoin dair agus faoin stóracs agus faoin teiribint, mar gur taitneamhach a scáth. Is dá dheasca sin a théann bhur n‑iníonacha le striapachas, agus a dhéanann mná céile bhur mac adhaltranas.


Ach seachainse an mbeifeá féin ciontach, a Iosrael! Ná himígí go dtí Gilgeál, ná gabhaigí suas chun Béit Ávan, ná mionnaigí dar an Tiarna beo.


Séidigí an stoc i nGibeá, an buabhall i Rámá! Tógaigí gártha rabhaidh i mBéit Ávan. Músclaígí Biniáimin!


Diúltaím don lao sin leat, a Shamáir! Tá mo chuid feirge ar dearglasadh ina gcoinne - Cá fhad eile a bheidh an neamhchiontacht thar a n‑acmhainn?


Mar, féach, teithfidh siad leo ón léirscrios; cruinneoidh an Éigipt iad, agus tabharfaidh Meimfís adhlacadh dóibh. Beidh neantóga ina n‑oidhrí ar a n‑earraí luachmhara airgid, agus glacfaidh sceacha seilbh ar a scrínte.


brisfidh mé barraí gheata na Damaisce agus dítheoidh mé áitritheoirí Ghleann Áivin agus rialtóir Bhéit Eidin; agus rachaidh muintir na Síre ar deoraíocht go Cír, a deir an Tiarna.


An lá a smachtóidh mé Iosrael mar gheall ar a chionta, smachtóidh mé altóirí Bhéit Éil chomh maith: gearrfar adharca na haltóra anuas agus titfidh siad ar lár.


Creachfar áiteanna arda Íosác; bánófar sanctóirí Iosrael nuair a thabharfaidh mé ruathar ar theach Iarobám leis an gclaíomh.”


An dream a mhionnaíonn dar Aisioma na Samáire agus a deir: “Go maire do dhia, a Dhán!, go maire Cumhacht Bhéar Seaba!”, titfidh siad seo uile agus ní éireoidh siad arís go brách.


Cuirigí na capaill mheara faoi na carbaid, a áitritheoirí Láicís! (Is é seo an chéad pheaca a rinne iníon Shíón; óir bhí cionta Iosrael le fáil ionatsa.)


De dheasca choir Iacóib is ea a tharlaíonn sé seo go léir de dheasca pheaca theaghlach Iosrael. Agus céard é coir Iacóib? Nach í an tSamáir í? Agus céard é peaca theaghlach Iúdá? Nach í Iarúsailéim í?


Cuirfear thusa ar meisce freisin agus beidh tú ar mearbhall céille. Caithfidh tusa tearmann a lorg ón namhaid chomh maith.


Ansin tosóidh siad ag rá leis na sléibhte: ‘Titigí orainn!’ agus leis na cnoic: ‘Folaigí sinn!’


Ansin thóg mé an saothar peaca, an lao a bhí déanta agaibh, agus rinne mé é a loscadh agus a bhriseadh ina smidiríní, agus a mheilt ina luaithreach mín, agus a luaithreach a chaitheamh sa sruthán a shníonn ón sliabh anuas.


agus iad á rá leis na cnoic agus leis na carraigeacha: “Titigí orainn agus folaigí sinn ar ghnúis an té atá ina shuí sa ríchathaoir agus ar fhearg an Uain;


Sna laethanta úd beidh daoine ar lorg an bháis ach gan é a fháil, agus ag tnúth le bás a fháil, ach éalóidh an bás uathu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí