Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 10:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Croí dúbailte atá acu, ach tá siad ar tí a smachtaithe anois. Brisfidh an Tiarna a n‑altóirí, agus scriosfaidh sé a liagáin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Atá a ccroidhe roinnte; anois do gheabhthar ciontach íad: brisfidh sé síos a naltóra, millfidh sé a níomháighe.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 10:2
24 Tagairtí Cros  

Shiúil Éilias amach os comhair an phobail go léir agus dúirt: “Cá fhad atá sé ar intinn agaibh a bheith ag bacadhradh, seal ar leathchois amháin, agus seal ar an gceann eile? Más é an Tiarna is Dia ann, leanaigí é, más é Bál, leanaigí eisean.” Ní raibh focal as an bpobal.


Ná sléacht dá ndéithe, ná fónamh dóibh, ná déanamh mar iad, ach scrios ar fad iad agus bris a ngalláin ina smidiríní.


Saothraíonn an t‑urchóideach beatha bhaoth; an té a shíolann an fhíréantacht beidh fómhar teann aige.


Níl eolas ná tuiscint ag a leithéidí. Tá a súile dúnta sa chaoi nach bhfeiceann siad, agus a gcroí sa chaoi nach dtuigeann.


Brisfidh sé oibilisc Theampall na Gréine ag On agus dófaidh go talamh teampaill dhéithe na hÉigipte.’ ”


ionas go meallfaidh mé chugam na croíthe de mhuintir Iosrael go léir a thug cúl liom ar son a n‑íol.


Labhróidh mé leis na fáithe, agus tabharfaidh mé a lán físeanna dóibh; trí bhíthin na bhfáithe labhróidh mé parabail.


Mar ar feadh mórán laethanta fágfar clann Iosrael gan rí, gan flaith, gan íobairt, gan liagán, gan éafód, gan íola tí.


Tá Eafráim ag déanamh caidrimh leis na náisiúin; is cosúil le císte nár iompaíodh é.


Scriosfaidh mé bhur n‑áiteanna arda agus smiotfaidh mé bhur n‑altóirí túise. Déanfaidh mé carnáil bhur marbh a chaitheamh ar charnáil bhur n‑íol marbh; beidh an ghráin ag m'anam oraibh.


Stoithfidh mé do chuaillí naofa aníos as an talamh agus treascróidh mé do chuid íomhánna cloch.


iad siúd a shléachtann roimh réaltaí neimhe ar dhíonta na dtithe agus na daoine freisin a shléachtann roimh an Tiarna ach a mhionnaíonn dar Miolcom


“Ar an lá sin, a deir Tiarna na Slua, scriosfaidh mé ainmneacha na n‑íol den tír agus ní chuimhneofar orthu a thuilleadh. Mar an gcéanna díbreoidh mé na fáithe agus gach claonadh chun na neamhghlaine as an tír.


“Ní féidir do dhuine ar bith dhá mháistir a riaradh; óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t‑airgead.


Ní féidir do sclábha ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuim den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t‑airgead.”


an fear atá idir dhá chomhairle, agus atá neamhsheasmhach ar gach uile bhealach, dada ó Dhia.


A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin.


Ná bígí i ngean ar an saol ná ar éadáil an tsaoil. Más áil le duine an saol níl grá an Athar ann.


Ach nuair a d'éiríodar go moch lá arna mhárach, ba shiúd é Dágón béal faoi arís ar an urlár os comhair áirc an Tiarna, agus ceann Dhágón agus a dhá láimh briste de agus caite ar an tairseach; ní raibh fágtha de ach cabhail Dhágón.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí