Agus an seirbhíseach úd gan aird, caitear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’
Filéamón 1:11 - An Bíobla Naofa 1981 Ba bheag an chabhair duitse tráth é ach is fóinteach duitse agus domsa anois é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) (a bhí roimhe seo éadairbheach duitse, ach atá anois lántairbheach don bheirt againn.) Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) do bhí gan tairbhe dhuit tamall ó shoin, acht atá tairbheach dúinne araon anois. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An tí do bhí ar úairibh neamhtharbhach dhuit, achd a nois atá ró-tharbhach dhuitse agus damhsa: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ba bheag an chabhair duit-se tráth é ach is fóinteach duit-se agus dom-sa anois é. |
Agus an seirbhíseach úd gan aird, caitear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’
óir bhí an mac seo agam marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ Agus thosaigh siad ag déanamh aoibhnis.
ach bhí sé ceart aoibhneas a dhéanamh agus áthas, óir bhí an deartháir seo agat marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ ”
Amhlaidh sin daoibhse; nuair a bhíonn gach a raibh ordaithe daoibh déanta agaibh, abraigí: ‘Is seirbhísigh gan aird sinn: níl déanta againn ach an méid a bhí d'fhiacha orainn a dhéanamh.’ ”
Tá siad uile imithe ar seachrán agus chun fáin le chéile. Níl oiread agus aon duine amháin a dhéanann an mhaith.
Níl i mo theannta anois ach Lúcás. Faighse Marcas agus beir leat é, mar ba mhór an chabhair dom é i mo ghnó.
tá achainí le hiarraidh agam ort ar son Onaesamas, ar son an mhic úd agam a ghineas i ngéibheann.
Níor phobal sibh tráth, ach anois is pobal Dé sibh; níor bhain a thrócaire libh tráth, ach anois tá bainte aici libh.