Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 4:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Níl i mo theannta anois ach Lúcás. Faighse Marcas agus beir leat é, mar ba mhór an chabhair dom é i mo ghnó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Níl fágtha agam ach Lúcás amháin. Faigh Marcas agus tabhair leat é; ós maith a dhéanas sé timireacht orm.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Ní fhuil im’ fhochair acht Lúcás amháin. Beir leat Marcus, agus tabhair i n‐éinfheacht leat é: óir atá sé tairbheach dom le h‐aghaidh mo mhiniostrálachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Atá Lucás na áonar um fhochair. Ar mbreith dhuit ar Mhárcuis, tabhair leachd é: óir as ro shocrach dhámhsa é chum miniosdrálachda.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Níl i mo theannta anois ach Lúcás. Faighse Marcas agus beir leat é, mar ba mhór an chabhair dom é i mo ghnó.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 4:11
15 Tagairtí Cros  

Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír, ná ní rachaimid i muinín eachra; go deo arís ní chanfaimid: “A Dhia linn” do dhéantús ár lámh; (óir is tú a ghlacann trua don dílleachta).


“Beidh mórán dá bhfuil ar tosach ar deireadh agus dá bhfuil ar deireadh ar tosach.


Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.”


Agus féach, tá daoine ar deireadh a bheidh ar tosach, agus tá daoine ar tosach a bheidh ar deireadh!”


Nuair a tuigeadh an méid sin dó, chuaigh sé go dtí teach Mháire, máthair Eoin dar chomhainm Marcas, mar a raibh slua mór bailithe agus iad ag déanamh urnaí.


Tar éis dóibh a misean a chur i gcríoch d'fhill Barnabas agus Sól [ó] Iarúsailéim agus thug siad Eoin Marcas leo.


Ba mhian le Barnabas Eoin dá ngoirtí Marcas a thabhairt leo freisin,


Tharla aighneas eatarthu agus scar siad le chéile: thóg Barnabas Marcas leis agus chuaigh ar bord loinge go dtí an Chipir;


Ní túisce a chonaic sé an aisling ná chuireamar faoi réir le dul go dtí an Mhacadóin mar gur thuigeamar as go raibh glaoite ag Dia orainn chun an dea-scéal a fhógairt ann dóibh.


Cuireann mo chomhchime, Arastarchas, a bheannacht chugaibh agus Marcas, col ceathrar Bharnabas, chomh maith. Fuair sibh treoracha uaim cheana féin faoi Mharcas agus fáiltígí roimhe má thagann sé.


Cuireann an dochtúir lách, Lúcás, agus Déamas, a mbeannacht chugaibh mar an gcéanna.


Tá a fhios agat é seo, gur thréig a bhfuil san Áise mé, agus Figealas agus Hearmaganaes san áireamh.


Dá bhrí sin, má ghlanann duine é féin ón táire sin, beidh sé ina árthach a bhfuil feidhm uasal leis; beidh sé naofa agus fóinteach dá mháistir agus é réidh chun gach dea-ghníomh a dhéanamh.


Marcas, Arastarachas, Déamas agus Lúcás mar an gcéanna.


Í siúd atá sa Bhablóin, agus a toghadh faoi mar a toghadh sibhse, beannaíonn sí daoibh, rud a dhéanann Marcas mo mhac chomh maith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí