Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 4:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Mar thit Déamas i ngrá leis an saol seo, thréig sé mé agus d'imigh leis go Teasaloinicé. D'imigh Créiscéas go Galait agus Títeas go Dalmait.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Ó tá Démas, a thug grá don saol seo, i ndiaidh mo thréigean le Tesaloníca a thabhairt air féin; dʼimigh Crescens go Galátia, agus Titus go Dalmatia.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 óir do thréig Démas mé tré ghrádh do’n tsaoghal láithreach so, agus atá sé imthighthe go Tesaloníca; atá Crescens imthighthe go Galátia, agus Títus go Dalmátia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Oír do thréigh Démas mé, ar dtábhairt ghrádha don tsáoghalsa a láthair, agus do imthigh sé go Tessalonica; Crescens go Galátia, Titus go Dalmátia.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Mar thit Déamas i ngrá leis an saol seo, thréig sé mé agus dʼimigh leis go Teasaloinicé. Dʼimigh Créiscéas go dtí an Ghaláit agus Títeas go dtí an Dalmáit.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 4:10
32 Tagairtí Cros  

Agus duine ar bith a labhróidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é. Ach duine ar bith a labhróidh in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann sa saol seo ná sa saol atá le teacht.


Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí scrioptúir na bhfáithe. Ansin thug na deisceabail uile a gcúl leis agus theith siad.


A dhála sin díreach, gach duine agaibhse nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.


Ní féidir do sclábha ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuim den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t‑airgead.”


Cuimhnígí ar mhnaoi Lót!


Chuaigh Pól agus a bhuíon chun farraige ó Phafos agus tháinig siad go Peirgé i bPaimfile. D'fhág Eoin ansin iad agus chuaigh ar ais go Iarúsailéim.


ach bhí Pól á éileamh gan an fear seo, a thréig iad i bPaimfile in ionad dul i mbun oibre leo, a thabhairt leo mar chompánach.


Ghabh siad trí dhúiche Fhrigia agus Ghalaite ach ní ligfeadh an Spiorad Naomh dóibh an dea-scéal a fhógairt san Áise.


Thaistil siad Aimfipioil agus Apollóinia agus tháinig go Teasaloinicé, áit a raibh sionagóg leis na Giúdaigh.


Bhí na Giúdaigh seo ní ba leathanaigeanta ná Giúdaigh Theasaloinicé. Ghlac siad an briathar go fonnmhar agus bhídís gach lá ag cíoradh na scrioptúr féachaint an raibh an scéal mar a dúradh.


Ach nuair a chuala Giúdaigh Theasaloinicé go raibh briathar Dé fógartha i mBearóia freisin ag Pól, tháinig siad i leith ag suaitheadh agus ag corraí an daoscarshlua.


Tar éis dó tamall aimsire a thabhairt ann, ghluais sé chun siúil agus i ndiaidh a chéile thaistil sé dúiche Ghalaite agus Fhrigia ag treisiú leis na deisceabail go léir.


mar sin féin ní raibh aon suaimhneas ar m'anam nuair nach bhfuair mé mo bhráthair Títeas ann romham. D'fhág mé slán acu dá bhrí sin agus d'imigh liom go dtí an Mhacadóin.


Ach an Dia a thugann sólás do na huirísle, thug sé sólás dúinne nuair a tháinig Títeas ar an láthair.


Míle buíochas le Dia a chuir an díograis chéanna chun cabhraithe libh i gcroí Thíteas.


Maidir le Títeas, is páirtí liom féin é agus cúntóir chun freastail oraibhse. Agus i dtaca lenár mbráithre de, is teachtaí ó na heaglaisí iad agus is creidiúint iad do Chríost.


Sin é an fáth gur mholamar do Thíteas an gnó carthanachta seo a thabhairt chun críche in bhur measc ó ba é a chuir tús leis.


Táim féin agus a bhfuil i mo theannta de na bráithre ag cur ár mbeannachta chuig eaglaisí na Galaite.


Mar is iad a gcúrsaí féin agus ní hiad cúrsaí Íosa Críost is cás leis an gcuid eile ar fad.


Dúil san airgead is bun do gach olc, agus le barr dúile ann tá daoine áirithe imithe ar fán ón gcreideamh agus is iomaí arraing atá curtha trína gcroí féin acu.


Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as.


Tá a fhios agat é seo, gur thréig a bhfuil san Áise mé, agus Figealas agus Hearmaganaes san áireamh.


Ag plé mo chúise dom don chéad uair ní raibh duine ar bith a sheas ceart dom; thréig an uile dhuine mé. Nár agraí Dia orthu é.


Guím grásta agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár Slánaitheoir Críost Íosa ar Thíteas, mo mhac dílis sa chreideamh atá i bpáirt againn.


Marcas, Arastarachas, Déamas agus Lúcás mar an gcéanna.


Thréig siad an bealach díreach agus chuaigh siad ar seachrán; lean siad bealach Bhalám ó Bhosor, a bhí ceanúil ar bhrabús an oilc;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí