Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Filéamón 1:1 - An Bíobla Naofa 1981

Mise Pól, géibheannach ar son Íosa Críost, agus an bráthair Tiomóid, beannaímid dár gcara agus dár gcomhoibrí Filéamón,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Mise Pól atá i mo bhraighdeanach ar son Íosa an Críost, agus Timótéus ár mbráthair, Chugat a Philémóin ár gcomhoibrí ionúin

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Pól, príosúnach ar son Íosa Críost, agus Timóteus ár mbráthair, chum Filéamóin, cara ionmhain agus cómh‐oibridhe linn,

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Pol, priosúnach Iósa Críosd, agus an dearbhrathair Timoteus chum Philémoín ionmhuin, agus ar bhfear cabhartha,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Mise Pól, géibheannach ar son Íosa Críost, agus an bráthair Tiomóid, beannaímid dár gcara agus dár gcomhoibrí Filéamón,

Féach an chaibidil



Filéamón 1:1
18 Tagairtí Cros  

Lean sé air go Deirbé agus as sin go Liostra. Bhí deisceabal ansiúd darbh ainm Tiomóid. Giúdach ab ea a mháthair agus í tar éis iompú chun an chreidimh agus Gréagach ba ea an t‑athair.


Comhoibrithe le Dia atá ionainne agus gort Dé, foirgneamh Dé, is ea sibhse.


Mise Pól, aspal le hÍosa Críost de dheonú Dé, agus an bráthair Tiomóid. Beannaímid d'eaglais Dé i gCorant agus dá bhfuil de naoimh in Acháia ar fad.


mar is mac do Dhia gach uile dhuine agaibh de bharr bhur gcreidimh in Íosa Críost.


Sin é an fáth a bhfuilimse, Pól, agus mé i mo ghéibheannach ag Críost Íosa mar gheall oraibhse, gintlithe -


Táim ag impí oraibh, dá bhrí sin, agus mé i mo ghéibheannach ag an Tiarna, bhur saol a thabhairt go cuí de réir na gairme atá faighte agaibh


an dea-scéal a bhfuilimse i mo thoscaire air agus mé faoi ghlas féin; guígí go ndéanfaidh mé é a fhógairt chomh dána agus is cóir.


Pól agus Tiomóid, seirbhísigh Íosa Críost, ag beannú don phobal naofa uile i bhFilipí atá aontaithe le hÍosa Críost, agus dá gcuid uachtarán agus cúntóirí.


Measaim, áfach, nach mór dom mo bhráthair Eapafraidíteas a chur chugaibh. Is comhoibrí agus comhthrodaí liom é agus is sibhse féin a sheol chugam ina theachta é chun riar mo cháis a sholáthar dom.


agus iarraim ortsa, a pháirtí dhil, lámh chúnta a thabhairt dóibh mar gur sheas siad gualainn ar ghualainn liomsa ag cosaint an dea-scéil, mar aon le Cléimins agus leis na cúntóirí eile agam a bhfuil a n‑ainmneacha scríofa i leabhar na beatha.


Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé, agus an bráthair Tiomóid -


Cuireann Íosa, dá ngairtear Iústas, a bheannacht chugaibh freisin. Sin iad na haon daoine de lucht an timpeallghearrtha atá ag cabhrú liom chun ríocht Dé a leathadh agus is sólás dom iad.


agus sheolamar chugaibhse ar mbráthair Tiomóid, fear atá ina chúntóir ag Dia i bhfógairt dea-scéal Chríost. Sheolamar chugaibh é chun sibh a dhaingniú agus a neartú in bhur gcreideamh,


Pól agus Silveánas agus Tiomóid ag beannú d'eaglais na dTeasalónach i nDia ár nAthair agus sa Tiarna Íosa Críost.


Ná bíodh aon náire ort, dá bhrí sin, fianaise a thabhairt ar ár dTiarna agus ná bíodh aon náire ort fúmsa atá i mo phríosúnach ar a shon. Ní hea, ach fulaingse cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais atá faighte agat ó Dhia.


Cuireann Eipeafras, mo chomhghéibheannach i gCríost Íosa, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhoibrithe


Marcas, Arastarachas, Déamas agus Lúcás mar an gcéanna.


is fearr liom as ucht an mhuintearais é a iarraidh d'achainí ort - mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost,