Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Filipigh 4:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 agus iarraim ortsa, a pháirtí dhil, lámh chúnta a thabhairt dóibh mar gur sheas siad gualainn ar ghualainn liomsa ag cosaint an dea-scéil, mar aon le Cléimins agus leis na cúntóirí eile agam a bhfuil a n‑ainmneacha scríofa i leabhar na beatha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus impí uaim ortsa, a chomhoibritheoir dhílis na haon chuinge liom, cuidiú leis na mná seo, ós iad a bhíodh ag saothrú amach an tsoiscéil taobh le taobh le chéile agus liomsa agus le Clement agus le mo chomhoibritheoirí eile, a bhfuil a n-ainmneacha ar leabhar na beatha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus impidhim ort‐sa, a chomrádaidhe dhil, congnamh do thabhairt do na mnáibh úd, óir do shaothruigheadar san tsoiscéal i n‐éinfheacht liom‐sa, i n‐éinfheacht le Clément, leis, agus leis an gcuid eile dem’ chómh‐oibrightheoiribh, go bhfuil a n‐ainmneacha thíos i leabhar na beathadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus sírim dathchuinge ortsa, mar an gcéudna, a chompanuigh charthanaigh, cungnamh ris na mnáibh noch do rinne díthchioll maille riomsa sa tsoisgéul, agus fós maille ré Clemens, agus ris an gcuid eile dom luchd cabhartha, agá bhfuilid a nanmanna a leabhar na beatha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 agus iarraim ort-sa, a pháirtí dhil, lámh chúnta a thabhairt dóibh mar gur sheas siad gualainn ar ghualainn liom-sa ag cosaint an dea-scéil, mar aon le Cléimeans agus leis na cúntóirí eile agam a bhfuil a n-ainmneacha scríofa i leabhar na beatha.

Féach an chaibidil Cóip




Filipigh 4:3
28 Tagairtí Cros  

Cuir urchóid i gcionn a n‑urchóide, agus nár thaga siad choíche chun d'fhíréantachta.


Ach anois dá mba áil leat an peaca seo dá gcuid a mhaitheamh...! Ach mura ndéanann tú, ansin, impím ort, scrios mise as an leabhar atá scríofa agat.”


An dream a mhairfidh de Shíón, fuíoll áir Iarúsailéim tabharfar naoimh orthu uile agus clárófar ar rolla na beatha iad in Iarúsailéim.


Sínfidh mé mo lámh i gcoinne fáithe na bhfíseanna baotha agus na dtairngreachtaí bréige. Ní bheidh áit acu ar ardchomhairle mo phobail, ní chlárófar iad ar rolla mhuintir Iosrael, ní leagfaidh siad cos ar thalamh Iosrael, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna Dia.


Ach, ná bígí ag déanamh áthais faoi na spioraid a bheith faoi bhur smacht, ach déanaigí áthas faoi bhur n‑ainmneacha a bheith scríofa sna flaithis.”


Ar an ábhar sin, a bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n‑íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n‑adhradh spioradálta.


Beannaígí do Thrufaena agus do Thrufósa, beirt atá ag saothrú ar son an Tiarna. Beannaígí do Pheirsis ionúin, bean a shaothraigh go dian ar son an Tiarna.


Beannaígí d'Urbán ár gcomhoibrí i seirbhís Chríost, agus do mo chara ionúin Stáchas.


Ba mhaith liom é seo a chur in iúl daoibh, a bhráithre: an cor atá ormsa gurb amhlaidh a chuidigh sé leis an dea-scéal a chur chun cinn


Is le neart grá dom atá siadsan ag obair mar go dtuigeann siad gur ag cosaint an dea-scéil atáim ceaptha.


Ní mór daoibh, áfach, bhur saol a thabhairt go fiúntach de réir dea-scéal Chríost. Sa tslí sin, cibé acu a thagaim do bhur bhfeiceáil nó a bheidh mé i bhfad uaibh, beidh sé le clos agam in bhur dtaobh go bhfuil sibh ag seasamh an fhóid san aon spiorad agus ag troid gualainn ar ghualainn d'aontoil ar son chreideamh an dea-scéil,


mar gheall ar an bpáirt a bhí agaibh sa dea-scéal ón gcéad lá riamh go dtí inniu.


Is maith is ceart dom an aigne seo a bheith agam in bhur dtaobh go léir, de bhrí go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam agus a rá go bhfuil sibh go léir rannpháirteach sa ghrásta a bhronn Dia orm, cibé acu a bhím i gcuibhreacha nó ag cosaint agus ag daingniú an dea-scéil.


Impím ar Euoidia agus ar Shinticé teacht chun muintearais le chéile sa Tiarna;


Is é múinteoir a bhí agaibh ár gcomhsclábha ionúin féin, Eipeafras, searbhónta dílis do Chríost agus fear ionaid dúinne;


Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.


“An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagan agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus iad siúd d'áitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht.


Agus chonaic mé na mairbh, idir mhór is mhion, ina seasamh os comhair na ríchathaoireach. Agus osclaíodh na leabhair, agus osclaíodh leabhar eile, leabhar na beatha is é sin. Agus tugadh breith ar na mairbh óna raibh scríofa sna leabhair, de réir a n‑oibreacha.


Agus má bhí aon duine nach bhfuarthas a ainm i leabhar na beatha teilgeadh é sa linn tine.


Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.


An té a bheireann bua beidh sé gléasta mar sin in éidí geala, agus ní scriosfaidh mé a ainm as leabhar na beatha, agus admhóidh mé a ainm os comhair m'athar agus os comhair a aingeal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí