Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Títeas 3:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Cuireann a bhfuil anseo liom a mbeannacht chugat. Beannaigh dóibh sin a thugann grá dúinn sa chreideamh. Grásta go raibh agaibh go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Tá a bhfuil anseo agam ag beannú duit. Beannaigh dár gcairde sa chreideamh. Grásta Dé agaibh uile go léir.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Beannuigheann a bhfuil im’ fhochair duit. Beannuigh‐se d’á bhfuil grádh aca dhúinn san gcreideamh. Grása go raibh libh go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Cuirid a bhfuil um fhochairse uile a mbeannachd chugad. Teann riot an mhéid ghrádhuigheas sinne sa gcreideamh. Grása maille ribh uile. Amen.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Cuireann a bhfuil anseo liom a mbeannacht chugat. Beannaigh dóibh sin a thugann grá dúinn sa chreideamh. Grásta go raibh agaibh go léir.

Féach an chaibidil Cóip




Títeas 3:15
14 Tagairtí Cros  

Agus mura mbeannaíonn sibh ach do bhur mbráithre amháin, an ndéanann sibh aon ní thar na bearta? Nach ndéanann na págánaigh féin an rud céanna?


Tá a fhios agaibh féin gurb iad na lámha seo a choinnigh riar ár gcáis liom féin agus le mo chompánaigh.


Grásta an Tiarna Íosa libh


Mar in Íosa Críost is cuma an timpeallghearradh ann nó as, ach an creideamh a oibríonn trí ghrá.


Beannacht oraibh faoi mo láimh féin - Pól. Ná déanaigí dearmad ar mo shlabhraí. Grásta go raibh agaibh.


Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár dTiarna Íosa Críost ar Thiomóid mo mhac dílis sa chreideamh.


Níl de chuspóir ag an bhfoláireamh seo ach an grá a mhúscailt a thagann as an gcroí glan, as an gcoinsias maith agus as an gcreideamh gan chluain.


Go raibh an Tiarna Íosa leat. Grásta go raibh agaibh.


Mar tá iomrá á chlos agam ar an gcreideamh agus ar an ngrá atá agat i leith an Tiarna Íosa agus an phobail naofa uile.


Go raibh grásta Dé agaibh go léir. Amen.


Ón Seanóir do Gháias ionúin a bhfuil fíorghrá agam dó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí