Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Filipigh 1:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Pól agus Tiomóid, seirbhísigh Íosa Críost, ag beannú don phobal naofa uile i bhFilipí atá aontaithe le hÍosa Críost, agus dá gcuid uachtarán agus cúntóirí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Pól agus Timótéus agus Silbhánus, a bhíos ina seirbhísigh ag Íosa Críost, Ag beannú do na daoine i bhFilipí atá ina naoimh in Íosa Críost, agus do na heaspaig agus do na déagánaigh:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Pól agus Timóteus, seirbhísigh Íosa Críost, chum na naomh uile i nÍosa Críost atá i bhFilipí, maille leis na h‐easbogaibh agus leis na deochanaibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Pol agus Timotéus, searbhfhoghantuighidh Iósa Críosd, chum na nuile náomh a Niósa Críosd nach atá a Bhfilippi, maille ris na heasbuguibh agus ris na deacanuibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Pól agus Tiomóid, seirbhísigh Íosa Críost, ag beannú don phobal naofa uile i bhFilipe atá aontaithe le hÍosa Críost, agus dá gcuid uachtarán agus cúntóirí.

Féach an chaibidil Cóip




Filipigh 1:1
48 Tagairtí Cros  

Is é dála duine é a d'fhág a theach agus a d'imigh ar an gcoigríoch; thug sé an t‑údarás dá sclábhaithe, gach duine díobh i mbun a chúraim féin; agus d'ordaigh sé don doirseoir faire a dhéanamh.


Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, leanadh sé mé, agus an áit ina mbímse, is ann a bheidh mo fhriothálaí chomh maith. Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, tabharfaidh m'Athair onóir dó.


“Mar atá scríofa i leabhar na Salm: ‘Go raibh a áitreabh ina fhásach, agus gan aoinneach ina chónaí ann.’ Agus: ‘Tógadh duine eile a fheidhmeannas.’


Tugaigí aire daoibh féin mar sin agus don tréad ar fad a bhfuil sibh ceaptha in bhur maoir air ag an Spiorad Naomh chun bheith in bhur n‑aoirí ar an Eaglais a cheannaigh sé dó féin lena chuid fola.”


Ach d'fhreagair Anainias: “A Thiarna, chuala mé iomrá ar an bhfear seo óna lán daoine agus ar a bhfuil d'olc déanta aige ar an bpobal naofa in Iarúsailéim,


Mise Pól, searbhónta Íosa Críost, a bhfuil glaoite air chun bheith ina aspal agus atá dealaithe amach chun dea-scéal Dé.


Chugaibhse go léir sa Róimh, más ea, a bhfuil grá ag Dia daoibh agus a bhfuil glaoite oraibh chun bheith in bhur bpobal naofa aige, guím grásta agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.


Má thagann Tiomóid féachaigí chuige go gcuirfidh sibh ar a shuaimhneas é in bhur measc mar is é obair an Tiarna atá sé a dhéanamh ar mo dhála féin.


Mise Pól, aspal le hÍosa Críost de dheonú Dé, agus an bráthair Tiomóid. Beannaímid d'eaglais Dé i gCorant agus dá bhfuil de naoimh in Acháia ar fad.


Cé atáim ag iarraidh a mhealladh chugam anois, daoine nó Dia? An daoine a shásamh is mian liom? Dá mba daoine a bhí mé ag iarraidh a shásamh, ní i mo sclábha ag Críost a bheinn.


mar is mac do Dhia gach uile dhuine agaibh de bharr bhur gcreidimh in Íosa Críost.


Níl Giúdach ná Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann; is aon sibh uile i gCríost Íosa.


Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé ag beannú do na naoimh (in Eifeasas) atá dílis i gCríost.


Sin é an fáth, ón uair a chuala mé iomrá ar an gcreideamh atá agaibhse sa Tiarna Íosa agus ar an ngrá atá agaibh do na naoimh go léir,


Go raibh grásta ar chách a bheir grá buanmharthanach dár dTiarna Íosa Críost.


Tá súil agam, le toil an Tiarna Íosa, nach fada go gcuirfidh mé Tiomóid chugaibh le hionchas go gcuirfeadh bhur dtuairisc éirí croí orm.


Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost:


Ní hé go bhfuil mo chuspóir bainte amach agam go fóill ná go bhfuilim tagtha chun foirfeachta go fóill; ach leanaim orm ag iarraidh an duais a bhreith liom mar go bhfuil beirthe orm féin ag Íosa Críost.


Is againne atá an fíorthimpeallghearradh mar is faoi anáil an Spioraid a adhraímid Dia agus is as Íosa Críost atá ár maíomh in ionad dul i muinín na colainne,


Agus ní hé sin amháin é ach áirím gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. Ar mhaithe leis sin ligeas an t‑iomlán ar ceal, agus tuigtear dom nach raibh ann ach truflais, le go ndéanfainn Críost a ghnóthú


Pól agus Silveánas agus Tiomóid ag beannú d'eaglais na dTeasalónach, i nDia an tAthair agus sa Tiarna Íosa Críost. Grásta chugaibh agus síocháin.


Bhí drochíde agus tarcaisne faighte i bhFilipí againn roimhe sin, mar is eol daoibh, ach fuaireamar de mhisneach ó Dhia a dhea-scéal a fhógairt daoibhse d'ainneoin fhreasúra láidir.


Pól agus Silveánas agus Tiomóid ag beannú d'eaglais na dTeasalónach i nDia ár nAthair agus sa Tiarna Íosa Críost.


an lá úd nuair a thiocfaidh sé chun bheith faoi ghradam i measc a phobail naofa agus faoi mheas ag a gcreideann ann mar gur creideadh an fhianaise a thugamarna daoibh.


Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár dTiarna Íosa Críost ar Thiomóid mo mhac dílis sa chreideamh.


Na déagánaigh mar an gcéanna, ní mór dóibh bheith ina ndaoine creidiúnacha agus gan bheith ina dteanga liom leat ná tugtha don ól, gan súil go suarach ar an mbreis acu


Mise Pól, seirbhíseach do Dhia agus aspal le hÍosa Críost agus é mar fheidhm agam an creideamh a thabhairt dóibh sin atá tofa ag Dia agus iad a chur ar eolas na fírinne a sheolann chun na cráifeachta iad


Mar, ós maor do Dhia an t‑uachtarán ní mór dó bheith gan locht, gan bheith ceanndána ná taghdach ná óltach ná achrannach ná amplach,


Mise Pól, géibheannach ar son Íosa Críost, agus an bráthair Tiomóid, beannaímid dár gcara agus dár gcomhoibrí Filéamón,


Bíodh a fhios agaibh gur scaoileadh ár mbráthair, Tiomóid, as príosún. Má thagann sé chugam in am, beidh sé in éineacht liom nuair a fheicfidh mé sibh.


Séamas seirbhíseach Dé agus an Tiarna Íosa Críost chuig an dá threibh dhéag atá ar deoraíocht. Go mbeannaí Dia daoibh.


Bhí sibh mar chaoirigh ar seachrán, ach tá fillte ar ais agaibh ar aoire agus ar chaomhnóir bhur n‑anama.


Síomón Peadar, seirbhíseach agus aspal le hÍosa Críost, do chách a fuair creideamh ar chomhchéim linne i bhfíréantacht ár nDé agus ár Slánaitheora, Íosa Críost.


Iúd, seirbhíseach lenár dTiarna Íosa Críost, agus deartháir Shéamais, chucu siúd atá glaoite, a bhfuil grá dóibh i nDia an tAthair, agus atá á gcaomhnú d'Íosa Críost.


Is é seo apacailipsis Íosa Críost a thug Dia dó chun go dtaispeánfadh sé dá sheirbhísigh cad iad na nithe nach foláir a theacht gan mhoill; sheol sé a aingeal uaidh agus chuir in iúl é d'Eoin a sheirbhíseach;


Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheasláimh, agus na seacht gcoinnleoirí óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n‑eaglaisí, agus is iad na seacht gcoinnleoirí na seacht n‑eaglaisí.


Agus chaith mé mé féin ag a chosa á adhradh. Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh. Óir is ionann spiorad na fáidheoireachta agus fianaise Íosa.”


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bPeargamas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil an claíomh géar dhá fhaobhar aige:


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Smiorna: ‘Mar seo a deir an té atá ar tosach agus ar deireadh, an té ba mharbh agus ar tháinig anam ann:


Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre, na fáithe, agus leis na daoine a choinníonn briathra an leabhair seo. Déan Dia a adhradh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí