Las Iacób le fearg in aghaidh Ráchael agus dúirt sé: “An bhfuilimse in áit Dé? Eisean a dhiúltaigh toradh ar do bhroinn.”
2 Ríthe 5:7 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a léigh rí Iosrael an litir, stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: “An dia mise, údar báis agus beatha, agus a rá gur iarr an fear seo orm duine a leigheas óna lobhra? Éist leis seo agus tabhair é faoi deara agus feicfidh tú gur ag iarraidh achrann a adhaint liom atá sé.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla, a nuáir do léigh rígh Israel an litir, gur bhris sé a eádach, agus go ndubhairt, An Día misi, do mharbhadh agus do dhéanamh beó, as a ccuirionn an fearso chugam do shlánughadh duine óna lubhra? ar a nadhbharsin guidhim sibh, meusuidh, agus féuchuidh ciondus íarruis sé cionfátha chugam. |
Las Iacób le fearg in aghaidh Ráchael agus dúirt sé: “An bhfuilimse in áit Dé? Eisean a dhiúltaigh toradh ar do bhroinn.”
Nuair a d'fhill Reúbaen chun an phoill agus nach raibh tásc ná tuairisc ar Iósaef sa pholl, stróic sé a chuid éadaigh
Ansin rug Dáiví ar a chuid éadaigh agus stróic sé iad. Na fir go léir a bhí ina chuideachta, rinne siad an rud céanna.
Chuir rí Iosrael tionól ar sheanóirí uile na tíre agus dúirt: “Is léir daoibh anois mar atá an fear seo ag adhaint trioblóide; chuir sé fios ar mo mhná agus ar mo leanaí, ar mo chuid airgid agus óir, agus níor dhiúltaigh mé dó.”
Nuair a chonaic sí an rí ina sheasamh ansin [ar an ardán], mar ba nós, agus na ceannfoirt agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: “Feall! Feall!”
Ansin chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf, an callaire, go Hiziciá agus a n‑éidí stróicthe, agus d'inis dó céard a dúirt an príomhchornaire.
Thug sé an litir chun rí Iosrael. Dúradh inti: “Nuair a gheobhaidh tú an litir seo, bíodh a fhios agat gur chuir mé Námán, mo shearbhónta, ag triall ort, chun go leigheasfá ón lobhra é.”
Thairis sin, ní raibh eagla orthu, níor réab siad a n‑éadaí, an rí ná aon duine dá mhuintir dár chuala na briathra seo uile.
“Téanaigí, fillimis ar an Tiarna. Eisean a stróic sinn, eisean a leigheasfaidh sinn; Eisean a thug léasadh dúinn ach cneasóidh sé ár gcneácha.
Iósua mac Nún agus Cálaeb mac Iafuna, beirt de lucht braite na tíre, stróic siad a n‑éadaí,
Leis sin, stróic an t‑ardsagart a chuid éadaigh: “Tá diamhasla déanta aige!” ar seisean; “cad is gá dúinn a thuilleadh finnéithe? Sin anois an diamhasla cloiste agaibh.
Nuair a d'airigh na haspail, Pól agus Barnabas, é, stróic siad a gcuid éadaigh agus rith siad amach faoi dhéin an tslua agus iad ag liúireach:
Dá mbeidís eagnaí, thuigfidís é seo, bheadh léamh acu ar an gcríoch atá i ndán dóibh.
Féach anois, gur mise É, mise féin agus níl aon dia eile ann ach mé. Is mé údar an bháis agus údar na beatha Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann (agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).
Tugann an Tiarna beatha agus bás. Seolann sé daoine síos go Seol agus iompraíonn daoine aníos;