2 Ríthe 11:14 - An Bíobla Naofa 198114 Nuair a chonaic sí an rí ina sheasamh ansin [ar an ardán], mar ba nós, agus na ceannfoirt agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: “Feall! Feall!” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)14 Agus a nuáir do amhairc si, féuch, do bhí an rígh na sheasamh láimh ré piléir, mar budh gnáth, agus na prionnsadha agus na trumpadha a bhfochair an rígh, agus daóine na críche uile ag gáirdeachus, agus ag séideadh stoc: agus do bhris Ataliah a héadach, agus do éigh sí, Feall, feall. Féach an chaibidil |
Mar ghabh sé síos inniu agus rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil, agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, do cheannairí an airm, agus d'Aibíátár an sagart; agus tá siad anois ag ithe agus ag ól ina láthair agus ag cur gáire suas: ‘Fad saoil don rí Adoiníá.’
Sheas an rí ar an ardán agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, ionas go mbeadh éifeacht le briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin. D'aontaigh an pobal ar fad leis an gconradh.
Sheas an rí ina ionad féin agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, agus briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin a chur i gcrích.