Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 11:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Ansin d'ordaigh Iahóideá an sagart do na hoifigigh airm: “Beirigí libh í taobh amuigh den áit naofa agus cuirigí chun báis leis an gclaíomh duine ar bith a leanfaidh í.” “Óir ní foláir,” a mheabhraigh an sagart dóibh, “gan í chur chun báis i dTeampall an Tiarna.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Achd do aithin Iehoiada an sagart do chaiptínibh na ccéad, doifigibh an tslóigh, agus a dubhairt ríu, Beiridh libh amach í taobh amuich do na cóirighibh: agus gidh bé leanfas í marbhuidh leis an ccloidheamh é. Oir a dubhairt an sagart, ná marbhthar a ttigh an TIGHEARNA í.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 11:15
10 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic sí an rí ina sheasamh ansin [ar an ardán], mar ba nós, agus na ceannfoirt agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: “Feall! Feall!”


Rug siad uirthi agus ar shroicheadh an pháláis di, trí Gheata na gCapall, is ann a cuireadh chun báis í.


Sa seachtú bliain chuir Iahóideá fios ar cheannfoirt na gCairianach agus na bhfear faire, agus thug sé chuige féin iad i dTeampall an Tiarna. Rinne sé conradh leo agus tar éis dó iad a chur faoi mhionn thaispeáin sé mac an rí dóibh.


Ansin ghlaoigh Iahóideá ar na hoifigigh airm agus dúirt leo: “Beirigí libh amach idir na ranganna í agus aon duine a leanann í, cuirtear chun báis leis an gclaíomh é!” Óir bhí sé ráite ag an sagart: “Ná cuirigí chun báis í i dTeampall an Tiarna.”


Thug Iahóideá na gathanna agus na sciatha le Dáiví rí, idir bheag agus mhór, a bhí i dTeampall an Tiarna, do na ceannairí céad mar airm.


Ach má leomhann duine a chomharsa a ionsaí d'aon ghnó agus a mharú le feall, ní foláir duit é a bhreith fiú ó m'altóir chun a mharaithe.


“A mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia. Abair: An claíomh! An claíomh! Tá faobhar agus snas ar an gclaíomh.


Dúirt sé leo ansin: “Truailligí an Teampall agus líonaigí na cúirteanna leis na mairbh, agus gluaisigí libh.” D'imigh siad leo agus mharaigh siad rompu ar fud na cathrach.


Leath an gleo ar fud na cathrach go léir; rith an slua le chéile agus rug siad ar Phól agus tharraing amach as an Teampall é. Dúnadh na doirse láithreach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí