Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 20:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Chuir rí Iosrael tionól ar sheanóirí uile na tíre agus dúirt: “Is léir daoibh anois mar atá an fear seo ag adhaint trioblóide; chuir sé fios ar mo mhná agus ar mo leanaí, ar mo chuid airgid agus óir, agus níor dhiúltaigh mé dó.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Ann sin do ghoir rígh Israel sinnsir na críche uile, agus a dubairt, Guidhim sibh, comharthuigh, agus féuchaidh mar íarrus an fearsa urchoíd: óir do chuir sé fios chugamsa ar mo mhnáibh, agus ar mo chloinn, agus ar mairgiod, agus ar mo chuid óir; agus níor dhiúlt mé é.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 20:7
18 Tagairtí Cros  

Bí cinnte de go gcuirfidh mé mo ghiollaí chun do theach agus tithe do shearbhóntaí a chuardach an t‑am seo amárach agus go bhfaighidh siad greim ar gach a dtaitneoidh [leo] agus go dtabharfaidh siad leo iad.’ ”


Agus dúirt na seanóirí agus an pobal ar fad leis: “Ná tabhair aon aird air agus ná déan rud air.”


Scríobh sí litreacha in ainm Acháb, más ea, agus chuir sí a shéala orthu agus chuir sí iad chuig na seanóirí agus na huaisle a bhí ina gcónaí san aon chathair le Nábót.


Chruinnigh Solamh seanóirí Iosrael le chéile in Iarúsailéim chun go dtabharfaidís áirc chonradh an Tiarna aníos ó Shíón, Dúnfort Dháiví.


Nuair a léigh rí Iosrael an litir, stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: “An dia mise, údar báis agus beatha, agus a rá gur iarr an fear seo orm duine a leigheas óna lobhra? Éist leis seo agus tabhair é faoi deara agus feicfidh tú gur ag iarraidh achrann a adhaint liom atá sé.”


Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus le gach ceannasaí.


Chruinnigh Dáiví le chéile in Iarúsailéim feidhmeannaigh Iosrael go léir, uachtaráin na dtreibheanna, oifigigh na ndíormaí i seirbhís an rí, na ceannairí míle, agus na ceannairí céad, maoir maoine agus eallaigh an rí agus a mhic, agus, chomh maith leosan, na coillteáin agus na curaidh chróga chatha.


Óir gineann siad mailís agus beireann siad an urchóid, Agus déanann a mbroinn an chalaois a réiteach.


Fuascail mé a Thiarna, ón drochdhuine; cosain mé ar fhear an fhoréigin,


Tá urchóid agus cealg ina bhéal níl ciall aige don mhaith.


Is é mo charraig é, mo shlánú agus mo dhaingean; ní dhéanfar mo bhogadh.


tá uirlisí marfacha gléasta aige agus saigheada mar chaora tine.


Teipeann pobal cheal treorach; ní baol dóibh nuair is iomadúil iad na comhairleoirí.


An té a thóraíonn an mhaith, tóraíonn sé fabhar; ach an té a lorgann an urchóid, tagann an urchóid ina threo.


Foréigean atá á bheartú ina gcroí acu, agus mailís atá ina mbéal acu.


Bíonn an feall ina chroí ag beartú oilc, agus bíonn aighneas de shíor á adhaint aige.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí