Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

2 Ríthe 5 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil V. Do liaghais Elísa lubhra Naaman.

1 Anois do bhí Naaman, caiptín slóigh rígh na Síria, na dhuine mór agá thighearna, agus ro onorach, do bhrígh gur dá thaóibh thug an TIGHEARNA tártháil do Shíria: do bhí sé mar an gcéadna na dhuine neartmhar a ngaisgidh, acht do bhí sé na lobhar.

2 Agus do chuádar na Sírianuigh amach na ccuideachduibh, agus thugadar bráighe leó as tír Israel cailín beag; agus do bhí sí ag feithiomh ar mhnáoi Náaman.

3 Agus a dubhairt sí re na maighistreás? Do bhfeárr liom go mbeith mo thighearna ag an bhfáigh atá a Samária! óir dó leighisiodh sé on lubhra é.

4 Agus do chuáidh duine a steach, agus dinnis dá thighearna, gha rádh, Is marso agus marso a deir an cailín atá do thír Israel.

5 Agus a dubhairt rígh na Síria, Gluáis, imthigh romhad, agus cuirfidh misi litir chum rígh Israel. Agus do ghluáis seision, agus rug leis deich ttallunna airgid, agus sé mhíle píosa óir, agus deich natharruigh éaduigh.

6 Agus thug lé an litir go rígh Israel, gha rádh, Anois a núair thiucfas an litirsi chugad, féuch, do chuir mé mo shearbhfhoghantuigh Náaman chugad, chor go leigheostá é óna lubhra.

7 Agus tárla, a nuáir do léigh rígh Israel an litir, gur bhris sé a eádach, agus go ndubhairt, An Día misi, do mharbhadh agus do dhéanamh beó, as a ccuirionn an fearso chugam do shlánughadh duine óna lubhra? ar a nadhbharsin guidhim sibh, meusuidh, agus féuchuidh ciondus íarruis sé cionfátha chugam.

8 ¶ Agus is amhluidh bhí, a nuáir do chúaluidh Elísa óglach Dé gur bhris rígh Israel a éadach, do chuir sé chum an rígh, gha rádh, Cred fár bhris tú héadach? tigeadh sé anois chugamsa, agus biáidh a fhios aige go bhfuil fáigh ann Israel.

9 Ann sin tháinic Náaman gun a mharcshluagh agus gun a charbad, agus do sheas sé ag dorus tighe Elisa.

10 Agus do chuir Elisa teachdaire chuige, dhá rádh, Imthigh agus nigh thú feín ann Iordan seachd nuáire, agus tiucfaidh thfeóil chugad a rís, agus biáidh tú glan.

11 Acht do ghabh fearg Náaman, agus dimthigh roimhe, agus a dubhairt sé, Féuch, do shaóil mé, go ttiucfadh sé amach chugam go deimhin, agus go seasfadh, agus go ngoirfeadh air ainm a THIGHEARNA Dé, agus go mbúailfeadh a lámh ós cionn a nothair, agus an lobhar do shlánughadh.

12 Nach féarr Abána agus Parphar, aibhne Dhamascus, ná a bhfuil duisgeadhuibh a Nisrael? nach bhféuduim ionnladh ionta sin, agus bheith glan? Marsin do fhill sé agus dimthigh roimhe a bhfeirg.

13 Agus thangadar a mhuinntir chuige, agus do labhradar ris, agus a dubhradar, O a athair, dá nabradh an fáidh riot ní mór éigin do dhéanamh, nach déantá é? nach ro mhó ná sin, a nuáir a deir sé riot, Ionnail, agus bí glan?

14 Ann sin do chúaidh sé síos, agus do thom sé é feín seachd nuáire ann Iordan, do reír mar a dubhairt óglach Dé: agus thaínig a fheóil a rís mar fheóil leinimh bhig, agus do bhí sé glan.

15 ¶ Agus dfill sé chum óglaich Dé, é féin agus a chuideacha uile, agus tháinic, agus do sheas sé dá lathair: agus a dubhairt sé, Féuch, anois aithnighim nach bhfuil Día air bith air an ttalumh uile, achd a Nisrael: anois ar a nadhbharsin, guidhum thú, glac tiodhlacadh ód shearbhfhoghantuigh.

16 Achd a dubhairt seision, Mar mhairios án TIGHEARNA, a lathair a sheasuim, ní ghlacfa mé éainní úait. Achd do bhí sé dhá shárughadh ionnus go nglacfadh; agus do dhíult seision é.

17 Agus a dubhairt Naáman, Maiseadh nach ttiubharthar dot shearbhfhoghantuigh eire dá mhúille do chréafóig? óir ní ofráilfidh do shearbhfhoghantuigh ó so amach ofráil loisge nó íodhbuirt do dheeibh ar bith oile, achd don TIGHEARNA.

18 Ann sa níse go ttuga an TIGHEARNA maitheamhnus dot shearbhfhoghantuigh, a nuáir rachus mo mhaighistir go tigh Rimmon do dhéanamh adhartha annsin, agus go luidhfe sé ar mo láimhse, agus go ccromthuidh misi me fein a ttigh Rimmon: a núair chromthas misi mé féin sios á ttigh Rimmon, go ttuga an TIGHEARNA maitheamhnus dot shearbhfhoghantuigh annsa níse.

19 Agus a dubhairt seísion ris, imthigh a síothcháin. Marsin dimthigh sé úadh beagán don tslighe,

20 ¶ Achd a dúbhairt Gehasi, searbhfhoghantuigh Elisa oglaich Dé, Féuch, do choigil mo mhaighistir Náaman an Sirianach, nach ar ghlac sé as a láimh an níse thug sé leis: achd, mar mhairios an TIGHEARNA, ríthfidh misi na dhiáigh, agus beanfuídh mé ní éigin de.

21 Mar sin do lean Gehasi Náaman. Agus a núair do chonnairc Náaman ag rith na dhíaigh é, tháinic sé a núas as a charbad na choinne, agus a dubhairt, An bhfuil gach éinní go maith?

22 Agus a dubhairt seísion, Atáid go maith uile. Do chuir mó mhaighistir mé, dha radh, Féuch, tháinig chugam anois ó shliabh Ephraím días óganach do mhacaibh ná bhfágh: guidhim thú, tabhair dhóibh, tallann airgid, agus dhá aithearrach culádhach.

23 Agus a dubhairt Náaman, Bí súaimhneach, beír leachd dhá thallann. Agus do choimhéignigh sé é, agus do cheangail sé dhá thallann airgid an ndá mhála, agus dhá chulaidh éuduigh, agus do chuir ar dhís dá mhuinntir íad; agus do iomchradár roímhe íad.

24 Agus a nuáir tháinic sé chum an tuir, do ghlac sé as a lámhuibh íad, agus do thaísgidh a ttigh áirigh íad: agus do léig do na daóinibh imtheachd, agus do imthigheadar.

25 Acht do chúaidh seision asteach, agus dó sheas a latháir a mhaighistir. Agus a dubhairt Elisa ris, Cáit as a ttáinic tusa, a Ghehasi? Agus a dubhairt seision, Ní dheachaidh hóglach a néan bhall.

26 Agus a dubhairt seísion rís, Nach deachaidh mo chroidhesi leachd, a nuáir do fhill an tóglach a rís ó na charbad do theagmháil duit? An am airgid do ghlacadh so, agus éaduigh do ghlacadh, agus gáirdínigh ola, agus fíneamhna, agus cáorach, agus damh, agus seirbhíseach fear, agus ban?

27 Ar a nadhbharsin ceangoluidh lubhra Náaman díotsa, agus dot shliochd go bráth. Agus do chúaidh sé amach as a fhiadhnuise na lobhar coimhgheál re sneachda.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí