Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 18:37 - An Bíobla Naofa 1981

37 Ansin chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf, an callaire, go Hiziciá agus a n‑éidí stróicthe, agus d'inis dó céard a dúirt an príomhchornaire.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

37 Annsin tháinic Eliacim mac Hilciah, noch do bhí os cionn an teaghluigh, agus Sebna an scribhneóir, agus Ioah mac Asaph an cuimhnigheóir, go Heseciah gun a néadach briste, agus do innseadar dhó briathra Rabsaceh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 18:37
19 Tagairtí Cros  

Nuair a d'fhill Reúbaen chun an phoill agus nach raibh tásc ná tuairisc ar Iósaef sa pholl, stróic sé a chuid éadaigh


Stróic Iacób a chuid éadaigh ansin, chuir sé brat íochtair róin air féin, agus chaoin sé a mhac ar feadh mórán laethanta.


Bhí Ióáb mac Zarúá i gceannas an airm agus Iahóiseáfat mac Aichíliúd ina sheanchaí.


Chuir sé fios ar an rí agus chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá reachtaire an pháláis, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, amach chuige.


Ansin dúirt Eiliácaím mac Hilcíá agus Seabná agus Ióách leis an bpríomhchornaire: “Labhair as Aramais le do thoil le do shearbhóntaí mar tuigimid í; ná labhair linn as teanga Iúdá i gclos na ndaoine ar na ballaí.”


Ach bhí an pobal ina dtost gan focal astu, mar thug an rí ordú, á rá: “Na tugaigí freagra air!”


Nuair a chuala Hiziciá rí é sin, stróic sé a éidí agus chlúdaigh é féin le héadach róin agus chuaigh isteach i dTeampall an Tiarna.


Nuair a bhí a raibh i leabhar an dlí cloiste ag an rí stróic sé a chuid éadaigh.


Ach de bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair an Tiarna nuair a chuala tú cad a chinn mé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe, conas mar a bheidh siad ina gceap uafáis agus mallacht; agus de bhrí gur stróic tú d'éidí agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit - sé an Tiarna atá ag caint.


Nuair a léigh rí Iosrael an litir, stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: “An dia mise, údar báis agus beatha, agus a rá gur iarr an fear seo orm duine a leigheas óna lobhra? Éist leis seo agus tabhair é faoi deara agus feicfidh tú gur ag iarraidh achrann a adhaint liom atá sé.”


Nuair a chuala an rí focail na mná, stróic sé a chuid éadaigh; ós rud é go raibh sé ag siúl ar an mballa chonaic an pobal go raibh sacéadach, féach, lena chneas laistigh.


Tar éis na mbearta dílse seirbhíse seo, tharla ionradh Shanaichéiríb, rí na hAsaíre. Rinne sé ionradh ar Iúdá, shuigh a champa os comhair na gcathracha daingne agus d'ordaigh iad a ghabháil de ruathar.


Nuair a chuala mé an scéal seo, stróic mé mo chuid éadaigh agus m'fhallaing; stoith mé gruaig mo chinn agus m'fhéasóige, agus shuigh mé síos le barr anbhainne.


D'éirigh Iób ansin agus stróic a fhallaing agus bhearr a bhaithis, agus thit ar an talamh agus d'umhlaigh sé é féin síos


agus an lá céanna glaoim ar mo sheirbhíseach, Eiliácaím mac Hilciá.


Éist mar tá fir chalma ag glaoch ar chabhair os ard, na teachtaí a cuireadh ag lorg síochána, tá siad ag gol go léanmhar.


Thairis sin, ní raibh eagla orthu, níor réab siad a n‑éadaí, an rí ná aon duine dá mhuintir dár chuala na briathra seo uile.


Leis sin, stróic an t‑ardsagart a chuid éadaigh: “Tá diamhasla déanta aige!” ar seisean; “cad is gá dúinn a thuilleadh finnéithe? Sin anois an diamhasla cloiste agaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí