Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 18:36 - An Bíobla Naofa 1981

36 Ach bhí an pobal ina dtost gan focal astu, mar thug an rí ordú, á rá: “Na tugaigí freagra air!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

36 Acht do bhádar na daóine na ttochd, agus níor fhreagradar éanfhocal dó: óir do bé aithne an rígh, dha rádh, Na tugaidh freagra air.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 18:36
9 Tagairtí Cros  

Cé acu déithe de dhéithe na dtíortha go léir a d'fhuascail a dtíortha as mo lámha, go bhféadfadh an Tiarna Iarúsailéim a fhuascailt as mo lámha?’ ”


Ansin chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf, an callaire, go Hiziciá agus a n‑éidí stróicthe, agus d'inis dó céard a dúirt an príomhchornaire.


Do stiúrthóir an chóir, .i. do “Iduthun”. Salm le Dáiví.


Ná tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise, le heagla go rachfá i gcosúlacht leis.


An té a cheartaíonn fear na fonóide, faigheann sé tarcaisne; an té a dhéanann cáiseamh in aghaidh an urchóidigh, déanfar urchóid dó.


tráth stróicthe, tráth fuála, tráth tosta, tráth cainte,


Ní aon ionadh go bhfanann an fear críonna ina thost ar uair mar seo; mar is olc an uair atá ann.


“Ná tugaigí do na madraí an rud a bhíonn beannaithe, agus ná caithigí bhur gcuid péarlaí mar bhia chun na muc: satlóidh siad faoina gcrúba iad agus iompóidh siad oraibh féin do bhur réabadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí