“A mhic an rí,” ar sé leis, “cén fáth a mbíonn tú caite maidin i ndiaidh na maidine? Nach n‑inseoidh tú dom?” Dúirt Amnón leis: “Táim i ngrá le Támár, deirfiúr Aibseálóm, mo dheartháir.”
1 Ríthe 21:7 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin dúirt Ízeibil a bhean: “Is breá an rí ar Iosrael thusa, gan amhras! Éirigh agus ith leat; bíodh misneach ort; gheobhaidh mise féin fíonghort Nábót ó Izréil duit.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iesebel a bhéan ris, Nach tusa anois ríaghluigheas rioghacht Israel? éirigh, agus ith arán; agus bíodh do chroidhe súgach: do bhéara misi dhuit fíneamhuin Nábot an Niesréelítigh. |
“A mhic an rí,” ar sé leis, “cén fáth a mbíonn tú caite maidin i ndiaidh na maidine? Nach n‑inseoidh tú dom?” Dúirt Amnón leis: “Táim i ngrá le Támár, deirfiúr Aibseálóm, mo dheartháir.”
Dúirt sé: “Bhí mé ag caint le Nábót ó Izréil. Arsa mise leis: ‘Tabhair dom d'fhíonghort ar airgead, nó, más fearr leat é, tabharfaidh mé fíonghort eile duit mar mhalairt air.’ Ach dúirt seisean: ‘Ní thabharfaidh mé m'fhíonghort duit.’ ”
An coileach ag starrfach i measc na gcearc, an pocán, taoiseach an tréada, agus an rí [ag aitheasc] a phobail.
Ina theannta sin chonaic mé an t‑ansmacht go léir a dhéantar abhus faoi luí na gréine: mar shampla, deora lucht fulaingthe an ansmachta agus gan aon duine ann chun iad a shólású, agus an chumhacht i lámha na ndaoine a imríonn ansmacht orthu agus gan aon duine ann chun fortacht a thabhairt dóibh.
Ós rud é nach bhfuil dul thar fhocal an rí cé hé ar féidir dó a rá leis “Céard atá tú a dhéanamh?”
An ritheann capaill ar charraigeacha? An dtreabhtar an fharraige le daimh? le go ndéanfadh sibh nimh den cheart agus mormónta de thoradh an ionracais.
Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.
Shuíodar síos dá bhrí sin, agus chromadar ar ithe agus ól, an bheirt acu le chéile. Dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: “Seo, fan anocht chomh maith, le do thoil, agus bí go súgach!”
Nuair a bhí bia ite agus deoch ólta ag Boaz agus go raibh sé go súgach, chuaigh sé a luí ag imeall an charn arbhair. Ansin tháinig sí os iseal agus chas siar an brat a bhí ar a chosa agus luigh ansiúd.
Tógfaidh sé togha bhur ngort agus bhur bhfíonghort agus bhur ngort ológ, agus tabharfaidh sé dá sheirbhísigh iad.
Chruinnigh seanóirí uile Iosrael i gceann a chéile agus tháinig siad go dtí Samúéil i Rámá.