Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 8:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Tógfaidh sé togha bhur ngort agus bhur bhfíonghort agus bhur ngort ológ, agus tabharfaidh sé dá sheirbhísigh iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus tóigfe sé bhur machairighe, agus bhur bhfíneamhna, agus bhur lubhghort ola, eadhon an chuid is féarr dhíobh, agus do bhéara sé dhá sheirbhíseachaibh íad.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 8:14
7 Tagairtí Cros  

Abair leis: ‘Seo mar a deir an Tiarna: Rinne tú dúnmharú; de bhreis air sin tá forlámhas á dhéanamh agat anois. [Ar an ábhar sin] - agus is é an Tiarna a deir é - san áit inar ligh na madraí fuil Nábót, lífidh siad do chuid folasa chomh maith.’ ”


Dúirt Acháb le Nábót: “Tabhair dom d'fhíonghort chun go mbeadh sé agam mar luibhghort, mar tá sé cóngarach do mo theach. Tabharfaidh mé fíonghort níos fearr duit air, nó, más fearr leat é, tabharfaidh mé a luach duit in airgead.”


Ansin dúirt Ízeibil a bhean: “Is breá an rí ar Iosrael thusa, gan amhras! Éirigh agus ith leat; bíodh misneach ort; gheobhaidh mise féin fíonghort Nábót ó Izréil duit.”


Ní ghabhfaidh an prionsa aon chuid d'oidhreacht an phobail, á ndíbirt as seilbh go héagórach. Tabharfaidh sé oidhreacht dá chlann mhac as a mhaoin féin ionas nach ndíbreofar aon duine de mo phobal as seilbh.”


“A fheara Bhiniáimin, éistigí liom,” arsa Sól lena oifigigh a bhí ina seasamh ina thimpeall; “an dtabharfaidh mac Ieise páirceanna agus fíonghoirt daoibh go léir, agus an ndéanfaidh sé ceannairí míle, agus ceannairí céad díbh go léir,


Tógfaidh sé bhur n‑iníonacha le bheith ina gcumhránaithe agus ina gcócairí, agus ina mbáicéirí.


Tógfaidh sé deachú de bhur ngrán agus de bhur bhfíonghoirt agus tabharfaidh sé í dá mhaoir agus dá oifigigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí