Cóheilit 4:1 - An Bíobla Naofa 19811 Ina theannta sin chonaic mé an t‑ansmacht go léir a dhéantar abhus faoi luí na gréine: mar shampla, deora lucht fulaingthe an ansmachta agus gan aon duine ann chun iad a shólású, agus an chumhacht i lámha na ndaoine a imríonn ansmacht orthu agus gan aon duine ann chun fortacht a thabhairt dóibh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Marsin dfill mé, agus do mheas mé a nuile leathtrom do níthear fá ngréin: agus féuch déora na druinge do bhí fa leathtrom, agus ní raibh cabhárthach aca; agus air tháobh na muinntire do rinne léathtrom orra do bhí neart; achd ní raibh cabharthach air bith acasan. Féach an chaibidil |
Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.