Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Rut 3:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Nuair a bhí bia ite agus deoch ólta ag Boaz agus go raibh sé go súgach, chuaigh sé a luí ag imeall an charn arbhair. Ansin tháinig sí os iseal agus chas siar an brat a bhí ar a chosa agus luigh ansiúd.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus a nuáir a duáigh agus dibh Boas, agus go raibh a chroidhe súgach, do chuáidh sé a luidhe láimh ré cárn a narbha: agus tháinic sisi go mín, agus do nochd sí a chosa, agus do luigh sí síos.

Féach an chaibidil Cóip




Rut 3:7
18 Tagairtí Cros  

Dáileadh bia orthu ansin ina chodanna ó bhord Iósaef, ach an chuid a cuireadh chun Biniáimin ba mhó faoi chúig í na cuid aon duine eile díobh. D'óladar fíon ina theannta go rabhadar súgach.


agus ansin thug sé ordú dá ghiollaí: “Cuirigí cluas oraibh féin! Nuair a bheidh Amnón súgach ón bhfíon, agus go ndéarfaidh mise: ‘Buailigí Amnón,’ maraígí ansin é. Ná bíodh eagla oraibh! Nár thug mé ordú daoibh? Bíodh misneach agaibh agus bígí calma!”


Ansin dúirt Ízeibil a bhean: “Is breá an rí ar Iosrael thusa, gan amhras! Éirigh agus ith leat; bíodh misneach ort; gheobhaidh mise féin fíonghort Nábót ó Izréil duit.”


agus fíon a chuireann áthas ar an duine, d'fhonn aoibh a chur ar a aghaidh le hola, agus a chroí a neartú le harán.


Caitear fleá ar son an tsuaircis agus cuireann an fíon gliondar ar na beo ach is é an t‑airgead a chuireann gach uile rud díobh ar fáil.


Óir, bíonn a laethanta uile lán dóláis agus a chuid saothair lán dobróin; fiú amháin san oíche ní fhaigheann sé suaimhneas croí. Baois is ea é seo chomh maith.


Molaimse mar sin an t‑aoibhneas; óir níl aon ní fónta eile ann don duine abhus faoi luí na greine ach bheith ag ithe agus ag ól agus ag déanamh aoibhnis, agus go bhfanfaidh sé seo leis ina chuid saothair ar feadh laethanta na beatha a thugann Dia dó abhus faoi luí na gréine.


Imigh leat, mar sin; ith do chuid aráin le háthas agus ól do chuid fíona le croí meidhreach, mar tá do ghníomhartha taitneamhach le Dia cheana féin.


Ná cuirigí as do Ghiúdaigh ná do Ghréagaigh ná d'eaglais Dé.


Agus ná bíodh meisce fíona oraibh mar níl ansin ach drabhlás, ach bígí lán den Spiorad,


Liúdar ansin le barr áthais agus dúradar: “Cuirigí fios ar Shamsón d'fhonn go ndéanfadh sé cleasa dúinn.” Cuireadh fios ar Shamsón as an bpríosún agus rinne sé cleasa dóibh. Chuireadar d'iallach air seasamh idir na colúin.


Fad a bhíodar go súgach ag béile, féach, tháinig cuid d'fhir na cathrach, scraistí, timpeall an tí; bhuaileadar ar an doras agus dúradar leis an seanduine, fear an tí: “Cuir amach an fear a tháinig isteach i do theach i dtreo go ndéanfaimis leis mar is tnúth linn.”


Shuíodar síos dá bhrí sin, agus chromadar ar ithe agus ól, an bheirt acu le chéile. Dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: “Seo, fan anocht chomh maith, le do thoil, agus bí go súgach!”


Nuair a d'éirigh an fear agus a bhean luí agus a ghiolla chun imeachta, dúirt athair a chéile, athair na hógmhná, leis: “Féach, tá sé anonn go maith sa lá agus ag druidim le tráthnóna; fan anseo anocht agus bí go súgach. Is féidir leat éirí go moch do do thuras ar maidin amárach agus filleadh abhaile.”


Ghabh sí síos chun an urláir bhuailte agus rinne rud ar mháthair a céile go beacht.


I lár na hoíche dhúisigh an fear, d'fhéach ina thimpeall agus ba shiúd an bhean ina luí ag a chosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí