Rut 3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil III. Pósadh Bhoas re Rut ar na ghealladh leisin, mar is dúal don bhrathair fogus gaoil. 1 An sin a dubhairt Naomi a mathairchliamhuin ría, A inghean, nach íarrfa misi suaimhnios duitsi, chor go mbeithear go maith agad? 2 Agus a nois nach bhfuil Boas dar ccineadhne, a raibh tusa a bhfochair a chailineadh? Féach biáidh sé ag cáthadh eórna a nochd ar urlár an bhúailte. 3 Nígh thú féin ar a nadhbharsin, agus ungaidh thú féin, agus cuir héadach umad, agus eírigh síos chum a nurlaír: achd ná léig haithne chum a nóglaich, nó go sguiridh sé dithe agus dól. 4 Agus is amhluigh bhías, a nuáir luidhfios sé síos, go gcuirfe tusa comhartha ar a náit a luighfe sé, agus rachaidh tusa a steach, agus tóg an téadach dá chosuibh, agus luigh síos; agus inneosuidh sé dhuit cred dhéanas tú. 5 Agus a dubhairt sisi ría, Gacha nabair tú riom do dhéanad é. 6 ¶ Agus do chuáidh sí siós chum an úrláir, agus do rinne gach ní dá ndubhairt a mathairchliamhuin ría. 7 Agus a nuáir a duáigh agus dibh Boas, agus go raibh a chroidhe súgach, do chuáidh sé a luidhe láimh ré cárn a narbha: agus tháinic sisi go mín, agus do nochd sí a chosa, agus do luigh sí síos. 8 Agus tárla san meadhon oidhche, go ráibh eagla ar a nóglach, agus do iompóigh é féin; agus, féach, do bhí bean na luidhe agá chosuibh. 9 Agus a dubhairt seision, Cía thúsa? Agus do fhreagaír sisi, Atáimsi Rút do bhanóglach: cuir ar a nadhbharsin do chuim air do bhanógluigh; óir is brathair fogus gáoil thú. 10 Agus a dubhairt seision, Go madh beannuigh bhías tusa ón TIGHEARRNA, a inghean; óir is mó an cineul do thaisbein tú fá dheireadh ná ar ttosach, do bhrígh nár lean tú dáoine óga, madh saidhbhir no daidhbhir. 11 Agus a nois, a inghean, na bíodh eagla ort; do dhéaná misi dhuit gach éanní íarrus tú: óir atá a fhios ag cathair mo dháoineádhsi uile gur bean shubhailceach thú. 12 Agus anois is fíor gur brathair fogus gáoil duit misi: achd cheana atá brathair as foigsi ná mé. 13 Fán a nochd, agus is eadh bhías de ar maidin, má choimhlíonann sé dhuitsi an ní is dúal do bhrathair gáoil, bíodh go maith; déanadh sé mar is dúal do bhrathair gaoil: achd muna ndéarna sé dhuit mar is dúal do bhrathair gaóil, annsin do dhéana misi dhuit mar is dúal do bhrathair gaoil, fá mar mhairios an TIGHEARNA: luidh síos go maidin. 14 ¶ Agus do luidh si agá chosuibh go maidin: agus déirigh sí suil dob eídir le duine aithne do bhreith ar dhuine seach a chéile. Agus a dubhairt seision, Ná bíodh a fhios go ttáinic bean fá núrlar. 15 Agus a dubhairt sé mar an gcéadna, Tabhair leachd an bhraithlín atá agad umad, agus connuimh í. Agus a núair do chonnuimh sí í, do thomhuis seision sé miosúir eórna, agus do chuir air a muin íad: agus dimthigh sí don chathruigh. 16 Agus a núair tháinic sí chum a mathairchleamhna, dubhairt sí, Cía thusa, a inghean? Agus dinnis sisi dhi gacha a ndéarna an tóglach ría. 17 Agus a dubhairt sí, Thug sé na sé miosúir éórnaso dhamh; óir a dubhairt sé riom, Ná héirigh folumh a ccionn do bhainchleamhna. 18 Annsin a dubhairt sisí, Suigh go suáimhneach, a inghion, nó go bhfeasa tú cionnus rachus an chúis: óir ní bhía an tóglach suáimhneach, nó go ttuga sé na neithesi a gcrích a niugh féin. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society