Bíobla ar líne

Fógraí

An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua


Eoin 7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Eoin 7

CAIBIDIOL VII. Téigheann Críost suas chun féile na dtabarnacul: tugann sé teagasg uaidh sa teampul.

1 I n-a dhiaidh san do shiubhluigheadh Íosa sa Ghaililí, óir níor bh’áil leis siubhal i nIúdhaéa toisg na Iúdaigh a bheith a d’iarraidh é chur chun báis.

2 Agus bhí féile na n-Iúdach, féile na dtabarnacul, i n-achmaireacht.

3 Agus dubhairt a bhráithre féin leis: Fág an áit seo agus eirigh isteach i n-Iúdaéa i dtreó go bhfeicfid do dheisgiobuil féin na gníomhartha a dheineann tú.

4 Óir ní dheineann aoinne aon nídh a gan fhios agus é a d’iarraidh é féin a bheith puibilidhe; má deineann tú na neithe seo taisbeáin tu féin do’n domhan.

5 Mar níor chreid a bhráithre féin ann.

6 Agus dubhairt Íosa leó: Níor tháinig mo thráth-sa fós; ach tá bhúr dtráth-sa ollamh i gcómhnuighe.

7 Ní féidir do’n tsaoghal fuath a thabhairt daoibh-se; tá fuath aige dhómh-sa, ámh, mar tá fiadhnaise agam ’á dhéanamh ’n-a thaobh go bhfuil a ghníomhartha go h-olc.

8 Téighidh-se suas chun na féile seo, ach ní’lim-se ag dul suas chun na féile seo, mar ní’l m’aimsir tagaithe fós.

9 Nuair adubhairt sé an méid sin d’fhan sé féin i nGaililí.

10 Ach nuair a bhí a bhráithre imthighthe suas, ansan do chuaidh sé féin suas chun na féile, ach níor bh’ós árd é, ach amháin fé cheilt ar shlígh.

11 Agus bhí na Iúdaigh ’ghá lorg, lá na féile, agus deiridís: Cá bhfuil sé siúd?

12 Agus bhí gluaireán mór ameasg na ndaoine mar gheall air. Cuid acu ’ghá rádh, Duine fóghanta iseadh é. Tuille acu ’ghá rádh, Ní h-eadh, ach ag mealladh an phobuil iseadh atá sé.

13 Níor labhair aoinne amach ’n-a thaobh ámh, toisg eagla na n-Iúdach a bheith ortha.

14 Ach tímpal meadhon lae na féile chuaidh Íosa suas isteach sa teampul agus bhí sé ag teagasg.

15 Agus bhí na Iúdaigh ag déanamh iongna dhe, agus deiridís: Cá bhfuair sé seo an léigheann a bheith aige, agus nár fhoghluim sé é?

16 D’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: An teagasg so a thugaim-se, ní liom é, ach leis an t-é a chuir uaidh mé.

17 Má’s mian le duine a thoil sin do dhéanamh aithneócaidh sé i dtaobh an teagaisg, an ó Dhia é, nó an uaim féin atáim ag caint.

18 An t-é a labhrann uaidh féin, a ghlóire féin a loirgeann sé; ach an t-é a loirgeann glóire an t-é a chuir uaidh é, tá sé sin fírinneach agus ní’l éagcóir ann.

19 Nár thug Maois an dlígh dhaoibh-se, agus ní chómhlíonann aoinne agaibh an dlígh?

20 Cad chuige dhaoibh bheith a d’iarraidh mé chur chun báis? D’fhreagair an tsluagh agus dubhradar: Deamhan atá ionat; cia ’tá a d’iarraidh thú chur chun báis?

21 D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Dheineas aon obair amháin, agus tá iongna oraibh go léir.

22 Uime sin thug Maois an tímpal-ghearradh daoibh (ní gur ó Mhaois é, ach ó sna h-aithreachaibh), agus deineann sibh tímpal-ghearradh ar dhuine sa tsabbóid.

23 Má dheineann sibh tímpal-ghearradh sa tsabbóid i dtreó ná curfí dlígh Mhaoise ar neamhnídh, an bhfuil fearg agaibh chúgham-sa mar gheall air gur dheineas an duine ar fad do leigheas sa tsabbóid?

24 Ná tugaidh breith do réir mar a chítear, ach tugaidh breith cheart.

25 Agus dubhairt cuid de mhuintir Ierúsaleim: Nác é seo an t-é go bhfuilid siad a d’iarraidh é chur chun báis?

26 Agus féach tá sé ag caint go puibilidhe, agus ní deirid siad aon nídh leis. An bhfuil a fhios go fíor ag na h-uachtaráin gur b’é seo Críost?

27 Ach tá aithne againn air seo, cá dtáinig sé; ach Críost, nuair a thiocfaidh sé, ní h-eól d’aoinne cá h-áit gurab as é.

28 Ansan do labhair Íosa do ghuth árd, agus é ag teagasg sa teampul, agus dubhairt sé: Tá aithne agaibh orm-sa agus is eol daoibh cár ab as mé; agus ní uaim féin a thánag; ach tá an t-é a chuir uaidh mé fíor, agus ni’l aithne agaibh-se air.

29 Tá aithne agam-sa air, mar is uaidh mé, agus isé féin a chuir uaidh mé.

30 Ansan bhíodar a d’iarraidh beirthe air, ach níor chuir aoinne lámh ann mar ní raibh a thráth tagaithe fós.

31 Do chreid a lán de’n tsluagh ann, ámh, agus deiridís: Nuair a thiocfaidh Críost an ndéanfaidh sé níos mó mírbhúiltí ’ná mar a dheineann an duine seo?

32 D’airigh na Fairisínigh an tsluagh ag cur ’s ag cúiteamh n-a thaobh ar an gcuma san, agus chuir na h-uachtaráin agus na Fairisínigh oificeacha chun beirthe air.

33 Agus dubhairt Íosa leó: Táim agaibh fós tamall beag aimsire; agus táim ag imtheacht ag triall ar an t-é a chuir uaidh mé.

34 Beidh sibh a’m lorg, agus ní bhfaghaidh sibh mé; agus an áit ’n-a bhfuilim-se, ní féidir daoibh-se teacht ann.

35 Agus dubhairt na Iúdaigh eatartha féin: Cá bhfuil sé seo ag dul agus ná faighmíd é? An ag triall ar an muintir atá sgaipithe ameasg na ngeinte atá sé ag dul, chun na ngeinte theagasg?

36 Cad í an chaint seo adubhairt sé: Loirgeóchaidh sibh mé agus ní bhfaghaidh sibh mé, agus an áit ’n-a bhfuilim-se ní féidir daoibh-se teacht ann?

37 Agus an lá deirineach, an lá mór d’aimsir na féile, bí Íosa ’n-a sheasamh agus é ag labhairt go h-árd, agus deireadh sé: Má tá tart ar aoinne, tagadh sé chugham-sa agus óladh sé.

38 An t-é a chreideann ionam-sa, mar adubhairt an Sgríbhinn: Ruithfidh as a bhroinn sruthana uisge beó.

39 Agus do labhair sé an chaint sin ar an Spioraid a bhí le glacadh ag an muintir a chreidfeadh ann; óir bhí an Spioraid gan tabhairt fós, mar bhí Íosa gan dul isteach ’n-a ghlóire fós.

40 Dubhairt daoine de’n tsluagh, ámh, nuair a dh’airigheadar an chaint sin uaidh: Isé seo an Fáidh gan amhras.

41 Dubhairt tuille acu: Isé an Críost é seo. Agus dubhairt raint acu: An ó Ghaililí atá Críost ag teacht?

42 Ná deir an Sgríbhinn gur de shíol Dáibhid, agus ó bhaile Bhetleheim, mar a raibh Dáibhid, atá Críost ag teacht?

43 Agus d’eirigh aighneas sa tsluagh mar gheall air.

44 Agus ba mhian le cuid acu breith air; ach níor chuir aoinne lámh air.

45 Ansan tháinig na h-oificeacha ag triall ar na h-árdshagairt agus ar na Fairisínigh agus dubhradar-san leó: Cad ’n-a thaobh nár thugabhair libh é?

46 Agus dubhairt na h-oificeacha leó: Níor labhair aon duine riamh mar a labhrann an duine seo.

47 Agus d’fhreagair na Fairisínigh: Ní h-éidir go bhfuiltí-se meallta, leis?

48 An dóigh go gcreideann aoinne de sna h-uachtaránaibh nó de sna Fairisínigh ann?

49 Ach an tsluagh so ná fuil eólus ar an ndlígh acu, tá mallacht ortha.

50 Dubhairt Nicodémus leó, an fear úd a tháinig chuige sa n-oidhche, mar duine acu ab eadh é:

51 An dtugann ár ndlígh-ne breith ar dhuine gan a dh’aireachtaint ar dtúis uaidh féin, agus a dh’aithint cad a dheineann sé?

52 D’fhreagradar agus dubhradar leis: An amhlaidh is Gaililiach tusa leis? Cuardaigh an Sríbhinn, agus chífir ná h-eirigheann fáidh a’ Gaililí.

53 Ansan chuaidh gach aoinne acu abhaile chun a thighe féin.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society