Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 7:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 D’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: An teagasg so a thugaim-se, ní liom é, ach leis an t-é a chuir uaidh mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Thug Íosa freagra orthu mar sin, “Ní uaim féin mo theagasc, ach ón té a chuir uaidh mé;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 D’fhreagair Íosa iad, agus dubhairt: Ní liom féin mo theagasc, acht leis an té a chuir uaidh mé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 D’fhreagair Íosa iad, agus adubhairt sé, Ní liom féin mo theagasc‐sa, acht leis an té do chuir uaidh mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Do fhreagair Iósa iád, agus a dubhairt sé, Ní leam féin mó theagasg, achd leis an té do chuir úadh mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Dʼfhreagair Íosa ansin: “An teagasc seo a thugaim,” ar sé, “ní liom-sa é ach leis an té a chuir uaidh mé.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 7:16
14 Tagairtí Cros  

Ná creideann sibh go bhfuilim-se sa n-Athair agus an t-Athair ionam-sa? Na bréithre a labhraim-se libh-se ní h-uaim féin a labhraim iad; ach an t-Athair atá ’n-a chómhnuighe ionam, isé a dheineann na mírbhúiltí.


An t-é ná fuil grádh aige dhom ní choimeádann sé mo bhréithre; agus an briathar d’aireabhair ní h-é mo bhriathar-sa é, ach briathar an Athair a chuir uaidh mé.


Thugas-sa dhóibh do bhriathar-sa; agus do thug an saoghal fuath dhóibh, óir ní de’n tsaoghal iad, fé mar nách de’n tsaoghal mise.


Óir, na bréithre a thugais dom, do thugas dóibh iad; agus do ghlacadar iad, agus is eól dóibh go fíor gur uait-se a thánag, agus do chreideadar gur tú a chuir uait mé.


Go deimhin deimhin adeirim leat, an nídh atá ar eólus againn gur b’é adeirimíd, agus an nídh a chonacamair gur b’air a dheinimíd fiadhnaise, agus ní ghlacann sibh an bhfiadhnaise.


An t-é a tháinig anuas, tá sé os cionn chách. An t-é atá ó’n dtalamh, is ó’n dtalamh atá sé, agus is neithe talmhanta a labhrann sé; an t-é a tháinig ó neamh, tá sé os cionn gach aoinne.


Ní fhéadaim-se aon nídh do dhéanamh uaim féin. Mar a chloisim iseadh thugaim breith; agus bíonn mo bhreith ceart, óir ní h-í mo thoil féin is áil liom, ach toil an t-é a chuir uaidh mé.


Ní fhéadfaidh aoinne teacht chúgham-sa gan an t-Athair a chuir uaidh mé ’ghá tharang chúgham, agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach.


Agus dubhairt Íosa leó: Nuair a dh’árdóchaidh sibh suas Mac an Duine, ansan iseadh bheidh fhios agaibh gur mé é, agus ná deinim nídh ar bith uaim féin, ach gur fé mar a theagaisg m’Athair dom a labhraim na neithe seo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí