Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 7:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus bhí gluaireán mór ameasg na ndaoine mar gheall air. Cuid acu ’ghá rádh, Duine fóghanta iseadh é. Tuille acu ’ghá rádh, Ní h-eadh, ach ag mealladh an phobuil iseadh atá sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 “Cá bhfuil sé?” Bhí mórán cogarnaí faoi ag na daoine. Bhí cuid acu á rá, “Is dea-dhuine é,” agus dream eile ag dearbhú nárbh ea, ach go raibh sé ag cur na ndaoine ar bhealach a n‑aimhleasa.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Agus bhí monabhar mór imeasc an tsluaigh fá dtaoibh de. Óir deireadh cuid acu: Is duine maith é. Acht deireadh tuilleadh: Ní h-eadh, acht tá sé ag mealladh na ndaoine.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus do bhí conspóid i measc na ndaoine ’n‐a thaobh: adubhairt cuid aca, Is fear maith é; adubhairt cuid eile, Ní h‐eadh, acht ag mealladh na ndaoine atá sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus do bhí monabhar mór a measg an phobuil na thimcheallsan: oír a dubhairt cuid díobh, As duine maith é: achd a dubhairt cuid eile, Ní headh; achd mealluidh sé an pobal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 “Cá bhfuil sé siúd?” agus bhí monabhar mór i measc na sluaite mar gheall air. Bhí cuid acu dá rá: “Duine maith é”; tuilleadh acu dá rá: “Ní hea, ach ag mealladh an phobail atá sé.”

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 7:12
20 Tagairtí Cros  

Is leór do’n deisgiobuil bheith mar a mháighistir, agus do’n tseirbhíseach bheith mar a thighearna. Má thugadar Beelsebub ar fhear an tighe, nách mó ’ná san a thabharfaid siad ar mhuintir a thighe é?


Agus ba mhian leó é ghabháil, ach bhí eagla acu roimis na daoine, mar fáidh ab eadh é acu.


Agus dubhradar: A Uasail, is cuimhin linn go ndubhairt an feallaire úd nuair a bhí sé bheó: I gceann trí lá eireóchad airís.


Agus dubhairt Íosa leis: Cad chuige go ndeirir gur maith mé? Ní maith aoinne ach Dia amháin.


Agus nuair a chonaic an taoiseach céad cad a thárla thug sé glóire do Dhia, agus dubhairt sé: Fíoraon ab eadh an duine seo gan amhras.


Agus féach, fear dár bh’ainim Ióseph, agus de’n chómhairle ab eadh é, fear fóghanta fíoraonta;


Tugann an deagh-dhuine an deagh-nídh amach a’ deagh-stór a chroidhe féin; agus tugann an droch-dhuine an droch-nídh amach a’ droch-stór a chroidhe; óir a’ flúirse an chroidhe is eadh do labhrann an béal.


Agus tháinig eagal ar na daoine go léir, agus thugadar glóire do Dhia, agus dubhradar: Tá fáidh mór eirighthe ’n-ár measg, agus tháinig Dia ag féachaint a dhaoine.


Ansan, nuair a chonaic na daoine sin gur dhein Íosa an mhírbhúilt, dubhradar: Gan amhras isé an fear so an fáidh atá le teacht sa domhan.


D’airigh na Fairisínigh an tsluagh ag cur ’s ag cúiteamh n-a thaobh ar an gcuma san, agus chuir na h-uachtaráin agus na Fairisínigh oificeacha chun beirthe air.


Agus d’fhreagair na Fairisínigh: Ní h-éidir go bhfuiltí-se meallta, leis?


D’fhreagradar agus dubhradar leis: An amhlaidh is Gaililiach tusa leis? Cuardaigh an Sríbhinn, agus chífir ná h-eirigheann fáidh a’ Gaililí.


Agus dubhairt cuid de sna Fairisínigh; Ní h-ó Dhia an fear so ná coimeádann an tsabbóid. Agus dubhairt tuille acu: Conus is féidir do dhuine pheacamhail na mírbhúiltí seo déanamh? Agus bhí siosma eatartha.


Óir fear fóghanta b’eadh é a bhí lán de’n Spioraid Naomh, agus de chreideamh. Agus do tugadh cuid mhór daoine chun an Tighearna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí