Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 7:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Ach nuair a bhí a bhráithre imthighthe suas, ansan do chuaidh sé féin suas chun na féile, ach níor bh’ós árd é, ach amháin fé cheilt ar shlígh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Ni lúide, nuair a bhí a dheartháireacha imithe chun na féile, chuaigh sé féin suas freisin, ach ní os ard ach mar a bheadh os íseal.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus i ndiaidh dhul suas dá bhráithre, annsin chuaidh sé féin suas fosta chun na féile, ní go puiblidhe, acht amhail faoi cheilt.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Acht nuair bhí a bhráithre imthighthe suas chum na féile, do chuaidh sé féin suas mar an gcéadna, acht ní dheachaidh go poiblidhe, acht mar bhéadh sé ag dul i ngan fhios.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Achd tar éis a bhráithreach imtheachd suás, do chúaidh seisean mar an gcéadna suás chum na sollamna, ní ós áird, achd mar dhe ós iseal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Ach nuair a bhí a bhráithre imithe suas chun na féile, chuaigh sé féin suas chomh maith, níorbh os ard é, ach mar a bheadh faoi choim.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 7:10
13 Tagairtí Cros  

Féach, táim ag bhúr gcur amach ar nós caorach ameasg faolchon. Bídhidh, d’á bhrígh sin, chómh glic leis na h-aithreachaibh nimhe agus chómh símplídhe leis na colúraibh.


An fhaidh a bhí sé ag caint leis an bpobul, tháinig a mháthair agus a bhráithre amuigh agus iad a d’iarraidh labhairt leis.


Agus d’fhreagair Íosa é agus dubhairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gach fíoraontacht do chómhlíonadh. Ansan do ghéill sé dhó.


Agus nuair airigh a mhuíntir féin é do chuadar amach chun beirthe air. mar dubhradar: Is as a mheabhair atá sé.


Uime sin níor shiubhluigh Íosa feasda go puibilidhe ameasg na n-Iúdach, ach d’imthigh sé isteach i gceanntar i n-aice an fhásaigh, go cathair ar a dtugtar Ephrem, agus d’fhan sé ansan i bhfochair a dheisgiobul.


Agus dubhairt a bhráithre féin leis: Fág an áit seo agus eirigh isteach i n-Iúdaéa i dtreó go bhfeicfid do dheisgiobuil féin na gníomhartha a dheineann tú.


Mar níor chreid a bhráithre féin ann.


Nuair adubhairt sé an méid sin d’fhan sé féin i nGaililí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí