Deir focal Dé linn, "Troidfidh an Tiarna ar bhur son, agus beidh sibh socair sibh féin." (Eaxodus 14:14). Smaoinigh air sin ar feadh tamaill. Nuair atá tú i lár na cruatan, níl le déanamh ach fanacht ar Dhia. Trí mhuinín a bheith agat as, líonann sé tú le síocháin.
Is é Dia do chosaint le linn trioblóide, trialach nó cathú; is aige atá an chumhacht chun iad a mhaolú. Nuair a chuireann tú do mhuinín ann, imíonn an eagla agus tagann tú slán as an gcás.
Níl uait ach do mhuinín as an Tiarna a mhéadú chun go gcreidfeá ann thar aon rud eile, agus go mairfeá go sábháilte ina dhílseacht mhór. Lig do scíth i nDia, cothaigh tú féin le na fhocal, agus ní bheidh aon stoirm in ann smacht a choinneáil ar do chuid mothúchán, mar is é Íosa do phrionsa na síochána.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad.
Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air,
Do labhuir mé na neithesi ribh, do chum go mbeíth síodhcháin aguibh ionnumsa. Do ghéubhtháoi trioblóid sa tsáoghal: achd bíodh dóchus maith aguibh; so bhúadhaigh misi ar a tsaoghal.
Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Agus do dtuguidh Tíghearna na síothchána féin síothcháin dhíbh do shíor ar gach éunchor. An Tíghearna maille ribh uile.
Ná neithe fós, do fhóghluim sibh agus do ghlacabhair, agus do chúalabhair, agus do chonncabhair ionnamsa, deunuidh íad: agus biáidh Día na síothchána maille ribh.
Oír ní hé Día úghdar na buáidheartha, achd na siothchana, mar (as léir) a nuile eagluisibh na náomh.
Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna.
Do bhéara an TIGHEARNA neart dá phobal; benneochuidh an TIGHEARNA a phobal lé síothcháin.
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais. Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Grása agus síothchain go ro líónmhar maille ríbh tré eólas Dé, agus Iósa ar Dtíghearna,
Oír imeochuid na sléibhte, áthrochar na cnoic; acht ní imeochuidh mo chínealsa uáitsi, ní mo áthrochthar cunnradh mo shíothchána, a deir an TIGHEARNA do rinne trócaire ort.
Agus bíodh siothcháin Dé ag ríaghlughadh bhur gcroidheadh, chum a bhfuiltí fós ar bhur ngairm a néunchorp; agus bíghidh buidheach.
Oír rachthaóisi amach maille re meanmuin, agus béarthar amach sibh maille re síothcháin: brisfid na sléibhte agus na cnoic amach romhuibh a gceól, agus buáilfid uile chranna an mhagha a lámha.
Ar a nadhbharsin tar éis ar soártha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día tré ar Dtighearna Iósa Críosd:
Oír atá fios na smuáintigheadh smuáinim dá bhur ttáobh agum, a deir an TIGHEARNA, smuaintighthe síothchána, agus ní uile, do thabhairt críche agus dothchus díbh.
Luighfe mé mar an ccéadna a síothcháin, agus coidéola mé: óir tusá, a THIGHEARNA, amháin chuireas am chomhnuidh me a neamhbáoghal.
Cruthuighim toradh na bpuisíneadh; Siothcháin, síothcháin don tí bhíos a nimchéin, agus don tí atá bhfogus, a deir an TIGHEARNA; agus leigheosuidh mé é.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Cluinfiod cred e déaras Día an TIGHEARNA: óir laibheoruidh sé síothcháin ré na dhaóinibh, agus ré na náomhuibh: iondus nach bhfillfid a rís chum éigcríonachd.
Agus grádh ro dhióghraiseach do bheith aguibh dhóibh ar son a noibre Bíghidh síothchánta eadruibh féin.
Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh
Chugaibhsi uile an mhéid atá sa Róimh, ar bhur ngrádhughadh ó Dhía, agus bhur náomhaibh do réir gharma: Grása agus siothcháin maille ribh ó Dhía ar Nathair, agus an Dtighearna Iósa Críosd.
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh,
Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh.
Oh nach ttug tú aire dom aitheantnibhsi! annsin do bhíath do shíothcháin amhuil sruth, agus thfíréanteachd amhuil tonna na fairge:
Oír do rugadh leanabh dhúinne, tugadh mac dhúinn: agus biáidh an ríaghladh air a ghúaluinn: agus goirrfighear a ainm Iongantach, Comhairleach, An Día cumhachtach, An Tathair síorruidhe, An Prionnsa na Síothchána.
Filltidh a bhfuilsion uimesin ar cheann Ióab, agus ar cheann a shleachda go bráth: acht air Dháibhi, agus air a shliochd, agus air a thigh, agus air a chathaóir ríogha, biaidh sióthcháin go bráth ón TTIGHEARNA.
Agus do dhéana mé cunnradh síothchána ríu, agus do bhéara mé air na droichbheathuighibh cosc as an ttír: agus áitreobhuid go daingion annsa bhfásach, agus coideoluid annsna coilltibh.
Agus budh síothcháin obair na fíréuntachda; agus budh súaimhneas éifeacht a nionnracuis agus daingion go bráth.
Rachaidh sé a síothcháin: coimhneochuid iona leapthachaibh, gach aon shiubhlas iona ionnracus.
Ag déunamh díthchill air áondachd na Sbioruide do choimhéud a gcoimhcheangal siothchána.
A nuáir thaitnid slighthe an duine leis an TTIGHEARNA, do bheir sé air a námhaid féin bheith síodhach ris.
Atá síothcháin mhór don lucht ghrádhuigheas do dhligheadhsa: agus ní bhfuil ceap tuislighe na naghaidh.
Agus go ndéarna Día na siothchána féin náomtha sibh go hiomlan; agus go gcoimhéudthar bhur spiorad agus bhur nanam agus bhur gcorp go huilighe ó chiontuibh go teachd ar Dtíghearna Iósa Críósd.
Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile.
A dubhairt Iósa ríu a rís, Siothcháin maille ribh: mar do chuir an Tathair misi úadh, cuirimsí sibhse uáim mar an géudna.
Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Biáidh troscadh an cheathramhadh mí, agus troscadh an chúigeadh, agus troscadh an seachdmadh, agus troscadh an deachmhadh, na gháirdeachus, agus na lúathgháir, agus na bhféustuighibh subhacha do thigh Iúdah; ar a nadhbharsin grádhuighidh fírinne agus síothcháin.
An cuid eile dhe, a dhearbhráithreacha, biodh gáirdeachas oruibh. Bighidh diongmhálta, bíodh deaghmheisneach aguibh, bíghidh déininntinn, leanuidh don tsíothcháin; agus biáidh Día an ghradha agus na siothchána maille ribh.
¶ Cred é scíamhuidhe ar na sléibhtibh atáid cosa an té do bheir scéala maithe leis, fhuagras síothcháin; do bheir scéala maithe leis ar mhaith, fhoillsigheas slánughadh; noch a deir ré Sion, Atá do Dhía a ríoghacht!
Oír as eision ar síothcháinne, noch do rinne áon dinn aráon, agus do bhris síos balla méadhónach na teóruinne;
Is cumhachtach an TIGHEARNA do Dhía ann do lár: tárthocha sé, gáirdeocha sé ós do chionnsa lé lúathghair; coimhneocha sé ann a ghrádh, gáirdeocha sé ós do chionn le caintic.
Cealg bhíos a ccroidhe na droinge noch smuáinios an tolc: acht do chomh-airleachaibh na síothchána atá gáirdeachus.
Agus Día na síothchana, tug air ais ó mharbhuibh an Tíghearna Iósa, árdáodhaire na gcáorach, tré fhuil an chonnartha shíorruidhe, Go ndéuna sé sibh diongmhalta sa nuile deaghobair, chum a thola do dhéunamh, ag oibriughadh ionnuibh an neithe as geanamhuil na fhíadhnuise, tré Iósa Críosd; dá bhfuil glóir go sáoghal na sáoghal. Amén.
Do bheir sé orum luighe a ninbhear fhéir mínligh: tréoruigh sé mé láimh ris na huisgeadhuibh ciúin.
Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh?
(Oir téighemidne an dream chreideas a steach sa tsuáimhnios,) do réir mar a dubhairt sé, Ar a nadhbharsin tug mé mo mhionna um fheirg, nach rachuid síadsan a steach am shuáímhnios: bíodh gur críochnuigheadh na hoibreacha ó thús an dómhuin.
Agus, na huile neither do dhéunamh réidh ris féin thrídsion, ar ndéunamh siothchána tré fhuil a chroichesean; mas air talamh íad, no air neamh.
Teilg do mhuirighin air an TTIGHEARNA, agus cothochuidh sé thú: ní fhuileonguidh sé an fíréun do chorrughadh go bráth.
Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
Acht is ar son ar lochtne do loiteadh é, do brúigheadh é ar son ar cciontadhne: is airsion do bhí smachdughadh ar síothchána; agus is le na chneadhuibhsion atamaóidne slánuighthe.
An té áitighios a núaingnios аn té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Athair ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na trócaire, agus Día na huilé fhurtachda;