Deir Proverbia 17:1517:15: "Is fuilteach don Tiarna an té a shaorann an ciontach agus an té a chiontaíonn an neamhchiontach." A chara, feiceann tú anseo nach bhfuil aon áit ag Dia le claonpháirtíocht ná le héagóir. Tá sé cothrom agus díreach i ngach slí.
I leabhar Íseáia 1:171:17, tugtar dúshlán dúinn "foghlaim an mhaith a dhéanamh, ceartas a lorg, cabhrú leis an té atá faoi leatrom, ceart a thabhairt don dílleachta, cosaint a thabhairt don bhaintreach." Smaoinigh air seo - táimid á nglaoch chun gníomhú i gcoinne na héagóra, ní hamháin le focail ach le gníomhartha freisin.
Tá an oiread sin daoine ar fud an domhain ag fulaingt mar gheall ar éagóir. Guímis go dtabharfaidh Dia neart dúinn gan a bheith páirteach in aon ghníomh éagóra, agus go gcabhróidh sé linn seasamh an fhírinne.
I Míocá 6:86:8, cuirtear i gcuimhne dúinn cad atá á lorg ag Dia uainn: "Ceartas a dhéanamh, trócaire a ghrá agus siúl go humhal le do Dhia." Ní mór dúinn, mar Chríostaithe, iarracht a dhéanamh a bheith cosúil le hÍosa agus ceartas a lorg i saol atá go minic lán le héagóir.
Cuimhnigh nach bhfuil an ceartas inár lámha féin ach i lámha Dé. Caithfimid muinín a bheith againn as a chumhacht agus a threoir a lorg inár streachailt ar son an chirt.
As éol don Tíghearna na dáoine díagha sháoradh ó chathughadh, agus na dáoine neimhfhiréunta choimhéud go lá an bhreitheamhnuis a bpíannuid:
An té ghlanas an ciontach, agus an té dhamnuighios an díreach, is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA íad aráon.
Do thaisbéin sé dhuit, a dhuine, cred is maith; agus créd íarrus an TIGHEARNA ort, acht ceart do dhéanamh, agus trócaire do ghrádhughadh, agus siubhal go humhal le do Dhía?
¶ Ní dhéantaoi éacceart a mbreitheamhnus, a ttomhas slaite, a gcomhthrom, nó a miosúireachd.
Foghlamuigh maith do dhéanamh; íarruigh breitheamhnus, cobhruighidh na boicht, breathnuighidh an dilleachda, tagraidh ar son na baintreabhuigh.
Is é gáirdeachus a nfíréin bréitheamhnus do dhéanamh: acht biáidh milleadh do lucht oibrighthe a néigcéirt.
Is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA comhthrom fhallsa: acht sé an comhthrom ceart a dhúil.
Is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA na béil bhréagacha: acht is íad an drong dhéanas go fírinneach a dhúil.
Amhairg don lucht bhreathnuighios breitheamhnus éaigceart, agus scriobhas buáidhreadh dórduigheadar féin; Fa mar fuair mo lámhsa rioghachda na niodhal, agus ar sháruigheadar a níomháighe grábhálta íad súd ann Ierusalem agus a Samária; Mar do rinne misi re Sámaria agus re na hiodhalaibh, mar sin nach déana mé, re Ierusalem agus re na hiodhaluibh? Uimesin tiucfa a ccrích, a nuáir chriochnochus an Tighearna a obair iomlán ar shliabh Sion agus ar Ierusalem, diogholuidh mé toradh an chroidhe uáibhrigh ar rígh na Hassiria, agus glóir a radhairc aird. Oir a déara sé, Lé neart mo lámh do rinne mé é, agus lé mo ghliocus; óir atáim glic: agus dáthruigh mé téora na ndaoine, agus do shlad mé a nionnmhus, agus dol chuir mé síos na dúthchusaigh amhuil duine cródha. Agus fuáir mo lámh amhuil nead, saidhbhrios an phobail: agus mar chruinnighios neach uighe do fágbhadh, do chruinnigh mé an talamh uile; agus ní raibh neach do chorruidh an sciathán, nó dfoscuil an béul, nó do phiobuidh. A ndéana an túagh spleadhachus aiste féin a naghaidh an té ghearras lé? nó an mórfuidh an tuiriosg é féin a naghaidh an té chroitheas é? mar do chroithfeadh an tslat í féin anaghaidh an té thógbhas súas í, no mar thóigfeadh an bata é féin súas, mar budh nach ar mhaide é. Uimesin cuirfidh an Tighearna, Tighearna na slógh, trúadhus a measg a dhaóine méithe; agus faói na ghlóir lasfuidh sé losgadh amhail losgadh teineadh. Agus biaidh solus Israel mar theine, agus a Aóin Náomhtha mar lasair: agus loisgfidh agus caithfidh a dhreasa agus a dhosáin a náonló; Agus críochnochuigh glóir a fhoraóise, agus a mhachaire thórthuigh, eidir anam agus chorp: agus biáidh mar fhear bratuighe a nuáir a laguidhear é. Agus an chuid oile do chrannuibh a fhoraóise budh tearc íad, go scriobhthadh leanamh íad. Diompógh na neasbhuidheach ó bhreitheamhnus, agus do bhreithre a ceirt ó bhochduibh mo mhuinntire, chor go mbéid na bamtreabhacha na ccreich aca, agus go sladfuid na dílleachdaigh!
Fúathuighidh an TIGHEARNA na sé neithesé: fós atá a seacht na adhfhúath-mhaireacht aige: Féuchuin uaibhreach, teanga bhréagach, agus lámha dhóirtios fuil neimhchiontach, Croidhe thionsgnas smuaintighthe urchóideacha, cosa bhíos lúath do rioth chum uilc, Fiadhnuisi bhréagach labhras bréaga, agus an té shíolchuirios ceannairge idir dhearbhráithribh.
Déanaidh ceart don bhocht agus don dílleachta: déanuidh cóir don duine chráite agus do neasbhuidheach. Sáor an bocht agus an ríachtanach: ó láimh an duine urchóidigh tárthuigh é.
Deana breitheamhnus orum, a Día, agus tagair mó chúis an anaghaidh an ccineadh neamhthrócaireach: saor mé ó fhear na mealltóireachda agus na hurchoide.
Measuidh an fíréun cúis an bhoicht: acht ní chuirionn an drochdhuine áird air a fhios do bheith aige.
Cluin so, ó ar Ndíane; óir atámaóid fá tharcuisne: agus iompóigh a masla ar a cceann féin, agus tabhair na ccreich íad a ttír ná daóirsine: Agus na ceil a néaigceart, agus ná scriostar amach a bpeacadh as tfiadhnuisisi: óir do bhrostuigheadar chum feirge thu a lathair an luchd oibre.
Dealuigh ó nolc, agus déan maith; agus áitreibh go bráth. Oír is ionmhuin leis an TTIGHEARNA breitheamhnus, agus ní thréigionn a naóimh; agus atáid daingion go bráth: achd gearrfar sliochd an drochdhuine ar fad. Géabhaid na daoine fíréunta oighreachd a nfeáruinn, agus áitreobhuid ann go síorruidhe.
Ar son sáruighthe na mbochd, ar son osnadhach na neasbhadhach, anois éireocha mé, (a dubhairt an TIGHEARNA); cuirfé mé eision a neamhbaoghal ón té do chuirfeadh a ngaiste é.
Oscuil do bhéul ar son an duine bhailbh a ccúis a nuile dhuine do cinneadh chum aidhmhillte. Oscuil do bhéul, déan breitheamhnus comhthrom, agus aighnis cúis an bhoicht agus án ríachtanuigh.
Oír as ní ceart ag Día malairt buáidheartha do thabhairt don druing bhuáidhreas síbh; Agus suáimhneas dibhse fhuilngeas buáidhirt má ráon rinne, an tan fhoillséochas an Tíghearna Iósa é féin ó neamh maille ré na ainglibh cúmhachdacha,
O a fhlaitheamhnuis, bíodh gairdearchas ort dá táobh, agus oruibhse a apsdala agus a fháidhe náomhtha; óir do riune Día dioghaltus uirrthe ar bhur sonsa.
As mór dolc do rinne Alecsandar an céard copair oram: go dtuguidh an Tíghearna dhó réir a ghníomharthadh.
Ní dhéana tú coimhéigneadh breitheamhnuis; ní thiubhra tú meas ar péarsuinnibh seach a chéile, agus ní ghéubha tú cumha: óir dalluigh an chumha súile na ndaóine eagnuighe, agus aidhmhillidh briathra na bhfíréan.
Oír misi an TIGHEARNA grádhuighim breitheamhnus, is fúath líom sladmhóireachd mar ofrail loisge; agus séolfa mé a nobair a bhfírinne, agus do dhéana mé cunnradh súthain ríu.
Ní rachuid fíadhnuisigh bhréige gan dioghaltas, agus an té labhras na breuga ní rachaidh sé as.
Is marso a deir an TIGHEARNA; Déanuidh breitheamhnus agus fíréantach, agus sáoruidh an díoghbhálach as láimh an dibhfheirgidh: agus nadé anuidh éagcóir, na déanuidh éigion ar an ccoimhthigheach, ar an ndilleachda, no air an mbaintreabhuigh, agus ná dóirtidhe fuil neimhchiontach annsa náitsi.
Ar a nadhbharsin do bhrígh gorub air an mbocht shaltras sibh, agus go mbearthaói úaluighthe cruithneachda úadha: do rinneabhair tighthe do chlochaibh snoighte, acht ní áitreochthaói ionta; do phlannduigheabhair fíneamhna taitneamhacha, acht ní iobhthaói fíon díobh. Oír is aithnid damhsa bhur niomad ciontadh agus bhur bpeacuidhe an‐mhóra: céusuid an fíréun, glacuid cumhaidh, agus fillid an bocht do leaththáoibh annsa gheata.
A THIGHEARNA, do chúaluidh tú fonn a na numhal: uillmheocha tú a ccroidhe, do bhéarair air do chluáis éisdeachd: Chum breitheamhnuis do dhéanamh air an ndílleachd agus air an té foiréigeantar, chor nach éigneochaidh fear na talmhan ní budh mó.
Na fearguidh thú féin fá luchd déanta a nuilc, ná bí aingidhe a naghaidh luchda oibrighthe a néigceirt. Agus fós beagán, agus ní bhiáidh an cionntach ann: measfa tú go dúthrachdach a ionad, agus ní bhfuil sé ann. Acht géubhuid na ceansuighthe oighreachd a nfearuinn; agus biáidh a ndúil a niomad na síothchána. Do ní an tanduine tionsgnamh a naghaidh a nionnruic, agus do ní díoscán na aghaidh ré na fhíaclaibh. Do dhéana an TIGHEARNA gáire uime: óir do chí go ttiucfaidh a lá. Do thairngeadar na drochdhaóine an cloidheamh, agus do réighiodar a mbogha, do theilgean na mbuaidheartha agus an mbochd síos, agus do mharbhadh na ndíreach san tslighe. Rachuidh a ccloidheamh a steach iona ccroidhe féin, agus brisfighthear a mbogha. Is féarr an beagan atá ag an bhfíréun ná saidhbhrios mhóráin do dhrochdhaóinibh. Oír brisfighthear rightheach na ndrochdhaóine: acht congmhaidh an TIGHEARNA an fíréun súas. As aithne don TIGHEARNA láethe na ndíreach: agus biáidh a noighreachd go síorruidhe. Ní bhiáidh náire orra a naimsir a nuilc: agus béid sásuigh a laéthibh na gorta. Oír mar an bhféur gearrfuighear síos go hobann íad, agus críonfuid mar an luibh ghlais.
An ní bhías ro cheart is sé leanfas tú, chor go mairfe tú, agus go ngeubha tú oighreachd a nfearuinn do bhéara do THIGHEARNA Día dhuit.
Gan leathrom na méabhail do dhéunamh déinneach air a dhearbhrathair: óir do ní Día díoghaltus sna neithibhse uile, do réir mar a dubhramar cheana ribh, agus do rinneamar dfíadhnuisi.
Taisbeantar fabhar don chiontach, gidheadh ní fhoghluimfidh sé fíréantachd: a ndúthaigh an cheirt do dhéanuidh go hégceart, agus ní fhéuchfuidh sé air mhórdháchd an TIGHEARNA. A THIGHEARNA, a núair thóigfighear do lámh súas, ní fhaicid síad: acht do chífid, agus béid náireach ar son a ttnútha ris an bpobal; loisgfidh fós, teine do námhadsa íad.
Ní choimhéigneocha tú breitheamhnus do bhoichd ann a chúis. Connuimh thú féin a bhfad ó chúis bhréugaidh; agus an neimhchiontach agus an fírean ná marbh thusa: óir ní gheabha misi leithscéal an drochdhuine.
Ní tuigid na drochdhaóine breitheamhnus: acht tuigid an drong íarrus an TIGHEARNA gach uile ní.
Ní bhuaidheóra tú agus ni bhrúighfe tú coimhightheach: óir do bhábhair féin bhur ccoimhightheachuibh a gcrích na Hégipte. Ní dhéana tú léathtrom air bhaintreabhuidh, nó ar dhíleachda air bith.
¶ Agus tuilleamh oile do chonnaire mé fan ngréin áit an breitheamhnuis, go raibh urchóid annsin; agus a náit an cheirt, go raibh éaigceart ann. Agus a dubhairt mé ann mo chroidhe, Breithneochuidh Día an fíréan agus an drochdhuine: óir atá am ann chum gach uile oibre agus chum gach uile thionscanta.
An té scannluighios a chomharsa ós isiol, géarrfad eision amach: an tárrachta a radharc agus an tuáibhreach a ccroidhe leision ní fhéaduim iomchar.
¶ Marso a deir an TIGHEARNA; Ar son thrí sáruighthe Israel, agus ar son a ceathair, ní choigeola mé é; do bhrígh gur reacadar an fíréun air airgiod, agus an bhocht ar phéire bróg; Noch shéideanas déis luáithrigh na talmhan air cheann an bhoicht, agus iompoighios slighe an cheannsuigh do leaththáoibh: agus rachuidh duine agus a athair chum na maighdine, do maslughadh manma náomhthasa:
Agus tiucfa mé láimh ribh chum breitheamhnuis; agus biáidh mé am fhíadhnuisi luáth a naghaidh na bpiseógach, agus a naghaidh na nadhaltrannach, agus a naghaidh na néitheach, agus a naghaidh mhealltach na seirbhíseach iona dtúarusdal, na baintreabhthuighe, agus an dilleachda, agus iompoighios do leath taóibh an coimbthigheach agus nach eagluidhionn romhamsa, a deir TIGHEARNA na slógh.
Ní maith meas do bheith ar dhaóinibh tar chéile: óir ciontochuidh an fearsin ar son greama aráin.
Acht an tí do dhéanas glóir, glóruigheadh annso, go ttuigionn sé agus go naithnighionn sé misi, gur mé an TIGHEARNA chleachtas cinéul grádhach, breitheamhnus, agus fíréantachd, annsa talamh: óir is annsna neithibhsi dhúilighim a deir an TIGHEARNA.
Noch do ní ciontach do dhuine arson focail, agus chuirios paintéur a ccoinne an tí aithbhirios annsa gheata, agus chuireas an fíréun do leaththaoibh ar son neithe gan bhrígh.
Ag cur bhreitheamhnuis a gcrích don té do laguigheadh: ag tabhairt aráin do nocrach. Fúasclaidh an TIGHEARNA na príosúnaigh: Fosgluidh an TIGHEARNA súile na ndall: tógbhuidh an TIGHEARNA súas an drong chláonas síos: is ionmhuin leis an TTIGHEARNA na fíréin: Coimhéaduigh an TIGHEARNA an duine coigcríche; an dílleachta agus an bhaíntreabhach tógbhaidh sé súas: acht cuiridh sé slighe an chiontoigh bun ós cionn.
An labharthaoi ceart dha ríribh, a choimhthionól? a ndéantaói breitheamhnus go díreach, sibhse a chlann na ndaóine? Do dhéana an fíréun lúathgháire an tan chífios an dioghaltas: nighfe a chosa a bhfuil na neimhdhíadhach. Agus a déara duine, Go deimhin, atá sochar ag an bhfíreun: go dearbhtha sé Día do ní breitheamhnus air an ttalamh. A seadh, a ccroidhe oibrighthí urchóid; annsa talamh chomhthromaidh foiréigion bhur lámh.
Daingnigh an rígh an dúthaigh lé breitheamhnus: acht an té ghabhas tiodhlaicthe scriosuidh sé í.
Nach é so an trosgadh do thogh misi? do sgaoileadh cuibhreach a nuilc, déadtromadh na núalach trom, agus an mhuinntir sharuighte dfhuasgladh, agus go mbriseadh sibh gach uile chuibhreach? Nach chum haráin do roinn ar na hocrachaibh, agus go ttugthá dot thigh na boicht air seachrán? a nuáir do chife tú an tárrnochd, go bhfoileocha tú é, agus nach bhfoileocha tú thú féin ód fheoil féin?
¶ Ní sháireocha tú éintserbhíseach túarusdail dá mbia bochd nó daidhbhir, dot dhearbhráithribh, no dot coimhitheachuibh noch atá ann do dhúíthche táobh a stigh dot dhoirsibh: Iona ló cinnte do bhéara tú a thúarusdal dó, agus ní rachuidh an ghrían síos air; óir atá sé bochd, agus cuiridh sé a chroidhe air: deagla go néighfeadh sé ad aghuidh ar an TTIGHEARNA, agus go mbíadh na pheacadh ort.
¶ Ciondus do rinneadh meirdreach don chathruigh chreidmhigh! do bhí sí lán do bhreitheamhnus; do chomhnuigheadh an tionnracus innte; acht a nois na dúnmharbhthuigh.
Ná slad an bocht, do bhrígh go bhfuil sé bocht: ná brúigh an trúaghan annsa gheata: Oír taigeoruidh an TIGHEARNA a ccúis, agus millfidh sé anam an té mhillios íadsan.
Acht do ní dídean don bhocht air an ccloidheamh, ó na mbeul, agus ó láimh na ccumhachdach. Mairsin atá dóigh ag an mbocht, agus stopuidh an téaicceart a béul.
¶ A mhairg don druing ghoireas don nolc maith, agus don mhaith olc; agus chuirios dorchadas ar son soluis, agus solus ar son dórchadais; agus chuirios searbhus ar son millsi, agus millse ar son searbhuis!
An té sháruighios an bocht masluighidh sé a Chruthaightheoir: an té onoruighios é bí trócaire ann don bhocht.
Achd is anáoibhinn dáoibh, a phairisíneach! do brígh go ngabhtháoi deachmhaidh an mhiontius agus na ruibhe agus na uile luibheann, achd gabhtháoithar bhreitheamhnus agus ghrádh Dé: do búdh cúir iád so do dhéamnamh, agus gan iád súd do leígeann gan déanamh.
¶ Eistigh so, a lucht shluigios súas na ríachdanuigh, eadhon do thabhairt ar bhochtaibh a nfearuinn meath, Ag rádh, Cá huáir rachus an ghealach núadh uáinn, chor go reacfam arbhar? agus an tsábboid, le ccuirfemís cruithneacht amach, ag déanamh an ephah beag, agus an tsecel mór, agus ag fallsughadh na ccomhthrom le mealltoireachd? Chor go cceinneochamaóis an bochd le hairgiod, agus an teasbhadhach air phéire bróg; fós, go reacam salchar na ccruithneachda?
Ni thóigfe tú iomradh bréagach: ná cuír do lámh leis na drochdháoinibh chum bheith ad fhíaghuin neimhfhíréunta. Agus sé blíadhna chuirfeas tú thfearann, agus chruinneochus tú a thórtha a steach: Achd an seachdmhadh blíadhan léigfe tú dhó luighe agus bheith na chomhnuighe; ionnus go níosuid bóichd do phobuil de: agus go níosuíd beathuigh an mhachaire a bhfuigfil síad. Ar na modh gcéadna do dhéana tú réd fhíneamhuin, agus réd gháirdín ola. Sé lá do dhéana tú hobair, agus do dhéana tú comhnuighe an seachdmhadh lá: ionnus go gcomhneochuidh do dhamh agus hassal, agus go neartuighe mac do chumhaile, agus an coimhightheach. Agus ann gach uile ní dá ndubhairt mé riot bí go fuireachair: agus ná tárr thair anmanuíbh dée ar bith eile, narob mó chluinfighear as do bbéul é. Trí huáire choinneochus tú féusda dhamhsa san mblídahuin. Coinneocha tú féusda a naráin gan laibhín: agus íosa tú arán gan laibhín seachd lá, mar do aithin misi dhíot, ann sa nam chinnte don mhí Abib; óir is innte tháinic tú amach as a Négipt: agus ní thiucfa éinneach dom láthairsi folamh: Agus féusda an fhoghmhair, céadthórtha do sháothair, noch do chuir tú san mhachaire: agus féusda an chruinnighthe a steach, a ndeireadh na blíadhna, a nuáir chruinneochus tú a steach do shaothar ón mhachaire. Tri huáire san mblíadhuin thiucfuid thfir uile a lathair an TIGHEARNA Día. Ní ofráile tú fuil mo íodhbarthasa le harán laibhín; ni mó fhanfas méathas mo iodhbartha go maidin. An chéad chuid do chéad thórthuibh thfearuinn do bhéura tú go tigh an TIGHEARNA do Dhía. Ní bhruithfe tú meannán a mbainne a mhathar. Ní leanfa tú iomad do dheanamh uilc; ní mó laibheórus tú a gcúis do chláonadh lé morán do thabhach breatheamhnuis: Féuch, cuirim Aingeal romhad, dot choimhéud annsa tslighe, agus dot bhreith do náit do ullmhaigh mé. Bí ar do choimhéad air, agus umhluigh dá ghuth, ná brostuigh é; óir ní thiubhra sé maithfeachus do bhur gciontuibh: óir atá mainmsi annsan. Achd má umhluigheann tú dhá ríribh dhá ghuth, agus go ndéarna tú a nabruimsi uile; ann sin biaidh mé am námhuid dot naimhdibh; agus am eascaruid dod eascairdibh. Oír rachuidh Maingeal romhad, agus do bheura a steach thu chum na Namoríteach, agus chum na Hítiteach, agus na Bperisíteach, agus na Gcananíteach, no Hibhíteach, agus na Iebusiteach: agus gearrfa mé amach íad. Ní chromtha tú síos dá ndeéibh, ní dhéana tú seirbhís dóibh, ní mó dhéanas tú do réir a noibreach: ach scriosfa tú íad go léir, agus brisfe tú go léir a níomhaighe. Agus foigheontáoi don TIGHEARNA bhur Ndía agus beinneochuidh sé harán agus huisge; agus béura misi heasláinte as do lár. Ní theilgfidh éinní a nóga, ní mó bhéid seasc, ann thfearann: uibhir do láetheadh coimhlíonfa mé. Cuirfe mé meagla as do choinne, agus scriosfa mé na huile dháoine a gcionn a ttiúcfa tú, agus do bhéura mé ar húile naimhde a ndruim diompógh riot. Agus cuirfe me céarnabháin romhad, noch dhíbeorus amach an Hibhíteach, an Canaaníteach, agus an Hitíteach, as do lathair. Ní dhíbeóra mé amách romhad íad a néinbhlíadhuin; deagla go ttiucfadh an fearann chum fásuigh, agus go lionfadh beathach an mháchaire ad aghuidh. Ni mó choitheochus tú duine bochd ann a chúis.
¶ Ní dhéantáoi éacceart a mbreitheamhas: ní mheasfuidh tú pearsa an bhoichd, agus ní onórfuigh tu pearsa an chumhachduigh: a bhfíreantachd do dhéana tú breitheamhnus ar do chomharsain.
¶ Gidheadh fuirfheithmhigh an TIGHEARNA, ré bheith grásamhuil daóibh, agus áirdeochthar uimesin é, chor go ndéana sé trócaire oruibh: óir is Día breitheamhnuis an TIGHEARNA: is beannuigh an mhéid fhuirfheithfios air.
Amhuil luighios an phatruisc air a huighibh, agus nach gcuirionn íad; marsin an té do gheibh saidhbhrios, agus nach lé ceart, fuigfidh sé íad a lár a láetheadh, agus iona chrích dheighionuigh biaidh sé na amadán.
Marsin dfill mé, agus do mheas mé a nuile leathtrom do níthear fá ngréin: agus féuch déora na druinge do bhí fa leathtrom, agus ní raibh cabhárthach aca; agus air tháobh na muinntire do rinne léathtrom orra do bhí neart; achd ní raibh cabharthach air bith acasan.
As anáoibhinn dáoibh a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhaidh! oír gabhtháoi deachmhuidh an mhionntais agus na hainíse agus an choimin, agus leigthí tharuibh an chuid is tábhachduigh don dligheadh, comhthrom, agus trocaire, agus firinne: do budh coir dháoibh íad so do dhéanamh, agus gán íad súd dfágbháil gan déanamh.
Is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA comhthruim éagsamhla; agus an meadh mealltach ní maith í.
Ní dhéana tú léathtrom air bhaintreabhuidh, nó ar dhíleachda air bith. Má ghortuigheann tú íad ar éanchor, agus a ccomhairc do theachd chugamsa, éisdfe mé go deimhin á ccomhairc;
Agus do filleadh breitheamhnus ar ccúl uáinn, agus seasuidh an ceart a bhfad uáinn: óir do thuit a nfírinne annsa tsráid, agus ní fhéadann an chóir dul a steach. Dfailligh fós, a nfírinne; an té sheachnus an tolc do ní sé creach dhe féin: agus do chonnairc an TIGHEARNA sin, agus dob olc leis nach raibh breitheamhnus air bith ann.
A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna.
Go ma malluigh an té chlaonus breitheamhnus an choimhidhthidh, an dílleachda, agus na baintreabhuigh. Agus déara an pobal uile, Amén.
Rachaidh an TIGHEARNA chum breitheamhnuis re sinnsioruibh a phobail, agus ré na bprionnsadhuibh: óir a dúabhair súas a nfíneamhuin; agus atá éadáil na mbochd ann bhur ttighthibh. Cred é bhur ccíall as a mbrúightighe mó dhaóine na bpíosuibh, agus as a meiltíghe aighthe na mbocht? ar sa TIGHEARNA Día na slógh?
Ní maith gabháil re pearsuinn an drochdhuine, do theilgion a nionnruic a mbreitheamhnus.
Acht mairfidh an TIGHEARNA choidhche: dullmhuigh sé a árdchathaóir chum breitheamhnuis. Agus do dhéana sé breitheamhnus air an sáoghal a bhfiréantachd, do dhéana sé breitheamhnus don phobal a bhfírinne. Bíaidh an TIGHEARNA mar an ccéadna na ionad dídin don té sháruighthear, na dhaingion a naimsearuibh buáidheartha.
Oír do gheabhthar a measg mo phobail drochdhaóine: cuirid luidheach án, amhuil an té chuirios lionta; cuirid dul, gabhuid síad daóine. Amhuil bhíos clíabhán lán déunuibh, is mar sin bhíos a ttighthe lán do cheilg: uimesin dfasadar mór, agus atáid síad saidhbhir. Dfásadar méith, agus déallruighid: fós, sáruighid síad gníomha na ndrochdhaoine: ní bhreathnuighid síad an chúis, cúis an dílleachda, gidheadh tigid ar a naghaidh; agus ní bhreathnuighid cóir a neasbhuidhigh. Nach ccuairteocha misi ar son na neitheannsa? a deir an TIGHEARNA: nach bia manam dioghaltach ar a leithéid so do chineadh?
Gidh bé déaras ris an gciontach, Atá tú ionnruic; mailleochuidh an pobal é, fúathochuid cineadhacha é: Acht biáidh áoibhneas don droing aithbhioras é, agus tiucfuídh beannughadh maith orra.
Créd fá ttáisbeanann tú éigceart dhamh, agus a thabhairt orum doilghios dfaicsin? óir atá cneadh agus foiréigean as mo choinne: agus atá drong ann thógbhus súas ceannairg agus imreasan. Uimesin do failligheadh an dligheadh, agus ní théid breitheamhnus choidhche amach: óir íadhuid na ciontuigh a ttimchioll na bhfíréan; uime sin théid breitheamhnus éigcóir ar adhaigh.
Ca fad bhéithí ag breith bhreitheamhnuis go neimhcheart, agus ghéabhtháoi pearsanna na gciontach? Selah.
A né nach déana Diá dioghaltas ar son a dháoine toghtha féin, éimhgheas air do lá agus doidhche, ge atá foighid aige na ttimcheall? A deirim ribh go ndéana sé dioghaltas ar a son go lúath. Achd cheanna an tan thiocfas Mac an duine, an bhfuighe sé creideamh ar an dtalamh?
Agus gidh bé agá bhfuil maóin an tsáoghailse, agus do chí a dhearbhráthair a ríachdanas, agus nach déun trúaighe dhó, cionnus chomhnuigheas gradh Dé ann?
An té sháruighios an bocht do mhéadughadh a sháidhbhriosa féin, agus an té do bheir don tsáidhbhir, tiucfuidh sé go deimhin chum ríachdanuis.
Agus ní ghéubha tú tiodhlaiceadh ar bith: óir dalluidh an tiodhlaiceadh an teagnuighe, agus iompóidh bunoscionn bríathra an ionnruic.
An mbía cumann riotsa ag cathaóir na hurchóide, noch chumas éaigceart re dligheadh? Coimhcheanglaid íad feín a naghaidh anma a nfíréin, agus damnuighid an fhuil neimhchiontach.
Agus tárla, a núair do chuála Ahab go raibh Nábot marbh, gur éirigh Ahab do dhul síos go fíneamhuin Nábot an Niesreelitigh, do ghlacadh seilbhe ann.
¶ Má chí tú fóirneart air an mbocht, agus cláonadh éigiontach breitheamhnuis agus ceirt a bproibhinnse, ná bíodh iongnadh agad annsa chúis: óir airighidh an té is airde ná an té is ro áirde: agus atá ann ní is áirde ná íadsan.
Glacaidh an drochdhuine tiodhlacadh as a nucht do chláonadh slighthe an bhreitheamhnuis.
Oír do bhí ocarus oram, agus tugabhair ní ré a ithe dhamh: do bhí tart oram, agus tugabhair deoch dhamh: do bhí mé am dhuine coigcríche, agus tugabhair áoidheachd dhamh: Do bhí mé lomnochd, agus do chuireabhairsi éadach umam: do bhí mé tinn, agus tangabhair dom fhéachuin: do bhí mé a bpríosún, agus tangabhuir dom ionnsaidh.
¶ A mhairg don tí do ní foirgneadh a thighe re héicceart, agus a sheomradha lé héaccóruibh; ghlacus seirbhís a chomharsan gan túarustal, agus nach ttabhair dhó ar son a sháothair;
Agus a dubhairt sé riú, Feachaidh, agus seachnuidh sibh ar a tsaint: oír ní a níomarcuigh an tsaídhbhris atá ag duine air bith atá a bheatha.
Bí bíadh mór a ttreabhadh an bhoicht: acht bídh neach ann do mhilltear do dhíth breitheamhnuis.
Agus créd do dhéantaoi a ló na cúarta, agus annsa léirsgrios thiucfas as imchían? cía gus a rachthaói ar cabhair? agus cáit a bhfúigfidhe bhur nglóir?
Ag súd chuige sibh a nois, a dhaóine saighbhre, déunuidh gul agus uáillfeartach, ar son na namhgar thiucfus oruibh. Gabhuidh chúguibh, a dhearbhráithre, na fáidhe, do labhair a naimn an Tíghearna, mar eisiompláire fúlaing anshóigh, agus foighide imchéine. Féuch, measmaóid gur beannuigh an drong bheir fúlang úatha. Do chúalabhair teachd air fhoighid Iób, agus do chonnairc sibh críoch an Tíghearna; oír atá an Tíghearna lán do thruáighe, agus do thrócaire. Agus roimh na huile neitheibh, a dheabhráithre, ná tabhruidh mionna, mar atá neamh, ná talamh, na mionna ar bith eile: achd go madh bé bhur gcomhrádh aseadh, aseadh; agus ní headh, ní headh; deagla tuiteam dhíbh a ndamnughadh. An bhfuil éinneach eadruibh ar na bhuáidhreadh? déunadh sé urnuighe. An bhfuil subhachas ar éinneach? cánadh sé sailm. An bhfuil éinneach éugruáidh eadruibh? cuireadh sé fios ar shinnsearuibh na heagluise, agus déunuidís guídhe ar a shon, ar na ungadh dhóibh ré hola a nainm an Tíghearna: Agus sábhálfuidh urnuighe an chreidimh an teaslán, agus tóigéabhuidh an Tíghearna súas é; agus má rinne sé peacuigh, do gheabhuidh sé maitheamhnas ionnta. Admhuighe bhur gcionta dhá chéile, agus déunuidh guidhe ar son a chéile, chum go leighéosfuidh sibh. Oir as mór an bhrígh atá a nurnuighe dhúthrachduigh a nfíréin. Do bhí Elías na dhuine anbhfann cosmhuil rinne, agus do ghuidh sé go dúthrachdach fá gan fhearthuinn do bheith ann: agus ní dhearnadh fearthuin ar an dtalamh feadh thrí mbliadhan agus sé míos. Agus do ghuídh sé a rís, agus tug neamh fearthuin úadha, agus tug an talamh a thoradh. A dheabhráithre, má atá aóin neach bhur measg ar ndul ar seachrán ón bhfírinne, agus gur impóigh éinneach é; Atá bhur saidhbhrios lóbhtha, atá bhur gcluigheacha ar na nithe ó mhíoluibh críona. Bíodh a fhios aige go sárfuidh an tí do iompóigh an peacach ó sheachrán a shligheadh anam ó bhás, agus go gcuirfe folach ar iomad peacadh. Atá bhur nór agus bhur náirgead ar nglacadh meirge; agus biáidh a meirg na fíadhnuise bhur naghuidh, agus cnaóifidh sí bhur bhfeóil mar theine. Do rinneabhair cisde fá chómhair ná laétheadh ndeigheanach. Féuch, atá túarásdal an luch oibre do bhean bhur nguirt, do chunnaimh sibh úatha tre hengcóir, ag éighmhe: agus do chuádar éighmhe an luchd búana a steach a gclúasaibh Tíghearna na slógh.
Déaruid mo chnámha uile, O а THIGHEARNA, cia is cosmhuil leachdsa, noch sháorus an bochd ó nduine atá ainneartmhar na aghaidh, agus an bocht agus an teasbhuidheach ón té mhillios é?
Ní bhuaidheóra tú agus ni bhrúighfe tú coimhightheach: óir do bhábhair féin bhur ccoimhightheachuibh a gcrích na Hégipte.
Oír cred é dóthchus a nfúarchráibhthigh, matá gur tharbhaidh sé ní, a nuáir bheirios Día a anum leis? A néistfidh Día a chomhairc an tan thiucfas buaidhreadh air?
Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe.
Leagfuidh an TIGHEARNA tigh a nuáibhrigh: acht daingneochuidh sé teóra na baintreabhuigh.
Oír is ionmhuin leis an TTIGHEARNA breitheamhnus, agus ní thréigionn a naóimh; agus atáid daingion go bráth: achd gearrfar sliochd an drochdhuine ar fad.
¶ Go deimhin cuiridh leathtrom, duine críonna ar buile; agus millidh tiodhlacadh an croídhe.
Agus tárthochuidh tu na daóine buáidheartha: achd atáid do shúile ar na daóinibh árda, chor go ccuirfidh tú síos íad.
Do ghuidhfinn chum Dé, agus is a leith Dé do chuirfinn mo chúis: Noch do ní neithe móra dóspíonta; neithe iongantacha gan áireamh:
An té shiubhluighios go hionnruic, agus labhrus go díreach; an té tharcuisnighios tairbhe na héagcóra, chroithios a lámh ó ghlacadh cumhtha, stopas a chlúasa ó chluinsion fola, agus dhruidios a shúile ó fhaicsin uile;
Athruighid dream comharthadha a nfearuinn; beirid tréuda ar éigin léo, agus ithid cuid díobh. Dearmodfuigh an bhru é; beathochuidh an phéist go milis air; ní cuimhneochthar ní sa mhó é; agus stíallfuighthear an tolc mar chrann. Bí sé go holc ris an díosc nach beirionn: agus ní dhéanann maith don bhaintreabhuigh. Táirngidh sé mar an gcéadna an cumhachdach le na neart: éirghidh sé súas, agus ní bhía aóinneach daingionn as a mharthuinn. Bíodh gur tugadh dhó bheith a ndaingean, ar a mbí a shuáimhneas; thairis sin bíd a shúile ar a slighthibhsion. Tógthar súas íad ar feadh tamuill, acht ní bhuilid ann agus beirthior síos íad; beirthior as a tslighe íad mar a nuile dhuine oile, agus géarrthar amach íad mar cheannuibh déus arbha. Agus mun budh mairsin atá anois, cía dhéanas misi bréagach, agus dhéanas mo ghlór beagluáich. Tiománuid rompa asal na ndilleachdadh, glacaid damh na baintreabhuigh mar gheall. Iompoighid an ríachdanach as a tslighe: folchuid boichd na talmhan íad féin a bhfochair a chéile.
¶ O a THIGHEARNA, atá a fhios agad: cuimhnigh orumsa, agus tárr dom fhéuchuin, agus dioghail mé ar mo lucht inghreama; ná beir as mé a bhfoighid fhada do dheagh‐mhéinse: bíodh a fhios agad gurab ar do shonsa dfulaing mé masla.
Is aithne dhamh go ndéana an TIGHEARNA ceart don bhuáidhearthach, agus breitheamhnus do nuireasbhuidheach.
Do chonairc mé so oile, agus thug mé mo chroidhe do nuile obair do níthear faói an ngréin: bí úair ann a ríaghlann duine ós cionn aroile chum a dhochair féin.
Agus do fhíafruigh an slúagh nile dhe, ag rádh, Ar a nadhbharsin créud do dheunam? Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, An té agá bhfuil dá chóta, roinneadh ris an té ag nach bhfuil; agus gidh bé agá bhfuil bíadh, déanadh sé mar an gcéudna.
Gidh bé bheir ní don bhocht ní bhiáidh easbhuigh air: acht an té fholchus a shúile do gheabha sé mórán mallacht.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Fós, is dearbh nach déana Día go holc, ní mó mhillfios an Tuilechumhachtach breitheamhnus.
Do ní Día breitheamhnus air an bhfíréun, agus bí Día feargach ris an cciontach gach éanlá.
Bí an duine éaigceart na adhfhúathmhaireacht ag an duine cheart: agus an té bhíos fíréanta iona shlighthibh bí sé na adhfhúathmhaireacht don chiontach.
Bíodh cuimhne aguibh ar an druing atá ceangailte, amhuil coimhcheangailte riu; agus ar an druing fhuilngeas anshógh, ar mbeith dhíbh féin fós sa gcoluinn.
Ata Spiorad an Tighearna DIA orumsa; do bhrígh gur ung an TIGHEARNA mé do sheanmóir sgéula maithe do na ceannsuighibh; do chuir sé mé do cheangal súas na ccroidhthe mbriste, dfúagra saóirse do na braighdibh, agus oscuilte an phríusúin don druing atá ceangailte; Gáirdeochuidh mé go mór annsa TIGHEARNA, biáidh manam sólásach ann mo Dhia; óir déaduigh sé mé a cculadhuibh an tslánaighthe, dfoluigh sé mé le róba na firéantachda, amhuil chóirigheas fear núadhpósta é féin le breághachtuibh, agus mar chóirigheas an bhean núadhphósta í féin lé na séuduibh. Oír mar do bheir an talamh a fhás amach, agus amhuil do bheir an gáirdín ar na neithibh cuirthear ann fás a níos; marsin do bhéar an Tighearna DIA fíréanntachd agus moladh dfás súas as coinne na nuile chríoch. Dfúagra blíadhna taitneamhuigh an TIGHEARNA, agus láe dioghaltais ar Ndé; do chabhrughadh na méide chaoidheas:
Ní tharbhuighionn an saidhbhrios a ló an dioghaltais: acht sáoruidh a nfíréantachd ó bhás.
Bíaidh an TIGHEARNA mar an ccéadna na ionad dídin don té sháruighthear, na dhaingion a naimsearuibh buáidheartha.
Mar an gcéadna ní bhrúighfe tú coimhightheach: óir is aithnidh dhíbh croidhe an choimhighthigh, ó bhábhair féin bhur gcoimhightheachuibh a ccrích na Hégipte.
Is olc fós soithighidh an tsantuigh: tionscnuidh sé droichthionnscanta do scrios an bhoichd le bríathraibh bréagacha, eadhon a nuáir labhras an teasbhuidheach go ceart.
Ní dhéanann grádh olc don chomharsain: ar a nadhbharsin a sé an grádh coimhlionadh an dlighe.