Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 10:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Cad a dhéanfaidh sibh lá na hanachana nuair a thiocfaidh an tubaiste ó chríoch i gcéin? Cé chuige a rithfidh sibh ar lorg cabhrach? Cá bhfágfaidh sibh bhur saibhreas in bhur ndiaidh?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus créd do dhéantaoi a ló na cúarta, agus annsa léirsgrios thiucfas as imchían? cía gus a rachthaói ar cabhair? agus cáit a bhfúigfidhe bhur nglóir?

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 10:3
40 Tagairtí Cros  

Chuala Iacób go raibh clann mhac Lábán á rá: “Thóg Iacób leis a raibh ag ár n‑athair; tá an saibhreas seo cnuasta aige ó mhaoin ár n‑athar.”


Leanadar a lorg chomh fada leis an Iordáin, agus, féach! bhí éidí agus fearais a chaith na hArámaigh uathu le teann deabhaidh caite ar feadh an bhealaigh go léir. D'fhill an lucht braite leis an scéala sin don rí.


Cad a dhéanfainn nuair a d'éireodh Dia? Cad déarfainn nuair a dhéanfadh sé fiosrú?


Ní aon chabhair an mhaoin lá na feirge, ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.


Déanaigí olagón! óir tá sé i ngar, lá an Tiarna; tá sé chugaibh ina léirscrios ó Dhia na n‑uilechumhacht.


Sa lá sin beidh claochlú ar ghlóir Iacóib; beidh a shaill go trua tairteolach.


Agus déarfaidh muintir an chósta anseo: ‘Féach ar tharla don té a raibh muinín againn ann agus a ndeachaigh muid chuige ar lorg cabhrach agus dídine ar rí na hAsaíre. Cén bealach éalaithe atá againn anois?’ ”


Marbh atá siad siúd, agus níl saol i ndán dóibh arís. Scáilí is ea iad, ní éireoidh siad níos mó, mar tá siad smachtaithe scriosta agat agus tá a gcuimhne curtha ar ceal.


Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amach chun a n‑urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir. Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag, agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó.


Beidh an leaba róghairid le síneadh uirthi, agus an clúdach róchaol chun tú féin a shoipriú ann.


beidh cuairt agat ó Thiarna na Slua, le toirneach, le torann agus le fuaim ollmhór, le doineann agus le hanfa agus lasair de thine loiscneach


Dúirt sibh: “Ní amhlaidh! Teithfimid ar muin chapaill!” Go deimhin féin, is ag teitheadh a bheidh sibh! “I gcarbaid mheara a theithfimid!” Maith go leor! Is mear mar a rachfar sa tóir oraibh!


Tá féiríní ar iompar acu siúd uile chuig pobal nach fearrde iad é, nach dtabharfaidh cabhair ná cúnamh dóibh ach náire agus masla.


Óir tá cabhair na hÉigipte díomhaoin agus baoth; is é sin an fáth a dtugaim mar ainm uirthi: Ráhab na leisce.


Tá uamhan ar na peacaigh i Síón, tá na haindiagaigh ar bhall amháin creatha. Iad ag fiafraí: “Cé againn a sheasfaidh loisceadh na tine seo? Cé acu againn a sheasfaidh na lasracha síoraí?”


Ansin tháinig an fáidh Íseáia fá dhéin an rí Hiziciá agus d'fhiafraigh de: “Cad dúirt na daoine sin agus cá has ar tháinig siad go dtí tú?” D'fhreagair Hiziciá: “Tháinig siad ó thír i bhfad i gcéin, ón mBablóin.”


Sea, leathfaidh Seól a chraos, osclóidh sé a bhéal as miosúr, agus síos ann leis an gcólp ghalánta, agus iad ag liúireach le lúcháir!


Déanfaidh sé comhartha do náisiún i gcéin, ligfidh fead air ó imeall an domhain, agus seo chugainn é go héadrom agus go huallach.


Tá fir do mhillte tofa agam, ag gach uile fhear acu tá a thua; gearrfaidh siad anuas na céadair is fearr agat, agus teilgfidh sa tine iad.


Agus tusa, céard tá ar intinn agat a dhéanamh? Bíodh go gcóiríonn tú thú féin faoi scarlóid, go maisíonn thú féin le hornáidí órga, go léiríonn do shúile le dathú, is go díomhaoin a dhéanann tú thú féin sciamhach. Tarcaisníonn d'aos grá thú, is é do bhás a shantaíonn siad.


tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?


An é nach n‑agróidh mise na nithe seo orthu? - is é an Tiarna a labhraíonn - an é nach ndéanfaidh mise díoltas ar a leithéid seo de náisiún?


Nuair a bhraith Eafráim a tinneas agus Iúdá a chneá, d'imigh Eafráim chun na hAsaíre agus chuir Iúdá fios ar an [Ardrí]; ach ní féidir leis-sean sibhse a leigheas ná bhur gcneá a chneasú.


Cad a dhéanfaidh sibh ar lá an tsollúntais, ar lá fhéile an Tiarna?


Tá laethanta an smachtaithe ag teacht, seo chugainn laethanta an chúitimh. Go raibh a fhios sin ag Iosrael! “Amadán is ea an fáidh”, a deir siad, “is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.” Cinnte, ach is de dheasca bhur n‑urchóide, agus bhur bhfuatha dom é.


mar dhuine a d'éalódh ó leon ach gur bhuail béar leis; nó mar dhuine a rachadh isteach ina theach agus a leagfadh a lámh ar an mballa ach gur rug nathair nimhe air.


Is cosúil le dris fhiáin an chuid is fearr acu; is cuma nó fál sceach na daoine is ionraice orthu. Ach tá lá [a] bhfiosraithe ag teacht agus is ansin is ea a bheidh mearbhall orthu.


Ní fhéadfaidh a gcuid airgid ná óir iad a shábháil. Ar lá dhíbheirg an Tiarna ídeofar an domhan go léir le tine a chuid éada. Cuirfidh sé deireadh, is ea deireadh dithneasach, le háitritheoirí uile an domhain.


nuair a bhascfaidh siad ar lár thú féin agus do chlann atá ionat, gan cloch ar mhuin cloiche a fhagáil ionat, de bhrí nár aithin tú aimsir d'fhiosraithe.”


Seolfaidh an Tiarna náisiún i do aghaidh ón imigéin, ó imill na cruinne, é mear mar iolar ag eitilt; náisiún é nach dtuigeann tú fiú a theanga;


Bíodh bhur n‑iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an fhiosraithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí