Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 10:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Níl agaibh ach umhlú síos i measc na gcimí, nó titim i measc na marbh. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Am éagmhuissi cláonfuid síos faoi na príosúnachaibh, agus tuitfid faoi na marbhuibh. Ar a shon so uile ní cláochluidhthear a fhearg, acht ata a lamh sínte amach a ccomhnuidhe.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 10:4
19 Tagairtí Cros  

a chathair an challáin, a bhaile na círéibe, agus tú lán de ghairdeas? Ní coscar claímh do choscar, ná ní sa chath a thit do chuid marbh;


Baileofar i dtoll a chéile iad ar nós cimí i bpluais, caithfear isteach sa charcair iad agus i ndiaidh na mblianta fada gheobhaidh siad a bpionós.


Tá a gcuid marbhán á gcartadh amach, agus boladh ag éirí óna gcoirp; tá a gcuid fola ina slaoda ar na sléibhte;


Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobal agus ar thóg sé a lámh lena mbascadh; tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luí mar bheadh dramhaíl sna sráideanna. Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin, tá a lámh ag bagairt go fóill.


Mar tá an Tiarna chun breith a thabhairt le tine, chun an cine daonna a chiontú lena chlaíomh, agus marófar mórán leis an Tiarna.


Arám thoir agus na Filistínigh thiar, alpann siad Iosrael go cíocrach. Ach níl a fhearg síothlaithe; tá a lámh sínte amach i gcónaí.


Ach níor fhill an pobal ar an té a bhí á bhualadh, níor lorg sé Tiarna na Slua;


Sin é an fáth nach dtabharfaidh an Tiarna anacal dá n‑ógánaigh, ní bheidh trua aige dá ndílleachtaí ná dá mbaintreacha. Tá an pobal seo aindiaga ainbheartach ar fad, tá a gcaint seafóideach. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí.


Is ea, loisceann an urchóid mar bheadh tine ann; alpann sé driseacha agus sceacha, ansin cuireann sé tine le mothair na foraoise agus téann an deatach in airde ina ghuairneáin.


Alpann Manaise Eafráim, agus Eafráim Manaise, agus tá an bheirt acu in éadan Iúdá. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí.


Agus má fhiafraíonn siad díot: ‘Cá rachaimid?’ inseoidh tú é seo dóibh: Is mar seo a deir an Tiarna: ‘An mhéid faoi choinne na plá, chun na plá; an mhéid faoi choinne an chlaímh, chun an chlaímh; an mhéid faoi choinne an ghorta, chun an ghorta; an mhéid fáoí choinne an bhraighdeanais, chun an bhraighdeanais!’


Dá mb'ea go leagfadh sibh slua uile na gCaildéach atá ag troid in bhur n‑aghaidh anois agus nach mairfeadh díobh ach na fir loite, d'éireoidís arís, gach uile fhear acu ina bhoth, chun an chathair seo a dhó go talamh.’ ”


Crioslaígí sibh féin mar sin le sacéadach, caoinigí agus uailligí, mar níor iompaíodh fearg bhorb an Tiarna ar ais uainn.


Go fiú má éiríonn leo a gclann a thógáil, bainfidh mise díobh iad roimh dóibh teacht in inmhe fir. Mairg dóibh go deimhin má thréigimse iad!


Iompóidh mé oraibh agus buafaidh bhur naimhde oraibh. Beidh ceannas ag bhur n‑eascairde oraibh, agus teithfidh sibh gan aon duine sa tóir oraibh.


Conas a d'fhéadfadh duine an teitheadh a chur ar mhíle agus beirt ar dheich míle, murar dhíol a gCarraig iad agus gur thug an Tiarna ar láimh iad?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí