Biblia Todo Logo
Véarsaí Bíobla

- Fógraí -


63 Rann ar Dhiúltú Dé do Chleachtais Asarlaíochta

63 Rann ar Dhiúltú Dé do Chleachtais Asarlaíochta


Léivític 19:31

¶ Ná bíodh suim aguibh annsa druing ga mbídh spioraid mhuinnteardha, agus ná hiarruidh luchd fáistine, da bhur ndéanamh truáilligh léo: misi an TIGHEARNA bhur Ndia.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Léivític 20:6

¶ Agus an tanam ionntochus leis an druing ga mbídh leannáin síghe, agus a ndiáigh luchd fáistine, do dhul do stríapachus na ndiáigh, cuirfe mé cheana maghaidh a naghaidh a nanma, agus géarrfa mé as lár a muinntire íad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eaxodus 22:18

Ní fhuíleonga tú bean phiseógach do mharthuinn.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Apacailipsis (Taispeántadh) 21:8

Achd do gheabhuid na daóine meata, agus díchreidmheacha, agus gráineamhla, agus luchd dúnmharbhtha, agus adhaltrannuis, agus na bpiséog, agus a niodhaladhruigh, agus a nuile bhréugaire, a gcuid sa loch atá ar dearglasadh do theine agus do ruibh: noch is dara bás ann.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 5:19-20

Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas, Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd,

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 10:20-21

Achd a deirim, gur do dhiabhlaibh iodhbruid na Cineadhacha, na neithe íodhbruid síad, agus nach do Dhía: agus ní háill leam cumann do bheith aguibhsi ris na diabhluibh. Ní héidir libh cupán an Tighearna díbhe, agus cupán na ndeamhan: ní héidir libh comhruinn bhuird an Tighearna dfagháil, agus bhuird na ndeamhan.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Léivític 20:27

¶ Mar an gcéadna fear no beán aga mbía spiorad tathuightheach, nó bhías na fáistineach, cuirfighear go demhin chum báis íad: géabhuid do chlochuibh orra: bíaidh a bhfuil orra féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Deotranaimí 32:17

Do íodhbradar do dhiabhluibh, ní do Dhía; do dhéeibh nar bhfeas doíbh, do dhéeibh núadha tháinic ansíus go núadh, nach raibh a neagla ar bhur naithribh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Gníomhartha 19:19

Agus fós morán don mhuinntir do ghnáthuigheadh drochealadhna, tugadar a leabhuir léo, agus do dhóigheadar a bhfíadhnuisi cháich uile iad: agus dó chomháirmheadar a lúach, agus fúaradar é na dheich mile agus da fhíchead píosa airgid.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Deotranaimí 18:10-12

Ní bhfuighthior bhur measc éanduine bhéurus air a mhac no air inghin dul thríd an tteinidh, nó ghnáthuighios fáistine, nó coimheaduighe aimsior, nó geasadóir, nó luchd piséog, Nó draói, nó fear dhéanta comhairle re leannan síth, nó faistineach, no duibhelneach. Oír a nuile dhuine do ní na neithesi is adhfhuathmhaireachd don TIGHEARNA iad; agus do chionn na ngraineamhlachdasa do dhíbir do THIGHEARNA Día amach romhad iad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Míocá 5:12

Agus geárrfa mé piseóga amach as do láimh; agus ní bhiáidh fáistinigh agad ní is mó:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eaxodus 20:3

Ní bhíaidh Día ar bith eile agad am láthairse.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Apacailipsis (Taispeántadh) 22:15

Oír don táobh amuigh béid na madruigh, agus luchd na bpiseóg, agus a nadhaltrannuis, agus an dúnmharbhtha, agus a niodhaladhruigh, agus gach neach ghrádhuigheas agus do ní an bhréug.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 47:9

Acht tiucfaid an dá ní se ort a móiment a náonló, caill chloinne, agus baintreabhachus: tiucfuid ort ann a niomláine ar son iomadamhlacht do dhraóigheachda, agus ar son ró iomaid do gheasadóireacht.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Ríthe 23:24

¶ Tuilleamh fós luchd na leannáin síthe, agus an luchd fáistine, agus na híomhaighe, agus na híodhuil, agus gach uile adhfhúathmhaireachd do fríth a ttír Iudah agus ann Ierusalem, do chuir Iosiah ar ccúl íad, chor go ccoimhlíonfadh sé bríathra an dlighe noch do bhí scríobhtha annsa leabhar do fúair Hilciah an sagart a ttigh an TIGHEARNA.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 5:19-21

Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas, Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd, Tnúth, dúnmharbhadh, meisge, cráos, agus a samhail sin: ar a labhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nach bhfuighe an drung do ní a samhail so óighreachda rioghachda Dé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Irimia 51:17

Atá gach uile dhuine brúideamhuil le na éolus; atá gach uile fhear ceirde millte lé híomhaigh ghreanta: óir is neimhfhirinne a íomháighe leaghtha, agus ní bhfuil anál ar bioth ionta.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 31:6

Fúathighim an luchd choimhéadas díomháoineas bréagach: acht cuirim mo dhóthchus annsa TTIGHEARNA.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 11:14-15

Agus ní híongnadh sin; óir cuiridh Satán é féin a bhfoirm aingil na soillse. Uime sin ní mór an ní é dá gcuirid a mhinisdrí íad féin mar an gcéudna a bhfoirm minisdridhe na firéantachda; agá mbiáidh a gcríoch dheigheanach do réir a noibreacha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eizicéil 16:36

Is marso a deir an Tighearna DIA; Do bhrígh gur dóirteadh do shalchar amach, agus gur foillsigheadh do thárnochtuighthe do bhrígh do stríopachuis led háos grádha, agus re huile iodhaluibh do ghráineamhlachda, agus le fuil do chloinne noch thug tú dhóibhsion;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 6:24

Ní héidir lé neach air bith seirbhis do dhéunamh do dha thighearna: óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile; nó ceangallfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fhear. Ní héidir libh seirbhis do dhéunamh do Dhía agus do mhammon.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 5:11

Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 115:4-5

Is airgiod agus ór a níomháighthe, obair láimhe duine. Atá béul aca, agus ní labhruid: atáid súile aca, agus ní fhaicid síad:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 8:5-6

Oír bíodh go bhfuilid neithe ann dá ngoirthear dée, ar neamh agus ar talamh, (amhail atáid iomad dée, agus iomad tighearnadh.) Gidheadh ní bhfuil aguinne achd áon Ndía amháin, an Tathair, ó a bhfuilid na huile neithe, agus sinne annsan: agus éin Tighearna Iósa Críosd, tré a bhfuilid na huile neithe, agus sinne thrídsion.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 42:17

Fillfíghthear ar a nais íad, biáidh náire mhór air an droing, dhóthchusuighios a níomháighibh ghreanta, noch a deir ris na híomháighibh leaghtha, Is sibh ar ndée.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Ríthe 21:6

Agus thug ar a mhac dul thríd an tteine, agus do adhradh daimsearuibh, agus do níodh droigheachd, agus cumann ré leannánuibh síthe agus re luchd fáistine: doibrigh sé mórán uilc a radharc an TIGHEARNA, ler bhrostuigh é chum feirge.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Irimia 27:9

Uimesin ná héistighsi re bhur bhfaighibh, nó re bhur bhfáistineachaibh, nó ré bhur naislingtheachaibh, nó ré bhur ndraóithibh, nó ré bhur ngeasadóiribh, labhrus ribh, ghá rádh, Ní fhoigheontuidhe do rígh na Babilóine:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 8:19-20

Agus a núair a déaruid síad ribhsi, Iarruidh ar an mhuinntir agá mbíd spioruid mhuinnteardha, agus ar fháistineachaibh phiobas, agus channranus: nach ar chóir do dhaóinibh íarruidh ar a Ndía féin? na mairbh ar son na mbéo? Agus do ghlac mé chugam fíadhnuisigh fírinneacha do chuimhniughadh, Uriah an sagart, agus Sechariah mhac leberechiah. Chum an dlighe agus chum na fiadhnuise: muna labhruid síad do réir a nfocailsi, iseadh do chionn nach bhfuil solus air bith ionta.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Croinicí 33:6

Agus thug air a chloinn dul thríd an tteine a ngleann mhic Hinnom: mar an ccéadna do ghéill sé daimsearuibh, agus dfoghiuim droigheacht, agus do ghnáthuigheadh piseóga, agus do bhíodh leannán síthe aige, agus luchd fáistine: do rinne sé iomarcuidh uilc a radharc an TIGHEARNA, dá chorrughadh chum feirge.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 2:6

¶ Uimesin do thréig tú do phobal, tigh Iácob, do chionn go bhfuihd síad líonta do bhéusuibh a noirthir, agus na luchd fáistine cosmhuil ris na Philistineachaibh, agus go líonuid do chloinn na ccoimhthigheach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Samúéil 15:23

Oír ionann dul an neasurramachd agus peacadh piseóguigh, agus easumhla ionnán agus éaigceart agus iodhaládhradh. Do chionn gur tharcuisnigh tú focal an TIGHEARNA, do tharcuisnigh seision thusa mar an gcéadna ó bheith ad rígh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 8:19

Agus a núair a déaruid síad ribhsi, Iarruidh ar an mhuinntir agá mbíd spioruid mhuinnteardha, agus ar fháistineachaibh phiobas, agus channranus: nach ar chóir do dhaóinibh íarruidh ar a Ndía féin? na mairbh ar son na mbéo?

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Nahum 3:4

Do bhrígh iomuid stríopachuis na meirdrigh sciamhuigh, mhaighistréas na bpiséog, reacus cineadhacha tre na stríopachasuibh, agus muinnteara tré na piséogaibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 1:25

Mar dhruing do iompóidh fírinne Dé a mbréig, agus do rinne onóir agus seirbhís don chreatúr ag treigean an Chruthaighthéora, noch atá beannaighe go síorraidhe. Amén.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Tiomóid 4:1

Achd a deir an Sbiorad go follas, go dtréigfidh dream áirighe an creideamh sna haimsearuibh deigheanacha, ag tabhairt aire do sbioraduibh seachranacha, agus do theagusguibh deamhan;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Apacailipsis (Taispeántadh) 9:20

Agus an chuid do na daóinibh do fágbhadh gan mharbhadh ris na pláighibhse ni dhearnadar aithrighe ar son oibreacha a lámh, ionnus nach déunaidís seirbhís do dheamhnuibh, agus diodhaluibh óir, agus áirgid, agus phráis, agus chloiche, agus chroinn, ris nach éidir amharc, ná éisdeachd, ná siubhal:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eizicéil 13:23

Uimesin ní fhaicfidhe díomhaóineas ní sa mhó, agus ní dhéantaói fáistine: óir tárthocha misi mo phobal as bhur láimh: agus aitheontaói gur misi an TIGHEARNA.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 6:16

Nó créd é an ceangal do bhíadh ag teampoll Dé agus ag iodhaluibh ré chéile? óir is sibhse teampoll Dé bhí; do réir mar a dubhairt Día, Biáidh mé um chómhnuidhe ionnta, agus siubhólad na measg; agus biáidh me um Dhía aca, agus béid síadsan na bpobal agamsa.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Irimia 10:2

Is marso a deir an TIGHEARNA, Ná foghlomuigh slighe na ngeinteadh, agus ná bíodh anbhuáin oruibh fa chomharthuibh neimhe; óir atáid na geinte anbhuáineach thríotha sin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Deotranaimí 12:31

Ní dhéana tusa sin red THIGHEARNA do Dhía: óir gach éainni is athfhúamhar lé Día noch a fhuathian sé do nídís sin re na ndeéibh féin; eadhon a mic agus a ninghiona do loisgedis ansa teinidh dá ndeéibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 57:3

¶ Acht tairngidh a bhfogus a leith annso, a mhaca na ban druidhe, sliochd a nadhaltrannuigh agus na stríopuidhe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 44:25

Neimhnighios comharthadha na mbréugach, agus do bheir lucht na fáistine ar cúthach; iompoighios daóine ghoca ar ccúl, agus do ní a néolus leamh:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 1:21-25

Do bhrígh, ar naithniughadh Dé dhoibh, nach rugadar buidheachus ris; achd gur líonadar do dhiomháoineas ann a smuáintighibh, agus gur dalladh a gcroidhe neamhthuigsionach. Ag rádh gur dhaóine éagnuidhe íad fein, do rinneadh amadáin dhióbh, Oir do iompóidheadar glóir Dé nach éidir do thruáilleadh a gcosamhlachd iomháighe dhuine shothruáillighe, agus éunlaithe, agus ainmhinnteadh cheatharchosach, agus phéisdeagh. Ar a nadhbharsin tug Día iadsan mar an gcéudna chum neamhghlaine tre aínmhíanaibh a gcríodheadh féin, chum a gcorp do shalchadh eatorra féin: Mar dhruing do iompóidh fírinne Dé a mbréig, agus do rinne onóir agus seirbhís don chreatúr ag treigean an Chruthaighthéora, noch atá beannaighe go síorraidhe. Amén.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Deotranaimí 13:1-5

Ma eírghionn bhar measc fáidh, no fear aislingeadh dfaicsin, agus go ttiubhra sé dhuit comhartha nó iongnadh, Agus clochfa tú lé clochuibh é, ionnus go néugfa sé; do chionn gur thairg sé do thiomáin ón TTIGHEARNA do Dhía, noch thug amach thú as crích na Hegipte, as tigh na daoirsi. Agus cluinfid Israel uile sin, agus biáidh eagla orra, agus ní déanuid ní bhus mó éanchoir mar a nolcsa bhur measc. ¶ Má chluin tú a ccathruigh dá bhur gcaithreachuibh, noch thug an TIGHEARNA do Dhía dhuit dáitreabh innte, ghá radh, Do chúadar daóine áirigh, clann bhélial, amach as bhur measg, agus do thairngeadar léo luchd áitribh a ccaithreach, ghá rádh, Gluaisiom agus déanum seirbhís do dheéibh eile, nach ar bhaithnid daóibh; Ann sin loirgfe tú, agus spionfa tú, agus fiafróchá tú go friochnamhach; agus, féuch, más firinne é, agus, go bhfuil an ní dearbhtha, go ndearnadh a leithéid sin dadhfhuathmhaireachd bhur measc; Buáilfe tú go deimhin muintir na caithreach sin lé faobhar an chloidhimh, léirscrios i, agus gach a mbía innte, agus a háirnéis, le faobhair an chloidhimh. Agus cruinneocha tú a héadáil uile go lár a sráide, agus loiscfe tú le teinidh an chathair, agus a héadail uile ó bheag go mór, ar son an TIGHEARNA do Dhía: agus biáidh na carn go bráth; ní cuirfighear súas choidhche i. Agus ní bheanfa éainní don ní mhalluigh dot láimh: chor go bhfillidh an TIGHEARNA ona dhásachd feirge, agus go ttaisbeanuidh grasa dhuitsi, agus go raibh truáighe aige dhuit, agus go méideochuidh sé thú, mar do mhionnuigh sé dot aithribh; ¶ A núair bhéuras tú aire ré guth an TIGHEARNA do Dhía, do choimhéud a aithneadh uile noch aithnighimsi dhíot a niugh, do dhéanamh an neithe is ceart a radharc an TIGHEARNA do Dhía. Agus go ttiocfa an comhartha nó an tiongnadh a gcrích, dár labhair sé riot, ag rádh, Déanum do leanmhuin dée oile, (nach ar bhfeas duit,) agus déanum serbhis dóibh; Ní éistfe tú ré bríathruibh an nfáigh sin, nó fhir fhaicsiona na naislingeadh: Oír dearbhuidh an TIGHEARNA bhur Ndía sibh, dá fhéachain an ngrádhuigheann sibh bhur TTHIGHEARNA Día ré bhur nuile chroidhe, agus lé bhur nuile anum. Siubholtaoi a ndiáigh an TIGHEARNA bhur Ndía, agus biáidh a eagla oruibh, coimhéadfuidhe a aitheanta, agus uimhleochtaói dá ghuth, agus do dhéantaói serbhís dó, agus greamochuighe dhe. Agus cuirfighear an fáidh sin, nó an brionglóideach na naislingeadh chum báis; (do chionn gur labhair sé dá bhur niompógh ón TTIGHEARNA bhur Ndía, noch thug amach sibh as crích na Hégipte, agus dfúascuil sibh amach as tigh na daóírsi, dot thiomáin amach as a tslighe do aithin an TIGHEARNA do Dhía dhíot do siubhal.) Mar sin chuirfe tú an tolc an siubhal as do lár féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eizicéil 13:18-23

Agus abair, Is marso a deir an Tighearna DIA; A mhairg do na mnáibh fhuáighidhiosclúascháin ar na huile uilleannuibh, agus do ní ciarsúir air cheann gach aóin státuir dfíadhach anmann! An mbeithí ag fíadhach anmann mo phobailsi, agus an ccuimhdeochthaói béo anmanna na druinge thig chugaibh? Agus an trnáilleochthaói misi a measc mo phobail féin air dhornánuibh éorna agus air chotchaibh aráin, do mharbhadh na nanmann nach éugfadh, agus do chumhdach na nannman mbéo nach mairfeadh, le bhur ndéanamh bréag rem mhuinntirsi noch chluinios bhur mbréaga? A mhic an duine, tairrghir a naghuidh fhágh Israel noch thairrghirios, agus abairsi ris a ndroing thairrghirios as a ccroidhthibh féin, Eistighsi bríathar an TIGHEARNA; Uimesin, is marso a deir an Tighearna DIA, Féuch, atáimsi a naghaidh bhur bpiléur, leis a ndéantaói fíadhach annsin a na hannmanuibh dá ccur a tteitheamh, agus brisfe mé ó bhur nascalluibh íad, agus léigfe mé na hanmanna dimtheacht, eadhon na hanmanna ar a mbeithíse ag fíadhach dá ccur a tteitheamh. Brisfe mé bhur ccíarsúirídhe mar an ccéadna, agus sáorfa mé mo dhaóine as bhur láimhsi, agus ní bhéid ní sa mhó ann bhur láimh dá bhfíadhach; agus aitheontaói gur misi an TIGHEARNA. Do bhrígh go ndéarnabhair croidhe na bhfíréun dubhach lé bréagaibh, nach déarna misi dubhach; agus gur neartnigheabhair lámha an chiontuigh, go nach bhfillfeadh sé ó na dhroichshlighe, lé geallamhuin a anma dhó: Uimesin ní fhaicfidhe díomhaóineas ní sa mhó, agus ní dhéantaói fáistine: óir tárthocha misi mo phobal as bhur láimh: agus aitheontaói gur misi an TIGHEARNA.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Colosaigh 2:18-19

Ná mealladh éunduine sibh a númhlachd inntinne agus a dtabhair onóra dainglibh, dhá sháthadh féin sna neithibh nach bhfacuidh sé ríamh, ar na líonadh go diomhaóin ré hinntinn a cholla féin, Agus nach ccongmhann sé an Ceann, as a bhfághann an corp uile ar mbeith dhó gan uireasbhaidh dlíthuighe ré chéile, tré altuibh, agus tré choimhcheangaltuibh, fás tré fhás Dé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Croinicí 10:13-14

¶ Mar sin déug Saul ar son a pheacaidh, noch do rinne sé a naghaidh an TIGHEARNA, eadhon a naghaidh bhreithre an TIGHEARNA, nar coimhéad sé, agus mar an ccéadna do chionn comhairle díarruidh ar aon agá raibh leannán síthe, dfíafruighe dhé; Agus nar fhíafruigh sé don TIGHEARNA: uime sin do mharbh sé é, agus do impóigh sé an rioghachd chum Daibhi mhac Iesse.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 106:37-39

Agus do íodhbradar a mic agus a ninghiona do dhíabhluibh, Agus do dhóirteadar fuil neimhchiontach, fuil a mac agus a ninghean, noch do íodhbradar do dhíabhluibh Chánáan: agus do bhí an talamh ar na thruailliughadh le fuil. Agus do bhádar ar na salchadh le na noibreachaibh féin, agus do chuadar re méirdreachus le na naigiontaibh féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 47:12-14

¶ Seas a nois led dhroigheachd, agus le hiomad do gheasadóireacht, ann ar sháothruigh tú ód óige; mas éidir go mbía ar do chumas tarbhughadh, má theagmhann go mbéara tú buáidh. Atá tú coirthe a niomad do choimhairleach. Anois seasuighdís na néulladóiridhe, lucht feithmhigh na réultan, fáistinigh na míos, agus sáoraidís thusa ó na neithibhsi atá ag teachd ort. Féuch, biáidh síad amhuil connlach; loisgfidh an teine íad; ní thárthochuid íad féin ó neart na lasrach: ní bhiáidh sméaróid chum do ghoradh ris, nó teine do shuighe aice.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 3:5-7

Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach. Na bí glic ann do shúilibh féin: bíodh eagla an TIGHEARNA ort, agus seachain an tolc.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 6:14-16

Ná hiomchruidh cuing mhiochomhthrom a bhfochair dhaóineadh gan chreideamh: oír créd é caidreabh na fíréuntachda ré neamhfhiréuntachd? nó créd é cumann an tsolais ris a ndorchadas? No ciommus thig Críosd agus an diabhal ré chéile? nó créd í cuid an tí chreideas don tí nach ccreideann? Nó créd é an ceangal do bhíadh ag teampoll Dé agus ag iodhaluibh ré chéile? óir is sibhse teampoll Dé bhí; do réir mar a dubhairt Día, Biáidh mé um chómhnuidhe ionnta, agus siubhólad na measg; agus biáidh me um Dhía aca, agus béid síadsan na bpobal agamsa.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Malaicí 3:5

Agus tiucfa mé láimh ribh chum breitheamhnuis; agus biáidh mé am fhíadhnuisi luáth a naghaidh na bpiseógach, agus a naghaidh na nadhaltrannach, agus a naghaidh na néitheach, agus a naghaidh mhealltach na seirbhíseach iona dtúarusdal, na baintreabhthuighe, agus an dilleachda, agus iompoighios do leath taóibh an coimbthigheach agus nach eagluidhionn romhamsa, a deir TIGHEARNA na slógh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Deotranaimí 7:25-26

¶ Iómháighe grábhalta a ndée loiscfidh tú lé tenidh: ní shainteochuidh tú an tairgiod ná án tór atá orra, agus ní ghlacfa tú chugad é, deagla go ngéabhthaoi a ngaiste leis thú: oír is adhfhúathmhaireachd don TIGHEARNA do Dhía é. Ní mó bhéuras tú adhfhuathmhaireachd chum do thighe, deagla go mbeitheá ad ní mhalluigh cosmhuil ris: ach fuathochaidh tú é thríd amach, agus biáidh gráin ort roimhe go hiomlan; oír is ní malluigh é.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 101:3

Ní chuirfiod cúis urchóideach ar bith ós coinne mo shúl: is beag orum gníomhartha na ndaóine noch chláonas; ní cheangoluidh sé dhíom.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Irimia 14:14-15

Annsin a dubhairt an TIGHEARNA riom, Tairrghirid na fáighe bréaga am ainmsi: ní mé do chur náim íad, ní mó is mé dáithin díobh, ní mó do labhair mé ríu: tairrghirid díbhsi fis neimhfhírinneach agus geasadóireacht, agus neimhní, agus cealg a ccroidhe féin. Uimesin is marso a deir an TIGHEARNA a ttáobh na bhtágh thairrghirios am ainmsi, agus nach mé do chiur uáim íad, thairis sin go nabruid, Ní bhía cloidheamh nó gorta san tírse; Le cloidheamh agus le gorta thuitfid na fáighesi.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 3:1-3

O A Ghalatíanacha gan chéill, cía rinne piseóga dhaóibh, as nách géillfeadh sibh don fhírinne, agar thaisbéunadh Iósa Críosd daóibh roimhe so a bhfiadhnuisi bhur súl, ar na chéusadh bhur measg? Oir an mhéid atá do tháobh oibrightheadh an reachda atáid síad fáoi an mallachd: oír atá sgríobhtha, As malluighe gach áon nach ccomhnuigheann sna huile neithibh atá sgríobhtha a leabhar an reachd chum a ndéunta. Agus as ní follas nach sáorthar éunduine trés an reachd a bhfíadnuisi De, óir, As tré chreideamh mhairfeas an firéun. Gidheadh ní ón chreideamh atá an reachd: achd, An tí dhéunas íad mairfidh sé thriothadh. Achd dfúasguil Críosd sinne ó mhallachd air ar son: óir atá sgríobhtha, As malluighe gach áon chrochdar a gcrann: Ionnus go dtiucfadh beannachdadh Abraham chum na Gcineadhach a Niósa Críosd; chum sinne dfagháil geallamhna na Spioruide tré chreideamh. A dhearbhráithre, is do réir nóis daónna labhruim; Bíodh nach biadh ann achd connradh duine, ar mbeith dhó daingnighthe, ní chuiréann éinneach ar gcúl é, agus ní curthar tuilleadh ar bith leis. Máseadh is Dábhraham agus dá shíol tugadh na geallamhnacha. Ní abair sé, Agus do na síoltuibh, mar do bhíadh sé ag labhairt ar mhórán; achd mar do laibheóradh sé ar áon ag rádh, Agus dod shiolsa, agar ab é Críosd é. Agus a deirim so, nách ccuireann an reachd, noch do thosuigh a gcionn cheithre gcéud agus deich mblíadhan bhfithchead na dhiaigh, an connradh do dhaingnigheadh roimhe, ré Día a dtáobh Chríosd, a neimbrígh, ionnas go gcuirfeadh sé an gheallamhuin ar gcúl. Oír más ón reachd thigh a nóighreachd, ní thig sí feasda ón ngeallamhuin: achd tug Diá í go sáor Dábraham tré ghealladh. Uime sin créud é an reachd? Is uime do hórduigheadh é ar son sáruighthe na naitheantadh, go teachd don tsíol dá ndearnadh an gealladh; ar na órdughadh ris na hainglibh tré láimh eidirmheadhontóra. Bá mían ríom so amháin dfoghluim uáibh, An ó oibrighthibh an reachda fúarabhair an Spiorud, ná ó éisdeach an chreidimh? Achd an teidirmheadhantóir ní ré haon é, achd is aon é Día. Uime sin an bhfuil an réachd a nadhuigh gheallamhnacha De? a bhfas uainn sin do rádh: oír da mbeith reachd ar na thabhairt lér bhféidir béatha do thabhairt úadha, go deimhin ís trés an reachd do thiucfadh fíréuntachd. Achd dfág an sgriobhtuir na huile dháoine dúnta fáoi pheacadh, ionnus go dtiubhartháoi an gheallamhuin ó chreideamh Iósa Críosd don druing chreideas. Achd suil tháinic an creideamh, do congmhadh sinn fá smachd an reachda, agus do dúnadh oruinn chum an chreidimh do bhí ré hadhuigh a fhoillsighthe. Uime sin a sé an reachd fá sgolmhaighistir dhúinn go Críosd, ionnus go sáorfuidhe sinn tré chreideamh. Achd ar dteachd dón chreideamh, ní bhfuilmíd feasda fáoi sgolmhaighisdir. Oír atá sibh uile bhur gcloinn ag Día tré chreideamh a Niósa Críosd. Oír an mheid aguibh do baisdeadh a Gcríosd do chuireabhair Críosd iomuibh. Ní bhfuil Iúduighe na Gréugach, ní bhfuil sáor na dáor, ní bhfuil fear na bean: óir is áon sibh uile a Niósa Críosd. Agus más lé Críosd sibh, as sibh síol Abraham gan amhras, agus oighrighe do réir na geallamhna. An bhfuiltí coimhmíchéillid hesin? ar dtosughadh dhaóibh sa Spioruid, go mádh mían ribh a nois bhur gcríochnughadh sa bhfeóil?

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 12:2

Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 4:1

A chairde, na creidigh gach éin spiorad, achd dearbhuidh na spioruid an ó Dhía atáid: óir do chúadar morán dfáidhibh fallsa amach fán domhan.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 97:10

A dhream ler bionmhuin an TIGHEARNA, fúathuighesi an tolc: coimhéuduigh sé anmanna a náomh; sáoruidh sé íad as láimh an pheacaidh:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Deotranaimí 4:19

Agus deagla go ttóigfeá do shúile súas chum nimhe, a nuáir do chífeá an ghrían, agus an ghealach, agus na réulta, sluágh nímhe uile, go ttáireongtháoi thú chum a nadhartha, agus do dhéanamh serbhíse dhóibh, noch do roinn an TIGHEARNA do Dhía ris a nuile chineadh fáoi neamh uile.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Tiomóid 4:3-4

Oir tiucfuidh aimsir nach mbiáidh fulang aca ar theagusg fhallái; achd ar mbeith dá gclúasuibh lionta do thochas cruinneóchuid síad dhóibh féin do réir a nainmían iomad teagusgóir; Agus fillfid síad a gclúasa ón bhfírinne, agus geillfid do sgéultuibh fábhuill.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lean orainn:

Fógraí


Fógraí