¶ Ná bíodh suim aguibh annsa druing ga mbídh spioraid mhuinnteardha, agus ná hiarruidh luchd fáistine, da bhur ndéanamh truáilligh léo: misi an TIGHEARNA bhur Ndia.
Achd a deir an Sbiorad go follas, go dtréigfidh dream áirighe an creideamh sna haimsearuibh deigheanacha, ag tabhairt aire do sbioraduibh seachranacha, agus do theagusguibh deamhan;
Uimesin ní fhaicfidhe díomhaóineas ní sa mhó, agus ní dhéantaói fáistine: óir tárthocha misi mo phobal as bhur láimh: agus aitheontaói gur misi an TIGHEARNA.
Do chonncadar díomhaóineas agus tairrghire bhréagach, ag rádh, A deir an TIGHEARNA: agus ní hé an TIGHEARNA do chuir uádh íad: agus thugadar air dhaóinibh oile dóthchusúghadh go ndaingneochaidís an focal. Nach bhfacabhair fis díomhaóin, agus nach ar labhrabhair tairrghire bhréagach, an tionad a nabarthaói, A dubhairt an TIGHEARNA é; bíodh nar labhair mé?
Neimhnighios comharthadha na mbréugach, agus do bheir lucht na fáistine ar cúthach; iompoighios daóine ghoca ar ccúl, agus do ní a néolus leamh:
Uimesin ná héistighsi re bhur bhfaighibh, nó re bhur bhfáistineachaibh, nó ré bhur naislingtheachaibh, nó ré bhur ndraóithibh, nó ré bhur ngeasadóiribh, labhrus ribh, ghá rádh, Ní fhoigheontuidhe do rígh na Babilóine:
Ní bhfuighthior bhur measc éanduine bhéurus air a mhac no air inghin dul thríd an tteinidh, nó ghnáthuighios fáistine, nó coimheaduighe aimsior, nó geasadóir, nó luchd piséog, Nó draói, nó fear dhéanta comhairle re leannan síth, nó faistineach, no duibhelneach. Oír a nuile dhuine do ní na neithesi is adhfhuathmhaireachd don TIGHEARNA iad; agus do chionn na ngraineamhlachdasa do dhíbir do THIGHEARNA Día amach romhad iad.
¶ Agus an tanam ionntochus leis an druing ga mbídh leannáin síghe, agus a ndiáigh luchd fáistine, do dhul do stríapachus na ndiáigh, cuirfe mé cheana maghaidh a naghaidh a nanma, agus géarrfa mé as lár a muinntire íad.
Agus do bhi roimhe sin sa gcathraigh, duinne áirighe dar bhainm Síomon, do bhí na dhraói, agus do mheall sé pobal na Samária, ag rádh, Gur dhuine mór éigin é féin:
Agus an chuid do na daóinibh do fágbhadh gan mharbhadh ris na pláighibhse ni dhearnadar aithrighe ar son oibreacha a lámh, ionnus nach déunaidís seirbhís do dheamhnuibh, agus diodhaluibh óir, agus áirgid, agus phráis, agus chloiche, agus chroinn, ris nach éidir amharc, ná éisdeachd, ná siubhal: Agus ní dhearnadar aithrighe ar son a ndúnmharbhtha, ná ar son a bpiséog, ná ar son a sdríopachais, ná ar son a ngaduigheachda.
Agus ní shoillséochuigh solas coinnle ní sa mhó ionnad; agus ní cluinfighthear gúth fir ná mná nuádhphósda ní sa mhó ionnad: óir bá híad do cheannuighthe daóine móra na talmhan; agus is réd phiséoguibh do mealladh na huile chineadhacha.
¶ Seas a nois led dhroigheachd, agus le hiomad do gheasadóireacht, ann ar sháothruigh tú ód óige; mas éidir go mbía ar do chumas tarbhughadh, má theagmhann go mbéara tú buáidh. Atá tú coirthe a niomad do choimhairleach. Anois seasuighdís na néulladóiridhe, lucht feithmhigh na réultan, fáistinigh na míos, agus sáoraidís thusa ó na neithibhsi atá ag teachd ort.
Agus tárla, ag dul dhúinn do dhéunamh urnaighe, go dtárla cailín áirighe oruinn agá raibh spiorad faisdine, fuair fábhaltus mór dá tighearnuibh féin lé fáisdine do dhéunamh: Do lean sí so Pól agus sinne, agus do éigh sí, ag rádh, Is seirbhísigh don Día ro árd na dáoinesi, moch shoisgéulas dáoibh slighe na sláinte. Agus do rinne sí so mórán do laéthibh. Achd do ghoill sin, ar Phól, agus dfill sé air ais agus a dubhairt sé ris a spiorud, Aithnighim dhíot a nainm Iósa Críosd teachd amach aisde. Agus ar a núair sin do imthigh an spiorad aisde.
Agus thug air a chloinn dul thríd an tteine a ngleann mhic Hinnom: mar an ccéadna do ghéill sé daimsearuibh, agus dfoghiuim droigheacht, agus do ghnáthuigheadh piseóga, agus do bhíodh leannán síthe aige, agus luchd fáistine: do rinne sé iomarcuidh uilc a radharc an TIGHEARNA, dá chorrughadh chum feirge.
Annsin a dubhairt an TIGHEARNA riom, Tairrghirid na fáighe bréaga am ainmsi: ní mé do chur náim íad, ní mó is mé dáithin díobh, ní mó do labhair mé ríu: tairrghirid díbhsi fis neimhfhírinneach agus geasadóireacht, agus neimhní, agus cealg a ccroidhe féin.
Oír do labhradar na hiodhail díomhaóineas, agus do chonncadar na fáistinigh bréug, agus dinnsiodar aislingthe neimhfhírinneach; comhfhurtachighid siád go díomháoin: uimesin dimthigheadar rompa amhuil tréud, do bhádar buáidheartha, do bhrígh nach raibh áodhaire ar bioth.
Agus a núair a déaruid síad ribhsi, Iarruidh ar an mhuinntir agá mbíd spioruid mhuinnteardha, agus ar fháistineachaibh phiobas, agus channranus: nach ar chóir do dhaóinibh íarruidh ar a Ndía féin? na mairbh ar son na mbéo?
Agus thug ar a mhac dul thríd an tteine, agus do adhradh daimsearuibh, agus do níodh droigheachd, agus cumann ré leannánuibh síthe agus re luchd fáistine: doibrigh sé mórán uilc a radharc an TIGHEARNA, ler bhrostuigh é chum feirge.
¶ Ann sin a dubhairt Saul re na mhuinntir, Faghaidh dhamh bean agá bhfuil leannán síthe, go ndeachadh mé na ceann, dfagháil comhairle uaithe. Agus a dubhairt a shearbhfhoghantuighe ris, Féuch, atá bean agá bhfuil leannán síthe ann Endor.
Atá tú coirthe a niomad do choimhairleach. Anois seasuighdís na néulladóiridhe, lucht feithmhigh na réultan, fáistinigh na míos, agus sáoraidís thusa ó na neithibhsi atá ag teachd ort. Féuch, biáidh síad amhuil connlach; loisgfidh an teine íad; ní thárthochuid íad féin ó neart na lasrach: ní bhiáidh sméaróid chum do ghoradh ris, nó teine do shuighe aice.
¶ Ní íostáoi ni ar bith maille ris an bhfuil: ní mo ghnaítheochtháoi geasadóireachd, ní chuirfídhe beann ar aimsearuibh áirighe.
Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas, Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd,
Agus do cheangladar íad féin ré Baal-peor mar an gceadna, agus dithiodar íodhbartha na marbh.
Is marso a deir an TIGHEARNA, Ná foghlomuigh slighe na ngeinteadh, agus ná bíodh anbhuáin oruibh fa chomharthuibh neimhe; óir atáid na geinte anbhuáineach thríotha sin.
Oír don táobh amuigh béid na madruigh, agus luchd na bpiseóg, agus a nadhaltrannuis, agus an dúnmharbhtha, agus a niodhaladhruigh, agus gach neach ghrádhuigheas agus do ní an bhréug.
Agus do thuit Ahasiah sios tré laitís a shéomra úachdarach do bhí a Samária, agus do bhí sé tinn: agus do chuir teachda úadh, agus a dubhairt ríu, Eirigidhe, fiafruighidh do Bhaal‐sebub dia Ecron an ttiucfa mé ón ttinnios so. Achd a dubhairt aingeal an TIGHEARNA re Helias an Tisbiteach. Eirigh, imthigh súas do theagmhail ré teachdaibh rígh Samária, agus abair ríu. An do chionn nach bhfuil Dia ann Israel, atáthaóise ag dul dfiafruigh sgéul do Bhaalsebub dia Ecron?
Ma eírghionn bhar measc fáidh, no fear aislingeadh dfaicsin, agus go ttiubhra sé dhuit comhartha nó iongnadh, Agus clochfa tú lé clochuibh é, ionnus go néugfa sé; do chionn gur thairg sé do thiomáin ón TTIGHEARNA do Dhía, noch thug amach thú as crích na Hegipte, as tigh na daoirsi. Agus cluinfid Israel uile sin, agus biáidh eagla orra, agus ní déanuid ní bhus mó éanchoir mar a nolcsa bhur measc. ¶ Má chluin tú a ccathruigh dá bhur gcaithreachuibh, noch thug an TIGHEARNA do Dhía dhuit dáitreabh innte, ghá radh, Do chúadar daóine áirigh, clann bhélial, amach as bhur measg, agus do thairngeadar léo luchd áitribh a ccaithreach, ghá rádh, Gluaisiom agus déanum seirbhís do dheéibh eile, nach ar bhaithnid daóibh; Ann sin loirgfe tú, agus spionfa tú, agus fiafróchá tú go friochnamhach; agus, féuch, más firinne é, agus, go bhfuil an ní dearbhtha, go ndearnadh a leithéid sin dadhfhuathmhaireachd bhur measc; Buáilfe tú go deimhin muintir na caithreach sin lé faobhar an chloidhimh, léirscrios i, agus gach a mbía innte, agus a háirnéis, le faobhair an chloidhimh. Agus cruinneocha tú a héadáil uile go lár a sráide, agus loiscfe tú le teinidh an chathair, agus a héadail uile ó bheag go mór, ar son an TIGHEARNA do Dhía: agus biáidh na carn go bráth; ní cuirfighear súas choidhche i. Agus ní bheanfa éainní don ní mhalluigh dot láimh: chor go bhfillidh an TIGHEARNA ona dhásachd feirge, agus go ttaisbeanuidh grasa dhuitsi, agus go raibh truáighe aige dhuit, agus go méideochuidh sé thú, mar do mhionnuigh sé dot aithribh; ¶ A núair bhéuras tú aire ré guth an TIGHEARNA do Dhía, do choimhéud a aithneadh uile noch aithnighimsi dhíot a niugh, do dhéanamh an neithe is ceart a radharc an TIGHEARNA do Dhía. Agus go ttiocfa an comhartha nó an tiongnadh a gcrích, dár labhair sé riot, ag rádh, Déanum do leanmhuin dée oile, (nach ar bhfeas duit,) agus déanum serbhis dóibh; Ní éistfe tú ré bríathruibh an nfáigh sin, nó fhir fhaicsiona na naislingeadh: Oír dearbhuidh an TIGHEARNA bhur Ndía sibh, dá fhéachain an ngrádhuigheann sibh bhur TTHIGHEARNA Día ré bhur nuile chroidhe, agus lé bhur nuile anum.
¶ Mar an gcéadna fear no beán aga mbía spiorad tathuightheach, nó bhías na fáistineach, cuirfighear go demhin chum báis íad: géabhuid do chlochuibh orra: bíaidh a bhfuil orra féin.
Oír do sheas rígh na Babilóine a ndealughadh na sligheadh, ag ceann an dá shligheadh, do dheanamh fáistine: do rinne sé a shoighde déallruightheach, do chomhairligh sé lé híomhaighibh, dféuch sé annsna náeghibh.
Is marso a deir an TIGHEARNA, thiuascaltóir, agus an té do chum thú as an mbroinn, is misi an TIGHEARNA do ní gach uile ní; noch amháin shíneas amach na neamha; leathnuighios amach an talamh liom féin; Neimhnighios comharthadha na mbréugach, agus do bheir lucht na fáistine ar cúthach; iompoighios daóine ghoca ar ccúl, agus do ní a néolus leamh:
Ann sin do ghoir Phárao mar an gcéadna na dáoine glíoca, agus na bpiséogáibh: a nois dráoithe na Hégipte, do rinneadursan fós ar an modh céadna le na ndroigheachduibh.
¶ Mar sin déug Saul ar son a pheacaidh, noch do rinne sé a naghaidh an TIGHEARNA, eadhon a naghaidh bhreithre an TIGHEARNA, nar coimhéad sé, agus mar an ccéadna do chionn comhairle díarruidh ar aon agá raibh leannán síthe, dfíafruighe dhé;
¶ Oír is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Ná meallaidís bhur bhfáighe sibh agus bhur ngeasadóirigh, noch atá ann bhur lár, agus ná héistidhe ré bhur naislingibh noch do bhearthaói fá deara dfaícsin.
Do bhrígh iomuid stríopachuis na meirdrigh sciamhuigh, mhaighistréas na bpiséog, reacus cineadhacha tre na stríopachasuibh, agus muinnteara tré na piséogaibh.
Agus thugadar air a macaibh agus air a ningheanuibh dul thríd an tteine, agus do nidís fáistine agus droidheachd, agus do reacadar íad féin do dhéanamh uilc a bhfíadhnuise an TIGHEARNA, dá bhrostughadh chum feirge.
¶ Tuilleamh fós luchd na leannáin síthe, agus an luchd fáistine, agus na híomhaighe, agus na híodhuil, agus gach uile adhfhúathmhaireachd do fríth a ttír Iudah agus ann Ierusalem, do chuir Iosiah ar ccúl íad, chor go ccoimhlíonfadh sé bríathra an dlighe noch do bhí scríobhtha annsa leabhar do fúair Hilciah an sagart a ttigh an TIGHEARNA.
Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas, Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd, Tnúth, dúnmharbhadh, meisge, cráos, agus a samhail sin: ar a labhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nach bhfuighe an drung do ní a samhail so óighreachda rioghachda Dé.
Achd do gheabhuid na daóine meata, agus díchreidmheacha, agus gráineamhla, agus luchd dúnmharbhtha, agus adhaltrannuis, agus na bpiséog, agus a niodhaladhruigh, agus a nuile bhréugaire, a gcuid sa loch atá ar dearglasadh do theine agus do ruibh: noch is dara bás ann.
A chairde, na creidigh gach éin spiorad, achd dearbhuidh na spioruid an ó Dhía atáid: óir do chúadar morán dfáidhibh fallsa amach fán domhan.
Do chúala mé cred a dúbhradar na fáighe, noch thairrghirios bréaga ann mainmsi, gha rádh, Daisling mé, daisling mé. Ga fad bhías so a gcroidhthibh na bhfágh thairrghirios bréaga? a seadh, atáid na bhfáighibh ceilge a ccroidhe féin;
Agus deagla go ttóigfeá do shúile súas chum nimhe, a nuáir do chífeá an ghrían, agus an ghealach, agus na réulta, sluágh nímhe uile, go ttáireongtháoi thú chum a nadhartha, agus do dhéanamh serbhíse dhóibh, noch do roinn an TIGHEARNA do Dhía ris a nuile chineadh fáoi neamh uile.
Oír eiréochuidh Críosdanna fallsa, agus fáidh fallsa, agus do dheánuid comharthuidhe agus miorbhuile móra; ionnas go meallfuid síad (da madh éidir é) na dáoine toghtha féin.
Agus do dhóibliodar a fáighe íad féin lé moirtéul gan súathadh, ag faicsin díomhaóinis, agus ag fáistine bréug dhóibh, ag rádh, Is marso a deir an Tighearna DIA, an tan nar labhair an TIGHEARNA.
Coimhéadaigh sibh féin ar na fáigheannaibh fallsa, thig chugaibh a gculaidhibh caórach, agus a tá leith a sdigh na madruidh állta fhúaduigheachda.
Féuch, atáim a nagháidh na druinge thairrghirios brionglóide bréagacha, a deir an TIGHEARNA, agus innisios íad, agus do bheir ar mo phobal seachránughadh le na mbreaga, agus le na néattruime; agus ní misi do chuir uáim íad, nó daithin díobh: ar a nadhbharsin ní thairbheochuid síad don phobalso ar éanchor, a deir an TIGHEARNA.
¶ A nuáir éighfios tú, tárthuighidís do chompanuigh thú; acht béara an ghaoth ar siubhal íad uile; béara an diomhaoíneas air siubhal íad: acht sealbhochuidh an té chuirios a dhóigh ionnamsa an dúithche, agus do gheabhuidh oighreacht mo shléibhe náomhtha;
Agus do teilgeadh amach an dragún mór, an tseanaithir nimhe, dá ngoirthear an Díabhal agus Sátan, an tí mheallas an domhan uile: do teilgeadh amach é fán dtalamh, agus do teilgeadh amach a aingil maille ris.
Féuchuidh, ní bhfuil ionnuibh acht neimhní, agus bhur nobair gan tábhachd: is adhfúathmhar an té thoghas sibh.
Is marso a deir an Tighearna DIA; Do bhrígh gur dóirteadh do shalchar amach, agus gur foillsigheadh do thárnochtuighthe do bhrígh do stríopachuis led háos grádha, agus re huile iodhaluibh do ghráineamhlachda, agus le fuil do chloinne noch thug tú dhóibhsion;
Is airgiod agus ór a níomháighthe, obair láimhe duine. Atá béul aca, agus ní labhruid: atáid súile aca, agus ní fhaicid síad: Atáid chlúasa aca, agus ní chluinid: atá srón aca, agus ní bholtnuighid. Atáid lámha aca, agus ní mhothuighid: atáid cosa aca, agus ní shiubhluid: ní labhruid síad le na scórnuigh.
Agus atá tiormach air a huisgeadhuibh; agus tiormochthar súas íad: óir isí tír na níomháigheach ngreanta í, agus a táid ar buile ar a niodhaluibh.
Agus abair, Is marso a deir an Tighearna DIA; A mhairg do na mnáibh fhuáighidhiosclúascháin ar na huile uilleannuibh, agus do ní ciarsúir air cheann gach aóin státuir dfíadhach anmann! An mbeithí ag fíadhach anmann mo phobailsi, agus an ccuimhdeochthaói béo anmanna na druinge thig chugaibh?
Acht tiucfaid an dá ní se ort a móiment a náonló, caill chloinne, agus baintreabhachus: tiucfuid ort ann a niomláine ar son iomadamhlacht do dhraóigheachda, agus ar son ró iomaid do gheasadóireacht.
Annsin a dubhairt an TIGHEARNA riom, Tairrghirid na fáighe bréaga am ainmsi: ní mé do chur náim íad, ní mó is mé dáithin díobh, ní mó do labhair mé ríu: tairrghirid díbhsi fis neimhfhírinneach agus geasadóireacht, agus neimhní, agus cealg a ccroidhe féin. Uimesin is marso a deir an TIGHEARNA a ttáobh na bhtágh thairrghirios am ainmsi, agus nach mé do chiur uáim íad, thairis sin go nabruid, Ní bhía cloidheamh nó gorta san tírse; Le cloidheamh agus le gorta thuitfid na fáighesi.
Achd an fáigh, gheabhus do labhairt a mainmse, focal nach ar aithin mise dhe a labhairt, nó laibheorus a nainm dee oile, cuirfighear an fáigh sin go deimhin chum báis.
Agus amhail mar nár chuireadar suim a néolus Dé do chongmháil, as mar sin tug Día íadsan dinntinn neamhchéillidhe, ionnus go ndéunaidís neithe nar bhiomchubhaidh. Ar na líonadh do nuile éugcóir, do mhaílis, do dhrúis, do dhroichmhéin, do shaint; ar na líonadh do thnúth, do dhúnmharbhadh, dó cheannarraic, do mheabhail, do dhrochbhéusuibh; luchd siusarnuighe. A dtimcheall a Mhic Iósa Críosd ar Dtighearna, (do gineadh do shíol Dháibhi do réir na féola; Luchd ithiomráidh, luchd fúathaighe Dé, luchd tarcuisne, dáoine uáibhreacha, mórdhálácha, luchd comtha uile, easúmhal daithreachaibh agus do mhaithreachaibh, Eigcéillidhe, neamhchoingheallach, gan ghrádh nadúrtha, doríartha, neamhthrócaireach: Noch, ar naithne dhlighe Dé dhóibh, (eadhon go dtuíllid luchd na ngníomhsa do dhéunamh bás,) achd mar an gcéudna cáomhnuid síad luchd a ndéunta.
Ann sin do ghoir Phárao mar an gcéadna na dáoine glíoca, agus na bpiséogáibh: a nois dráoithe na Hégipte, do rinneadursan fós ar an modh céadna le na ndroigheachduibh. Oír do theilgeadar síos gach áonduine aca a shlat, agus do rinneadh naithreacha nimhe dhíobh: ach do shluig slat Aaron súas a slatasan.
Oír ionann dul an neasurramachd agus peacadh piseóguigh, agus easumhla ionnán agus éaigceart agus iodhaládhradh. Do chionn gur tharcuisnigh tú focal an TIGHEARNA, do tharcuisnigh seision thusa mar an gcéadna ó bheith ad rígh.
Do chonncadar díomhaóineas agus tairrghire bhréagach, ag rádh, A deir an TIGHEARNA: agus ní hé an TIGHEARNA do chuir uádh íad: agus thugadar air dhaóinibh oile dóthchusúghadh go ndaingneochaidís an focal. Nach bhfacabhair fis díomhaóin, agus nach ar labhrabhair tairrghire bhréagach, an tionad a nabarthaói, A dubhairt an TIGHEARNA é; bíodh nar labhair mé? Uimesin is marso a deir an Tighearna DIA, Do bhrígh gur labhrabhair díomhaóineas, agus go bhfacabhair bréaga, ar a nadhbharsin, féuchuidh, atáimsi bhur naghaidh, a deir an Tighearna DIA. Agus biáidh mo lámh air na fáighibh do chí díomhaóineas, agus chumas bréaga: ní bhéid síad a noireachtas mo phobail, ní mó scríobhthar íad a scríbhinn thighe Israel, ní mó rachaid síad a steach a ndúthaigh Israel; agus aitheontaói gur misi an Tighearna DIA.
Agus a núair a déaruid síad ribhsi, Iarruidh ar an mhuinntir agá mbíd spioruid mhuinnteardha, agus ar fháistineachaibh phiobas, agus channranus: nach ar chóir do dhaóinibh íarruidh ar a Ndía féin? na mairbh ar son na mbéo? Agus do ghlac mé chugam fíadhnuisigh fírinneacha do chuimhniughadh, Uriah an sagart, agus Sechariah mhac leberechiah. Chum an dlighe agus chum na fiadhnuise: muna labhruid síad do réir a nfocailsi, iseadh do chionn nach bhfuil solus air bith ionta.
Ní chuirfiod cúis urchóideach ar bith ós coinne mo shúl: is beag orum gníomhartha na ndaóine noch chláonas; ní cheangoluidh sé dhíom.
Ná mealltar sibh; ní ghabhann Día sgige chuige: oír gidh bé ní shiolchuireas neach, a sé an ní céudna bheanfas sé.
Creidigh an simplidheach gach aonfhocal: acht féuchaidh an duine ghlic go maith dá imtheacht féin.
Tabhruidh bhur naire ribh nach meallfuidh éinneach sibh tré fheallsámhnachd agus tré mhealltóireachd dhiomhaíun, do réir thráchduighe na ndaóine, do réir chéudthosuigheadh an dómhuin, agus ní do réir Chríosd.
Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh.
Bíghidh measarrgha, déunuidh faire; óir atá bhur namhuid an díabhal, mar leomhan bhéicfeach, ag gabháil fá gcuáirt dá fhéuchain cía shluighfeadh sé:
Uime sin úmhluighe sibh féin do Dhía. Cuiridh a naghuidh an díabhal, agus teithfidh sé uáibh.
Tuille eile, a dhearbhraithre, gidh bé ar bithe neithe atá firinneach, gidh bé neithe atá trómgha, gidh bé neithe atá ceart, gidh bé neithe atá glan, gidh be neither as fíu grádh, gidh bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd; ma tá súbhailcighe ar bith, agus má tá moladh, go madh híad bhías sibh a smuáineadh.
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Oir atá bríathar Dé beó, agus bríoghmhar, agus ní sa ghéire ná clóidheamh ar bith dhá fháobhar, agus téid sí thrín a steach go roinn a nanma agus na sbioruide, na nalt agus an smeara ré chéile, agus is breathamh í ar smúaintighibh agus ar bhreathnuighibh an chróidhe.
Giodh bé nach bhfuil leamsa a tá sé a maghaidh; agus giodh bé nach ccruinnigheann leamsa scahuighe sé.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Ní bhéara arm ar bith dá ccuimeachthar buáidh ad aghaidhsi; agus gach teanga dá néireochuidh ad aghaidh daimneocha tú í a mbreitheamhnus. Así so oighreachd sheirbhíseach an TIGHEARNA, agus is uáimsi atá a bhfíreantachd, a deir an TIGHEARNA.
Ní bheanfa áonolc riot, agus ní thiucfa an phláigh a ccomhghar dot pháillíun. Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile.
Atá a fhios aguinn gach neach atá ar na thuismeadh ó Dhía nach bpeacuigheann sé; achd an tí atá ar na thuismeadh ó Dhía, bí coimhéudach air féin, agus ní bheanann an droch spiorad ris.
Do ní aingeal an TIGHEARNA campa go cruinn a ttimchioll na druinge air a mbí a eagla, agus sáoruidh sé íad.