Sé an Día síorruidhe do áit dídin, agus faói shíos atá slúagh síorruidhe: agus tiomáinfidh sé amach an námhuid romhad; agus déara sé, Marbh íad.
Foileochuidh tú íad a nuáignios ad fhiaghnuise ó úabhar an duine: foileochuidh tú íad ann do thabernacuil ó imreasan na tteangtha.
Oír do bhí tú ad neart do na bochduibh ad neart do na trúaghanuibh iona nainnise, ad fhasgadh ón stoirm, ad scáile on tteasbhach, a nuáir bhios tormán na núathbhásach amhuil stoirm a naghaidh bhalla.
Achd a dubhairt sé riom, Is lór dhuit mo ghrássa: óir iomlánuighthear mo chúmhachdasa a néugcrúas. Uime sin budh ró mhóide mfonn mórdháil do dhéunamh as méugcrúasuibh, ionnus go ndéanadh cúmhachd Chríosd cómhnuidhe ionnam.
Is maith an TIGHEARNA, caisléan daingion a ló na buáidheartha; agus aithnigh sé an drong dhóthchusuighios ann.
Cuimhdeochuidh sé cosa a naomh, agus béid na cionntuigh na ttochd an ndorchadas; óir ní bhéara éainneach buáidh le neart.
Bíaidh an TIGHEARNA mar an ccéadna na ionad dídin don té sháruighthear, na dhaingion a naimsearuibh buáidheartha.
Acht mar so a deir an TIGHEARNA, Béarthar fós braighde na neartmhar ar siubhal, agus seachodthar creach a núathbhásuigh: óir troidfidh misi ris an té throidios ríotsa, agus cuimhdeochuidh mé do chlann.
Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Oír is grían agus scíath an TIGHEARNA Día: do bhéaraidh an TIGHEARNA grása agus glóir: ní chuinneochaidh sé maith ón luchd do shiubhlus go díreach.
Féuch, is Día mo shlánaightheóir; bím dothchusach ann, agus ní bhía eagla orum: óir isé an TIGHEARNA IEHOBHAH mo neart agus mó chaintic; sé fós mo shlánughadh é.
Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh.
Agus go nuige a naóis fhoirfe is misi féin é; agus fós go nuige an bhfolt líath iomchora mé: is misi do rinne, agus is mé iomchorus; iomchora mé, agus sáorfa mé sibh.
Agus a dubhairt, sé, An TIGHEARNA mo chárruic, agus mo dhaingion, agus mo sháorthóir;
Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo scíath; do chuir mo chroidhe a dhóigh ann, agus do cobhruigheadh mé: ar a nadhbharsin do dhéana mo chroidhe gáirdeachus; agus molfad é le mo chaintic.
Agus a dubhairt sé, Eistighsi, a Iúdah uile, agus sibhsi a áitreabhacha Ierusalem, agus tusa a rígh Iéhosaphat, Is mar so a deir an TIGHEARNA ribh, Ná bíodh eagla nó uabhuain oruibh ar son a niomaid coimhthionailsi; oír ní libhsi an oath, achd lé Día.
Do ní sé stór gliocuis iomláin do nfíréun: bí sé na scéith don druing shubhluighios go hionnraic.
Racha misi romhad, agus do dhéana mé háite cama díreach: brisfidh mé na mblodhuibh na geatadha práis, agus géarrfa mé ó chéile na barradha íaruinn:
Dá ccampuigheadh slúagh am aghuidh, ní bhía eagla air mo chroidhe: dá neirgheadh cogadh am aghaidh, annso bhías mé dóthchusach.
¶ Is misi, misi féin, an té chobhruigheas sibhsi: cía thusa, as a mbíath eagla ort roimhe dhuine rachus déug, agus roimhe mhac an duine noch do dhéantar mar an bhféur;
Agus suighfe mé a ttimchioll mo thighe do bhrígh na harmála, do bhrígh an té fhillios: agus nighéabhuid lucht sáruighthe ar bioth tríotha ni is mó: óir a nois do chonnairc mé lem shúilibh.
Ní bhiáidh eagla air roimhe dhroichscéuluibh: atá a chroidhe diongmhalta, ag cur a dhóthchuis san TIGHEARNA.
Abruidh ris a ndroing agá bhfuil croidhe eaglach, Bíthí láidir, ná himeagluighidh: féuchuidh, tiucfaidh bhur Ndía lé dioghaltas, tiucfaidh Dia lé luáidheachd; tiucfa sé agus sáorfa sé sibh.
Ní thárla cathughadh ar bith dhíbh achd an cathughadh leanus gach áon: agus atá Día fírinneach, nách bhfuileóngaidh cathúghadh do chur oraibh ós cionn bhur neirt; achd do dhéuna sé slighe imtheachd dhíbh ann sa gcathúghadh, ionnus go madh éidir libh a iomchar.
Fá dheóigh don tí lér féidir bhur gcoimhéud ar oilbhéim dfagháil, agus bhur gcur a bhfíadhnuise a ghlóire féin gan choir ar bith maille ré rogháirdeachais,
Oír thusa, a THIGHEARNA, beannocha tú an fíréun; le fabhar timchiollfar é amhuil budh le scéith.
Agus cóimhneochuidh mo phobalsa a náitreabh shíothchanta, agus a ttighthibh daingne, agus a socamhul shuáimhneach;
Do dhéanad comhnuighe ann do thabearnacuil go bráth: biáidh mo dhóigh a ccuim do sciathán. Selah.
Ná bíodh eagla a naightheach ort: óir atáimsi maille riot dot sháoradh, a deir an TIGHEARNA.
Oír imeochuid na sléibhte, áthrochar na cnoic; acht ní imeochuidh mo chínealsa uáitsi, ní mo áthrochthar cunnradh mo shíothchána, a deir an TIGHEARNA do rinne trócaire ort.
Agus biáidh tabernacuil ann mar sgáile ón teas a naimsir an láe, agus mar áit dídin, agus mar fholach ón stoirm agus ó nfearthuinn.
Agus do bheirim an bheatha mharrthanach dhoibh; agus ni rachaid siád a mugha go bráth, agus ní fhúaideóchaidh eínneach as mo láimh iad.
Cred é oirdhearcus do thrócaire a Dhé! air a nadhbhar sin cuirfid mic na ndáoine a ndóigh a scáile do sciathán.
Má shiúbhluim a meadhón an chúmhgaidh, aithbheochuidh tusa mé: ar son fheirge mo námhad sínfe tú úait do lámh, agus tárthocair mé lé do láimh dheis.
Biaidh an lucht chuirios a ndóigh annsa TIGHEARNA mar shlíabh Síon, nach féidir a chorrughadh, ach mhairios go bráth.
Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
Oír do bhrígh air fhúlaing sé an tan do chuireadh cáthughadh air, is féidir leis cabhair do thábhairt don druing ar a gcurthar cáthughadh.
Nách ar aithin misi dhíot? Bí láidir agus lán bhéodha; ná bíodh eagla ort, agus ná bí meata: óir atá do THIGHEARNA Día maille leachd gidh bé áit a racha tú.
Oir is marso a deir an Tighearna DIA, Neach Náomhtha Israel; A niompogh agus a suáimhnios béithí tárthúighthe; a cciúnas agus a ndóthchus bhías bhur neart: agus níor bháill libh.
Do chuáidh a noidhche thorainn, agus do dhruid an lá rinn: uime sin teilgeam uáinn oibreacha an dorchaduis, agus cuireann umainn éideadh an tsolais.
Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.
Oír atáid súile an Tíghearna ar na fíreunuibh, agus a chlúasa osguilte dha nurnuighe: achd atá gnúis an Tíghearna a naghuidh na druinge do ní na huile.
An té áitighios a núaingnios аn té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh. Ní bheanfa áonolc riot, agus ní thiucfa an phláigh a ccomhghar dot pháillíun. Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile. Iomchoruid thú ann a láimh, deagla go mbeanfadh do chos re cloich. Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún. Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige. Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh. Do dhéanad a ríar le fad laétheadh, agus foillseochad mo shlánughadh dhó. A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion: mo Dhía; cuirfiod mo dhóthchus ann.
Día mo chairge; is ann bhías mo dhóigh: sé mo scíath é, agus adharc mo shlánuighthe, mo thor árd, agus mo dhidean, mo shlánuightheóir; do chumhduigh tú me ó fhoiréigion. Oír thriódsa do rioth mé tré chuideachda: tré mo Dhía féin do ling mé tar bhalla. Atá slighe Dé iomlán; do dearbhadh bríathar an TIGHEARNA: atá sé na scéith ag gach áon dá gcuirionn a dhóigh ann. Oír cía is Día ann, achd an TIGHEARNA? agus cía as carruic ach ar Ndianne? Sé Día mo neart agus mo chumhachda: agus do ní sé mo shlighe iomlán. Do ní sé mo chosa amhuil cosa eilite, agus suighidh sé mé ar máitibh árda. Múinidh sé dom lámhuibh cogadh; iondus go mbristear bogha crúadhach lem lámhuibh. Thug tú dhamh mar an gcéadna sciath do shlánuighthe: agus do rinne do cheannsachd mór mé. Do fhairsingidh tú mo choiscéime fúm; ionnus nar shleamhnuigheadar mo chosa. Do lean mé mo naimhde, agus do mharbh mé íad; agus níor fhill mé a rís nó gur dhíth‐laithrigh mé íad. Agus do scrios mé íad, agus do loit mé íad, iondus nar bhféidir leó éirghe; achd gur thuiteadar fam chosuibh. Goirfidh mé ar an TTIGHEARNA, noch is fíu a mholadh: marsin sáorfuighear ar mo námhaid mé.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
(Oir ar náirm coguidh ní féolmhar íad, ach cúmhachdach ó Dhía, chum daingneach do leagadh sios;)
Is tor daingion ainm an TIGHEARNA: riothuidh an fíréun chuige, agus bí sé daingion.
A nuáir ghabhus tú thríd na huisgeadhuibh, biáidh misi ad fhochair; agus thríd na haibhnibh, ní fhoileochuid síad thú: a nuáir shíubholas tú thríd an tteine, ní loisgfighear thú; ní mó dheargfas an lasair ort.
Do ní aingeal an TIGHEARNA campa go cruinn a ttimchioll na druinge air a mbí a eagla, agus sáoruidh sé íad.
Atáid Ierusalem na sléibhte na timchioll; agus is amhluigh atá an TIGHEARNA a timchioll a dhaóine ó núairsi agus go síorruidhe.
Oír sé bhur TTIGHEARNA Día an té théid libh, do throid re bhur námhuid, da bhur ttártháil.
Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail.
Cuimhdeochuidh an TIGHEARNA thú ó nuile olc: coimhéadfa sé hanam. Cuimhdeochuidh an TIGHEARNA do dhul amach agus do theacht a steach ó namsa amach, agus go síorruidhe.
Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile.
Ní bhéara arm ar bith dá ccuimeachthar buáidh ad aghaidhsi; agus gach teanga dá néireochuidh ad aghaidh daimneocha tú í a mbreitheamhnus. Así so oighreachd sheirbhíseach an TIGHEARNA, agus is uáimsi atá a bhfíreantachd, a deir an TIGHEARNA.
Gidheadh atá an Tíghearna díleas, noch dhaingnéochas, agus chóimhéudfus sibh ó olc.
Fós, ar son go siubhlochuinn a ngleann scáile an bháís, ní bhiáidh eagla uilc orum: óir atá tusa agam; coibhreochuidh do shlat agus do mhaide mé.
Bíthí láidir agus bíodh meisneach mhór aguibh, ná himeagluidh, agus ná biodh úamhan aguibh rompa: óir sé do THIGHEARNA Día, théid libh; ní fheallfa sé ort, agus ní thréigfe sé thú.
Ise an TIGHEARNA mo sholus agus mo shlánughadh; cía re a mbiáidh eagla agum? sé an TIGHEARNA neart mo bheatha; cía budh eagal damh?
A chlann bheag, as ó Dhía atá sibhse, agus rugabhair buáidh orrthasan: óir as mó an tí atá ionnuibhse, na an tí atá sa domhan.
Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh?
Bíghidh measarrgha, déunuidh faire; óir atá bhur namhuid an díabhal, mar leomhan bhéicfeach, ag gabháil fá gcuáirt dá fhéuchain cía shluighfeadh sé: Cuiridhse na aguidh ar mbeith dhíbh láidir a gcreideamh, ar mbeith a fheasa aguibh go gcoimhlíontar na buáidheartha céudna sa gcuid eile dá bhur ndearbhraithribh atá sa tsáoghal.
Agus sáorfa an Tíghearna mé ó gach uíle dhrochobair, agus comhéudfuidh mé chum a ríoghachda neamhdha féin: glóir dhósan go saóghal na sáoghal. Amén.
Is tú mionad foluigh; coiseonuidh tú mé ó bhuáidhreadh; ré gáirdeachus sáortha tiucfuir fá ccuáirt am thimchioll. Selah.
Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige.
Atá a fhios aguinn gach neach atá ar na thuismeadh ó Dhía nach bpeacuigheann sé; achd an tí atá ar na thuismeadh ó Dhía, bí coimhéudach air féin, agus ní bheanann an droch spiorad ris.
Do bheir sé cumhachda do nanbhfann; agus don droing ag nach bí neart méuduighidh sé neart.
Ase an TIGHEARNA mo neart agus mo dhan, agus do bhí sé na thártháil damh: is eision mo Dhía, agus do dhéana mé áit comhnuighe ullmhughadh dhó: Día mathar, agus airdeocha me é.
Cuimhdeochuidh an TIGHEARNA é, agus coimhéadfa béo é; biáidh sé beannuigh air an ttalamh: agus ná tábhairsi é do thoil a námhad.
Ionnus gur féidir linn a rádh go dána, Sé an Tíghearna mfear cabhartha, agus ni bhiáidh eagla oram fá ní dhar féidir do dhuine dhéunamh oram.
Atá slighe Dé iomlán; do dearbhadh bríathar an TIGHEARNA: atá sé na scéith ag gach áon dá gcuirionn a dhóigh ann.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad.
Coimhéad mé, a THIGHEARNA, ó lámhaibh na cciontach; dídin mé ó fhior a nfoiréigin; noch shaóilios mo choiscéime do chlaóidh.
Agus a deirimsi riot, Gur ab tusa Peadar, agus gur ab ar an gcarruicsi thóigeabhus misi méagluis féin; agus nach béaruid geatuidhe ifeirn búaidh uirrthe.
Acht tusa, a THIGHEARNA, atá tú ad scéith dhamhsa; mo ghlóir, agus fear tógtha súas mo chinn.
A nuáir luidhfios tú síos, ní bhía eagla ort: fós, luidhgidh tú síos, agus biáidh do chodhladh sáimh. Ná bíodh eagla ort re húamhan obann, nó re dólás na nolc, a nuáir thiucfas sé. Oír budh é an TIGHEARNA do bharánta, agus cuimhdeochuidh sé do chos ó bheith gabhtha.
Marsin bhías eagla anma an TIGHEARNA orra ó náird shíar, agus a ghlóire ó éirghe na gréine. A nuáir thiucfas an námhuid a steach amhuil tuile tóigfe Spiorad an TIGHEARNA bratach súas na aghaidh.
Agus do fhreagair seision, Ná bíodh eagla ort: óir an drong atá linne is mó íad náid a bhfuil leósan.
Oir foileochuigh sé mé iona pháilliún a ló a nuilc: coimhéudfuidh mé go secréideach a nuáignios a thabernacuil; ar charruic thóigfios sé súas mé.
Toigfiod súas mo shuile chum na ccnoc, as a ttiocfa mo chabhair. Is ón TTIGHEARNA atá mo chabhair, noch do rinne neamh agus talamh.
Agus bruithfidh Día na síothchána Sátan fáoi bhur gcosaibh go haithghoird. Grása ar Dtighearna Iósa Críosd maille ribh. Amén.
Oírbíaidh misi, a deir an TIGHEARNA, am bhalla teineadh dhi timchoill fa ccuáirt, agus biáidh mé am ghloír iona lár.
Ní bhía faítchios ort air eagla na hoidhche; nó fó na soighde eitiollas san ló; On phláigh noch shíubhlas annsa dorchadus; nó ón dioghaltas noch shiubhlas san meadhóin laói.
Agus tar gach uile ní, glacuibh chuguibh, sgíath an chreidimh, tré na dtucfuidh dhíbh uile gháethe tinntighe na drochsbioruidedo mhúchadh.