Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 2:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Bíonn a eagna stuama in áirithe aige do na fíréin; is sciath é don mhuintir a chaitheann a saol go macánta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Do ní sé stór gliocuis iomláin do nfíréun: bí sé na scéith don druing shubhluighios go hionnraic.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 2:7
16 Tagairtí Cros  

Níor ghabh na hainmhithe maorga an cosán sin, Ná níor leag an leon a chosa air.


Is é siúd mo ghrá agus mo dhaingean; is é mo dhún é agus m'fhuascailteoir; mo sciath é ina gcuirim mo dhóchas; cuireann sé ciníocha faoi mo smacht.


Ach is tú, a Thiarna, mo sciath; mo ghlóir a thógann mo cheann.


B'fhearr liom aon lá amháin i do chúirteanna ná míle lá in aon áit eile. B'fhearr liom bheith ar thairseach theach Dé ná bheith i mo chónaí i mbothanna na bpeacach.


Sé is eagna leis an gcríonna, faire a choimeád ar a bhearta; cuireann baois na mbaoth daoine amú.


Déanfar an té a shiúlann san fhíréantacht a fhuascailt; ach an té a bhíonn go guagach idir dhá bhealach, titfidh sé ar cheann acu.


Gach briathar a labhraíonn Dia, seasann sé trial na fírinne; is sciath é do gach duine a théann ar a choimirce.


(Is cuma fuath don olc nó eagla an Tiarna;) is fuath liom uabhar, díomas, cosán an oilc agus an béal bréagach.


Mar tá scríofa: “Cuirfidh mé eagna lucht na heagna ar neamhní; cuirfidh mé éirim lucht na héirime ar leataobh.”


ach dóibh siúd a bhfuil glaoite orthu, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, is é Críost cumhacht Dé agus eagna Dé é.


Eisean a bheir daoibhse bheith in Íosa Críost an té a ndearna Dia eagna de dúinne, agus fíréantacht agus naofacht agus fuascailt.


is é sin, ar Chríost a bhfuil stóir uile na heagna agus an eolais i bhfolach ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí