Seanfhocal 2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil II. Sealbh dóelas, 10 agus deagh-chleachtadh na heagna. 1 A mhic, má ghabhann tú mo bhríathrasa, agus maitheanta dfolachagad féin; 2 Iondus go ccláonfa tú do chlúas chum na heagna, agus go ttinbhra tú do chroidhe don tuigsin; 3 Má éighionn tú fós a ndiáigh éoluis, agus go ttóigfe tú do ghuth súas chum na tuigsiona; 4 Má íarrair í amhuil airgiod, agus go spíonfuidh tú da híarruidh mar ionnmhusaibh foluightheacha; 5 Annsin tuigfidh tú eagla an TIGHEARNA, agus do gheabha tú éolus Dé. 6 Oir isé an TIGHEARNA do bheir eagna: as a bhéul thig an téolus agus an tuigse. 7 Do ní sé stór gliocuis iomláin do nfíréun: bí sé na scéith don druing shubhluighios go hionnraic. 8 Coimhéaduigh sé casáin an bhreitheamhnuis, agus cumhduighidh sé slighe a náomh. 9 Ann sin tuigfidh tú fíréantacht, agus breitheamhnus, agus comhthrom; fós, gach uile dheaghshlighe. 10 A nuáir rachus a neagna a steach ann do chroidhe, agus bhías éolus taitneamhach dot anam; 11 Cuimhdeochuidh deiscréid thú, coimhéadfuidh tuicse thú: 12 Dot sháoradh ó shlighe an drochdhuine, ón duine labhras neithe éaigcneasta; 13 Noch thréigios slighe a nionnracais, do shiubhal a slighthibh an dorchadais; 14 Noch lúathgháirighios um dhéanamh uilc, agus dhúilighios a néigcneasdacht na cciontach; 15 A bhfuilid a slighthe cam, agus íad éaigcneasta iona slighthibh: 16 Dot sháorach air an mnaói choimhthigh, eadhon an coimhthigheach noch mheallus le na bríathruibh; 17 Noch thréigios éoluighe a hóige, agus dhearmadas cunnradh a Dé. 18 Oír cláonuidh a tigh chum báis, agus a casain chum na marbh. 19 Ni fhílleann áonduine dá ttéid go nuige í a rís, ní mó ghlacaid síad greim do chasánabh na beatha. 20 Go madh héidir léatsa imtheacht a slighthibh na ndaoine maith, agus coiscéime na bhfíréun do choimhéad. 21 Oír coimhneochuidh an tionnraic annsa dúthaigh, agus buáineochuidh an duine iomlán innte. 22 Acht géarrfuighthear na drochdhaóine amach as an ttalamh, agus tochaltar lucht an tsaruighthe as amach. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society