Biblia Todo Logo
Véarsaí Bíobla
- Fógraí -


150 Véarsaí an Bhíobla faoi Aoibhneas an tSlánaithe

150 Véarsaí an Bhíobla faoi Aoibhneas an tSlánaithe
Salm 51:12

Aisig dhamh gáirdeachus do shlánuighthe; agus connuimh súas mé le spiorad shaóir.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 12:2-3

Féuch, is Día mo shlánaightheóir; bím dothchusach ann, agus ní bhía eagla orum: óir isé an TIGHEARNA IEHOBHAH mo neart agus mó chaintic; sé fós mo shlánughadh é. Uimesin maille ré sólás tarrangthaoi uisge as toibreachaibh an tslánuighthe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 1:8-9

An tí dhá dtughabhair grádh, bíodh nach bhfacabhair é; ann a bhfuil sibh a nois ag creideamh, gé nach léir dhibh é, agus as a ndéuntaói gairdeachas ré lúathgháire dhófhaisnéis ghlórmhar: Ag glacadh chríche bhur gcreidimh, sláinte na nanmann.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 35:9

Agus biáidh manamsa lúathgháireach annsa TIGHEARNA: do dhéanuidh sé gáirdeachus iona shlánughadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 15:13

Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 61:10

Gáirdeochuidh mé go mór annsa TIGHEARNA, biáidh manam sólásach ann mo Dhia; óir déaduigh sé mé a cculadhuibh an tslánaighthe, dfoluigh sé mé le róba na firéantachda, amhuil chóirigheas fear núadhpósta é féin le breághachtuibh, agus mar chóirigheas an bhean núadhphósta í féin lé na séuduibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 4:4

Déunuidh gáirdeachas do shíor sa Dtíghearna: a deirim a rís, Déunuidh gáirdeachas.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 5:1-2

Ar a nadhbharsin tar éis ar soártha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día tré ar Dtighearna Iósa Críosd: Oir má, réidheadh eadruinne agus Día tré bás a Mhic, a nuáir do bhámar ar náimhdibh, is mó ná sin go mór, ar mbeith a nathmhuinnteardhas dúinn, choimhéadfuighthear sinn tré na bheathasan. Agus ní hé sin amháin, achd már an gcéudna do nímíd máoidheamh a Ndía tré ar Dtighearna Iósa Críosd, tré a bhfúaramar a nois an tathmhuinnteardhas. Ar a nadhbharsin mar tháinic an peacadh air a tsáoghal tré áonduine amhain, agus an bás trés an bpeacadh; is mar sin ráinic an bás na huile dhaóine, ar son gur pheacuigheadar uile: Oír gus an dligheadh do bhí an peacadh ann sa tsáoghal, achd ní cuirthear an peacadh a leith dhuine a nuáir nach mbíonn dligheadh ann. Gidheadh do bhí rioghachd ag an mbás ó Adhamh go Maóisi, ar a ndréim fós nar pheacaigh do réir chosamhlachda easumhlachda Adhuimh, noch atá na fhioghair ag an té úd do bhí chum teachda. Achd ní mar an gcoir, atá an tiodhlacadh. Oir má fúaradar mórán bás tré thuitim áonduine amháin, is romhó na sin do acfuinnigh grás Dé, agus an tiodhlacadh tré ghrás a náonduine Iósa Críosd, do mhórán. Agus ní mar an táonduine do pheacuigh, atá an tabhartas: óir tháinic an bhreitheamhnus tré áonchoir amháin chum dámanta, achd tainic an tabhartus ó iomad cionntadh chum sáortha. Oír más do bhrígh áonchoire amháin do ghabh an bás rioghachd tré áonduine; is mó ná sin go mór do ghéubhá an mhuinntir ghlacas fáirsingi ghrása agus thabhartais na fireantachda rioghachd a mbeatha tré áon, eadhon Iósa Críosd. Ar a nadhbharsin, amhail as tré áonchoir amháin tháinic bréitheamhnus air ná huile dhaóinibh chum damanta; is mar sin tháinic an tabhartus tré áontsáoradh amháin air gach uile dhuine chum sáortha na beatha. Oír mar is tré easúmhlachd éunduine amháin do rinneadh peacuigh do mhórán, is mar sin tré úmhlachd éunduine amháin do dhéantar firéanuigh do mhórán. Tré na bhfúaramar mar an gcéadna slighe trés an gcreideamh chum na ngrása ann a seasmáoid, agus a ndéanmáoid gáirdeachás fá mhuiníghin ghlóire Dé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 21:1

A THIGHEARNA, ann do neartsa dhéanas an righ gairdeachus; agus cred é a lúathgháirigh bhías sé ad shlánughadh!

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 15:11

A dubhairt mé na neithe so ribh, ionnus go bhfanfeadh mo gháirdeachus ionnuibh, agus go mbiadh bhur ngairdeachus lán.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Habacúc 3:18

Thairis sin gáirdeocha misi annsa TIGHEARNA, sólásfuidh mé a Ndía mo shlánuighthe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 10:20

Achd cheana na bíodh gáirdeachas oraibh, ar son go bhfuilid na spioraididhe fá bhur smachd; achd go madh mó bhiás gairdeachas oruibh fá go bhfuilid bhur nanmanna sgríobhtha ar neamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 9:14

Chor go ttaisbeanfuinn do mholadh uile a ngeatadhuibh inghine Sion: gáirdeocha mé ann do shlánughadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 25:9

Agus a déarthar annsa lósin, Féuch sé so ar Ndía; do fheitheamar air, agus sláineocha sé sinn: sé so an TIGHEARNA; do fheitheamair air, agus bíam lúathghaireach agus gáirdeochum iona shlánughadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 118:14-15

Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo chaintic, agus atá dhamhsa na shlánughadh. Atá guth an gháirdeachus agus an tslánaighthe a ttighthibh na bhfíréun: do ní lámh dheas an TIGHEARNA gaisge.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 13:5

Acht do chuirios mo dhóigh ann do thrócairesi; gáirdeochuidh mo chroidhe ann do shlánughadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Croinicí 16:23-24

Canadh an domhan uile, chum an TIGHEARNA; foillsigh amach ó ló go ló a shlánughadh. Foillsigh a ghlóir a measg na ngeinteadh; a oibreacha iongantacha a measg na nuile chineadhach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 44:23

Canuidh, a neamha; óir do rinne an THIGHEARNA é: gáiridh, a chodcha íochtaracha na talmhan: brisigh amach a cceol, a shléibhte, a fhoraóis, agus gach crann ionnad: óir dfúasgail an TIGHEARNA Iácob, agus do ghlóruidh sé é féin a Nísrael.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 6:23

Oír asé as tuarasdal don pheacadh bás; achd asé tabhartus De an bheatha mhárrthanach tré Iosa Críosd ar Dtighearna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Teasalónaigh 5:16-18

Bíodh gáirdeachas oruibh do shíor. Bíghidh ag úrnuighe gan sgur. Beirídh buidheachas sna huile neithibh: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd bhur dtáobhsa.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 126:2-3

Annsin do líonadh ar mbéul ré gáireadha, agus ar tteanga ré lúathgháire: a dubhradar annsin a measg na gcineadhach, Do rinne an TIGHEARNA éachta móra dhóibh. Do rinne an TIGHEARNA neithe móra linne; atamaóid lúathgháireach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 32:11

Déanuidh gáirdeachus annsa TIGHEARNA, agus bíthí lúathgháireach, sibhsi a fhíréuna: agus déanuidh lúathgháir, sibhsi uile noch atá díreach a ccroidhe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 5:22

Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh,

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 3:1

Tuilleadh eile, a dhearbhraithre, déunuidh gáirdeachas sa Dtíghearna. Go deimhin ní léisg leam na neither céudna do sgríobhadh chuguibh, agus as ní sabhálta dhíbhse é.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 16:24

Go nuige so níor íárrabhair ní ar bith mainmsi: íarruidh, agus do ghéubhtháoi, ionnus go mbíadh bhur ngáirdeachus lán.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Nihimiá 8:10

Ann sinn a dubhairt sé ríu, Imthighidh romhuibh, ithidh an méathus, agus ibhidh an mhillsi, agus cuirigh roinn chum na druinge dá nar hullmhuigheadh éinní: óir atá an láso náomhtha dar TTIGHEARNA: narab mó bhías doilghios oruibh; óir isé gáirdeachus an TIGHEARNA bhur neart.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Teasalónaigh 1:6

Agus do rinneadh luchd leanmhana dhúinne, agus don Tíghearna dhíbh, ar ngabháil na breithre chuguibh a mbuáidhirt mhóir, maille ré gairdeachas an Sbiorad Naóimh:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 70:4

Bídís lúathgháireach agus gáirdeach íonnadsa gach áon íarrus thusa: аgus abraidís a ccómhnuidhe gach a ngrádhuigheann do shlánughadh, Go móruighear Día.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Gníomhartha 13:52

Agus do líonadh na deisciobal do gháirdeachas, agus don Spiorad Náomh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 35:10

Agus fillfid an mhéid fhúasglas an TIGHEARNA, agus tiucfuid go Síon maille re céol agus re gáirdeachus síorruidhe ar a cceannuibh: glacfuid síad gáirdeachus agus lúathgháir, agus teithfidh dóbrón agus osnadhach úatha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 100:2

Déanuidh seirbhís don TIGHEARNA re lúathgháire: tigidh ós coinne a aighthe re gáirdeachus.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 30:11-12

Diompóigh tú mó dhóbhrón a damhsa dhamh: do chuiris díom mo shaicéadach, agus do choimhcheangluis mé lé lúathgháir; Ionnus go ccanfadh mo ghlóir moladh dhuitsi, agus gan bheith am thochd. O а THIGHEARNA mo Dhía, do bhéarad buidheachus riot go bráth.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 132:16

Agus fós éideochuidh mé a sagairt ré slánughadh: agus do dhéanaid a naóimh gáirdeachus ré lúathgháire.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 5:11

Agus ní hé sin amháin, achd már an gcéudna do nímíd máoidheamh a Ndía tré ar Dtighearna Iósa Críosd, tré a bhfúaramar a nois an tathmhuinnteardhas.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 149:2

Déanadh Israel lúathgháire iona crúthaightheóir: déindís clann Shíon sólás ann a Rígh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 1:18

Créd eile máseadh? atá Críosd fós dá sheanmórughadh ar gach éunchor, más a riochd fírinne nó fós a bhfírinne féin; agus do nímse dhá bhrígh so gáirdeachas, agus fós do dhéunad gáirdeachas.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Gníomhartha 2:28

Dfoillsigh tú dhamhsa slighthe na beatha; líonfuidh tú mé do ghairdeachus léd ghnúis féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Croinicí 16:27

Atá glóir agus onóir dá lathair; atá neart agus sólás iona ionad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 15:7

A derim ribh, gur ah mar sin bhias forbhfáilte ar neamh ar son éin pheaochach do mni is mó na ar son naói bhfréin dég agus fichid, ar nach bhfuil riachdanas aithrighe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 33:1

Gairdighidh annsa TIGHEARNA, sibhsi a fhíréuna: is cubhaidh moladh don díreach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 64:10

Do dhéana an fíréun lúathgháir annsa TIGHEARNA, agus cuirfe a dhóigh ann; agus do dhéanaid a nuile díreach a ccroidhe glóir.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 12:12

Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 5:11

Acht gáirdigheadh a nuile dhuine do chuir a dhóigh ionnadsa: gáiridís lé lúathgáir go bráth, do bhrígh go ccumhduigh tusa íad: bidís mаr an ccéadna an dream learab ionmhain thainm, lúathgáireach ionnad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 119:111

Do ghlac mé mar oighreacht thfíadhnuisese go bráth: óir is sólás dom chroidhe íad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 49:13

¶ Canuidh, a fhlaitheasa; agus bí súgach, a thalaimh; agus a shléibhte, brisidh amach a ccéoil: óir do chobhruigh an TIGHEARNA a phobal, do dhéana sé grása air a thrúaghaibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 5:12

Biodh gaírdeachas, agus luáthgháir óruibh: óir is mór bhur lúaidheachd ar neamh: óir is mar sin do ghérleanadar na faidhe thaínic romhaibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 68:3

Acht bídís na fíréin lúathgháireach; déindís gáirdeachus ós coinne Dé: agus, bídís meanmnach lé lúathgháire.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Zafainiá 3:17

Is cumhachtach an TIGHEARNA do Dhía ann do lár: tárthocha sé, gáirdeocha sé ós do chionnsa lé lúathghair; coimhneocha sé ann a ghrádh, gáirdeocha sé ós do chionn le caintic.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 16:11

Taisbeanfa tú dhamh casáin na beatha: ad lathairsi atá líonmhaireachd lúathgháire; air do láimh dheis atá sáimhe go síothbhúan.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 1:47

Agus do ní mo spiorad gáirdeachus a Ndía mó Shlánuightheóir.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 9:15

Uime sin buidheachas ré Día ar son a thiodhlaice nach dtig ré teanguidh fhoillsiughadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 28:7

Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo scíath; do chuir mo chroidhe a dhóigh ann, agus do cobhruigheadh mé: ar a nadhbharsin do dhéana mo chroidhe gáirdeachus; agus molfad é le mo chaintic.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Irimia 31:13

Annsin gháirdeochus an mhaighdion annsa damhsa, na daóine óga araon agus na seanóiridhe: óir fillfidh misi a ngúbha a ngáirdeachus, agus coibhreocha mé íad, agus do bhéara mé orra sólásughadh ó na ndólás.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 40:16

Déanaidís gáirdeachus agus bídís lúathgháireach ionnadsa gach áon dá níarrann tusa: abraidís a ccomhnuighe gach a ngrádhuighionn do shlánughadh, Go méadighthear an TIGHEARNA.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 4:1

Uime sin, a dhearbhraithre dílghrádhacha dá bhfuil toil mo chroidhe, mo sholas agus mo choróin, seasuidh mar so sa Dtíghearna, a dhearbhráithre dílghradhacha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 30:5

Oir íona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 52:7-9

¶ Cred é scíamhuidhe ar na sléibhtibh atáid cosa an té do bheir scéala maithe leis, fhuagras síothcháin; do bheir scéala maithe leis ar mhaith, fhoillsigheas slánughadh; noch a deir ré Sion, Atá do Dhía a ríoghacht! Tóigfid do lucht faire a nguth súas; ré guth a naóinfheachd canfuid síad: óir do chífid síad súil ar shúil, a nuáir do bhéara an TIGHEARNA Sion leis a rís. ¶ Brisigh amach a ngáirdeachus, canuidhse lé chéile, a áite fásuigh Ierusalem: óir do chobhruidh an TIGHEARNA a dhaóine, dfúascail sé Ierusalem.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Samúéil 2:1

Agus do ghuidh Hannah, agus a dubhairt, Atá mo chroidhe solásach annsa TIGHEARNA, do hárduigheadh madharc annsa TIGHEARNA; do fairsingeadh mo bhéul ós cíonn mo námhad; do chionn go ngáirdighim ann do shlánughadhsa.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 71:23

Do dhéana mo bhéul lúathgháire mar chanfad sailm dhuit; agus manam, noch dfúascuil tú.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 14:27

Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air,

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 92:4

Oír do rinne tú lúathgháireach mé, a THIGHEARNA, le hobairsi: do dhéan gáirdeachus a ngníomhuibh do lámh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 13:11

An cuid eile dhe, a dhearbhráithreacha, biodh gáirdeachas oruibh. Bighidh diongmhálta, bíodh deaghmheisneach aguibh, bíghidh déininntinn, leanuidh don tsíothcháin; agus biáidh Día an ghradha agus na siothchána maille ribh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 4:7

Do chuiris lúathgháir ann mo chroidhe ní is mo ná a nuáir do mhéuduigh a narbharsan agus a bhfíon.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Gníomhartha 8:8

Agus do bhi gáirdeachus mór sa gcathraighsin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 126:5

An dream chuirios síol a ndéaruibh beanfaid a lúathgháire.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 3:16

Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 8:1

Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 51:8

Do bhéarair orum gáirdeachus agus lúathgháir do chlos; chum go ndéindís na cnámha noch do bhris tú luathgháire.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 11:28-30

Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh. Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach? Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 37:4

Agus bíodh do dhúil fós annsa TIGHEARNA; agus do bhéura sé dhuit íarratas do chroidhe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 40:31

Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 146:5

Is beanuighe an té aga bhfuil Día Iácob mar chabhair, agá a bhfuil a dhóigh annsa TIGHEARNA a Dhía féin:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 12:2

Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 84:12

A THIGHEARNA na slógh, is beannuighe an duine chuirios a dhóigh ionnadsa.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 61:3

Dórdúghadh don druing chaoídheas a Sion, do thabhairt sgéimhe dhóibh ar son lúatha, ola an gháirdeachuis ar son dóbróin, éaduigh an mholta ar son spioruidhe brúighte: go ngoirfidhe crainn na fíroantachda dhiobh, planndughadh an TIGHEARNA, chor go nglórfuidhe é.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 68:19-20

Go madh beannuigh an TIGHEARNA, noch thréoruighios sinn go láetheamhuil, Día ar shlánuighthe. Selah. Mar thiomáintear deatach seachad, marsin tiomáinse seachad íad: mar leaghas céir ós coinne tineadh, marsin meathaidís na cíontuigh a bhfiaghnuíse Dé. Isé ar Ndíanne Día ar slánuighe; agus ré Día an TIGHEARNA beanaid slightheach an bháis.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 19:10

Oír tháinic Mac an duine diárruidh agus do shlánughadh an ní do chúaidh a mugha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 2:8-9

Oír as tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré chreideamh; agus ní uáibh féin so: achd tioglacadh Dé: Ní ó oibrighthibh, deagla go ndéanadh áonduine uáill as féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 36:9

Oír is agadsa atá tobar na beatha; ann do sholusa do chídhfiom solus.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 6:19

Noch atá aguinn mar ancaire, daingean diongmhálta a nanma, agus théid a steach go soithe a ní atá don táoibh a stigh don bhrat;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 8:38-39

Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 116:5-7

Is grásamhuil an TIGHEARNA, agus is fíréunta; agus atá ar Ndíane lan do thruáighe. Cumhduigh an TIGHEARNA na dáoine simplighe: do hísligheadh mé, agus do sháor sé mé. Iompóigh ó manam, chum do shuáimhneasa; óir do frith an TIGHEARNA go tiodhlaictheach ort.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 10:10

Ní thig an gaduidhe, achd do ghoid, agus do mhárbhadh, agus do mhilleadh: tháinig misi ionnus go mbíádh beatha aca agus go mbíadh sí ní is fairsinge aca.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 5:11-12

Agus a sí so an fhíadhnuise sin, go dtug Día an bheatha mharthannach dhúinne, agus is ann a Mhac atá an bheathasa. An tí agá bhfuil an Mac aige atá an bheatha aige; an tí ag nach bhfuil Mac Dé ní bhfuil an bheatha aige.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 5:17

Ar a nadhbharsin má atá éunduine a Gcríosd, is créutúr núadh é: do imthigheadar na seinneithe thoruinn; feuch, do rinneadh na huile neithe núadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 26:3-4

Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad. Dóthchusáidh annsa TIGHEARNA go bráth: óir is annsa TIGHEARNA IEHOBHAH atá an neart síorruidhe:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 86:12-13

Molfad thú, a THIGHEARNA mo Dhía, rem uile chroidhe: agus do dhéanad hainm do ghlórughadh go bráth. Oír is mór thrócaire orumsa: agus dfúascail tú manam ó ifrionn íochdarach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 40:3

Agus do chuir sé caintic núadh ann mo bhéul, moladh dar Ndía: do chífid mórán é, agus biáidh eagla orra, agus cuirfid a ndóigh annsa TIGHEARNA.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 8:36

Ar a nadhbharsin má sháorann an Mac sibhsi, beithí sáor dhá ríribh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 15:7

Uime sin gabhaídh chugaibh a chéile, do réir mar do ghabh Críosd sinne chuige chum glóire Dé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 103:12

Comhfhad atá a náird shoir ó náird shíar, do chuir sé ar bpeacuidhe uáinne.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 2:20

Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim beo; bíodh nach misi feasda, achd Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn is tré chreideamh Mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 62:1-2

Ata fós manam ag feithiomh amháin air Dhía: noch ó bhfuil mo shlánughadh. Ná cuirigh bhur ndóigh a sárughadh, agus a sladuigheachd ná bíthi díomhaóin: an tan fhásas saidhbhrios, ná cuiridh bhur ccroidhe air. Do labhair Día aonuáir; fá dhó chúala mé so; gur ré Día bheanas cumhachda. Mar an ccéadna is leátsa, a THIGHEARNA, trócaire: óir do bhéarair don duine do réir a oibre. Isé fós mo charruic agus mo shlánughadh; mo dhídean; ní chorrochthar mé go mór.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 12:4-5

Agus annsa ló so a déarthaoi, Móluidh an TIGHEARNA, goiridh ar a ainm, foillsighidh a ghníomhartha a measg an phobail, déanaidh cuimhne gur hárduigheadh a ainm. Canaidh don TIGHEARNA; óir do rinne sé neithe oirdhearca: atá a fhios so ar feadh an domhuin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Colosaigh 3:15

Agus bíodh siothcháin Dé ag ríaghlughadh bhur gcroidheadh, chum a bhfuiltí fós ar bhur ngairm a néunchorp; agus bíghidh buidheach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 10:19-20

Ar a nadhbharsin, a dhearbhráithre, ó atá sáoirse aguinn ré dhul a steach don naóimhiosdadh tré fhuil Iosa, Nó go deimhin do choisgfeidís dá bheith dhá bhforáil? do bhrígh ar mbeith do luchd na niodhbarthadhsin dforáil ar na nglanadh éunuáir amháin, nach bíadh ní sa mhó coinnsías pheacuigh aca. An tslighe núadh bhéo, noch do ullmhuigh sé dhúinn, trés an mbrat, as ionann sin ré a rádh, agus tré na fheóil féin;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 34:1-3

Beinneochuidh mé an TIGHEARNA gach uile uáir: biáidh a mholadh ann mó bhéul a ccomhnuigh. Bíth uireasbhuidh air na leomhnuibh óga, agus fuilingid ocrus: acht ní bhiáidh uireasbhuidh éanmhaitheasa ar an luchd íarrus an TIGHEARNA. Tigidh, a chlann, éistigh riomsa: teagaisgfead eagla an TIGHEARNA dhibh. Cía hé an duine ler mían beatha, ler bionmhúin iomad láetheadh, dfaicsin maitheasa? Coimhéad do theanga ó urchóid, agus do bhéul ó labhradh ceilge. Dealuidh ris a nolc, agus déan maith; íarr síothcháin, agus lean í. Atáid súile an TIGHEARNA chum nа bhfíréin, agus a chlúasa chum a ccomharc. Atá aghaidh an TIGHEARNA a naghaidh na druinge do ní olc, chum a ccuimhne do ghearradh ón talamh. Gáirid na fíréin, agus do chluin an TIGHEARNA, agus sáoruidh íad ó na nuile anacra. As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid. Is iomdha crádh air an bhfíréun: gidheadh sáorfuidh an TIGHEARNA úatha uile é. Annsa TTIGHEARNA do dhéana manam glóir: cluinfe an tumhal é, agus biáidh lúathgháireach. Cumhduigh sé a chnámha uile: ní bristear áon díobh. Acht muirfidh an tolc an cionntach: agus sgriosfuighear an luchd agá bhfuil fúath air an bhfíréun. Fúasgluidh an TIGHEARNA аnam а sheirbhíseach: agus ní scriosfuighthear an mhéid chuirfios a ndóigh ann. Móruidhe an TIGHEARNA leamsa, agus árduighemid a ainm a néinfheachd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 45:22

¶ Féuchaidh orumsa, agus bíthí sábhalta, a uile théoranna na talmhan: óir is misi Día, agus ní bhfuil maithearrach ann.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Gníomhartha 16:34

Agus ar na mbreith leis dó dhá thigh féin, do chuir sé bhiadh na bhfíadhnuisi, agus do rinne sé gairdeachus, é féin agus a thigh uile ag creideamh a Ndía.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 5:17

Oír más do bhrígh áonchoire amháin do ghabh an bás rioghachd tré áonduine; is mó ná sin go mór do ghéubhá an mhuinntir ghlacas fáirsingi ghrása agus thabhartais na fireantachda rioghachd a mbeatha tré áon, eadhon Iósa Críosd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 34:8

Blaisidh, agus féuchuidh gur maith an TIGHEARNA: is beannuigh an duine agá mbí a dhóigh ann.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 5:24

Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, An té éisdeas rém bhréithirse, agus chreideas don té do chuir uádh mé, atá an bheatha mharrthanach aige, agus ní thiocfa sé chum damnuighthel achd datharruigh sé ó bhás go beathaidh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 8:16-17

Do ní an Spioradsa fíadhnuisi lé ar spioriodne, gur clann do Dhía sinn: Agus más clann, is oidhrighe fós sinn; óidhrighe gan amharas do Dhía, agus comhóidhrighe do Chríosd; má fhuilngmíd a néinfheachd ris, ionnus go mbemís a ccómhghlóir ris.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 91:1-2

An té áitighios a núaingnios аn té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh. Ní bheanfa áonolc riot, agus ní thiucfa an phláigh a ccomhghar dot pháillíun. Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile. Iomchoruid thú ann a láimh, deagla go mbeanfadh do chos re cloich. Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún. Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige. Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh. Do dhéanad a ríar le fad laétheadh, agus foillseochad mo shlánughadh dhó. A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion: mo Dhía; cuirfiod mo dhóthchus ann.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 17:3

Agus as sí so an beatha mharrthanach, go naithneóchaid síad thusa an táoin Día fírinneach, agus Iósa Críosd, do chuir tú úait,

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 15:57

Gidheadh a bhuídhe ré Día, do bheir dhúinn buáidh do bhreith tré ar Dtíghearna Iósa Críosd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 4:16-18

Uime sin ní bhfuilmíd ag dul a nanbhfainne; achd bíodh go dtruáillighthear ar nduine leithimealach, athnúadhaighthear fós an tí atá don táóbh a stigh go láethamhuil. Oír oibrighidh ar mbuáidhirt éudtrom, noch nach mhairios acht momeint, níos módh go líonmhar agus truime mbairthanach dan ghloire dhuinne: Ar mbeith dhúinn ag tabhairt ar naire do na neithibh nach bhfuil ré a bhfaicsin, agus ní do na néithibh ata re a bhfaicsin: oír is neamhbúan na neithe atá ré a bhfaicsin; agus is síorruidhe na neithe nach bhfaicthear.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 119:14

Do gháirdighios a slighe thfíadhnuiseadh, mar budh ann a nuile shaidhbhrios.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 7:25

Ionnas gur féidir leis an dream thig chum Dé thríd féin do shlánughadh go híomlán, ar mbeith dhó beó go síorruidhe chum eadarghuidhe do dhéunamh ar a son.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 4:13

Is as so aithnighemíd sinn do bheith ar gcómhnuighe annsan, agus eisean ionnuinne, do bhrígh go dtug sé dhuinn tiodhluice na Sbioruide.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 116:12-13

Cred an luáidheachd do bhéaras mé don TIGHEARNA ar son a thabhartas damh? Géabha me cupán an tslánuighthe, agus goirfead air ainm an TIGHEARNA.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 1:13-14

Ann a bhfuil bhur ndóíghse mar an gcéudna, ar gclos bréithre na fírinne dhíbh, shoisgéil bhur slánaighthe: trér cuireadh fós séula oruibh íar gcreideamh dháoibh, tré Sbiorad náomhthá na geallamhna. Agár ab é is geall connartha dar noighreachdne go teachd duinne a seilbh ar sáoirsi, chum moltá a ghlóiresion.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 97:11-12

Do síoladh solus do nfíréun, agus lúathgháire don díreach a ccroidhe: Lúathgháirighidh annsa TIGHEARNA, sibhsi a fhíréuna; agus moluidh cuimhne a náomhthachda.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 55:12

Oír rachthaóisi amach maille re meanmuin, agus béarthar amach sibh maille re síothcháin: brisfid na sléibhte agus na cnoic amach romhuibh a gceól, agus buáilfid uile chranna an mhagha a lámha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 96:2-3

Canuidh don TIGHEARNA, beannuighidh a ainm; foillsighidh a shlánughadh ó ló go ló. Innsighidh a measg na ngeinteadh a ghlóir, a ionganta a measg na nuile phoibleach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 8:28

Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 25:1

A TIGHEARNA, is tú mo Dhía; áirdeochuidh mé thú, molfa mé hainm; óir do rinne tú neithe iongantacha; síad do chomhairligh ón tseanaimsir ionnracus agus fírinne.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 138:5

Agus do dhéanaid céol a slighthibh an TIGHEARNA: óir is mór glóir an TIGHEARNA.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 43:1-3

Acht a nois is marso a deir an TIGHEARNA do chruthaidh thusa, a Iácob, agus an té do chum thú, a Israel, Ná himeagluigh: óir dfúasguil mé thú, do ghoir mé thú as hainm; is liomsa thú. Is sibhsi mfíadhnuisesi, a deir an TIGHEARNA, agus mo sheirbhiseach noch do thogh mé: chor go naitheontaói agus go ccreidfidhe mé, agus go ttuigthí gur misi é: níor cumadh Día ar bith romhamsa, ní mó bhías am dhiáigh. Is misi, misi féin, an TIGHEARNA; agus táobh amuigh dhiomsa ní bhfuil áon slánaightheoir ann. Dfoíllsigh mé, agus do sháor mé, do thaisbéin mé, a núair nach raibh aóindía coimhidhtheach eadruibhse: uime sin is sibh mfiadhnuise, a deir an TIGHEARNA, gur misi Día. Fós, suil do bhí an ló ann is misi an té sin; agus ní bhfuil aoinneach fhéadas sábháil óm láimh: oibreocha mé, agus cía bhacfas é. ¶ Is marso a deir an TIGHEARNA, bhur slánaightheóir, Aon Naomhtha Israel; Is ar bhur sonsa do chuir mé fios don Bhabilóin, agus thug mé a núas a nuáisle uile, agus na Caldeánuigh, agá bhfuilid a ccomhairc annsna longaibh. Is misi an TIGHEARNA bhur Náon Naomhtha, cruthaightheóir Israel, bhur Rígh. Is marso a deir an TIGHEARNA, noch do ní slíghe annsa bhfairge, agus casán annsna huisgeadhuibh neartmhara; Noch do bheir amach an carbad agus an teach, an slúagh agus na cumhachda; luighfid síad síos le chéile, ní éireochuid síad: atáid múichte, do mhúchadh íad amhuil barrach. ¶ Nach cumhain libh na neithe roimhe, nach meastaói na neithe a nallúd. Féuch, do dhéana misi ní núadh; a nois fásfuidh sé amach; nach aitheona sibhse é? eadhon do dhéana mé slighe annsa bhfásach, agus aibhne annsa díothramh. A nuáir ghabhus tú thríd na huisgeadhuibh, biáidh misi ad fhochair; agus thríd na haibhnibh, ní fhoileochuid síad thú: a nuáir shíubholas tú thríd an tteine, ní loisgfighear thú; ní mó dheargfas an lasair ort. Do bhéaruidh beathach an mbachaire onóir dhamh, na dragúin agus na hulchabhcáin: do bhrigh go ttugaim uisge annsa bhfasach, agus aibhne annsa díothramh, do thabhairt dighe dom phobal, mo thogha. Do chum mé an pobalso dhamh féin; taisbéanfuid s ad amach mo mholadh. ¶ Acht níor ghoir tusa orum, a Iácob; acht do bhí tusa tuirsioch dhíom, a Israel. Ní thug tú chugam áirnéis bheag hofrala loisge; ní mó donóruigh tú mé led íodhbarthaibh. Ní thug mé ort foghnamh le hofráil, agus ní thug mé ort sáothrughadh lé túis. Níor cheamuigh tú giolcah milis damh ar airgiod, ní mó do líon tú mé lé méuthus híobarthach: acht thug tú orum foghnamh maille red pheacadhuibh, thug tú orum sáothrughadh led égceartaibh. Is Misi, Misi féin an té scriosas amach do sháruighthe ar mo shon féin, agus ní chuimhneochad do pheacuidhe. Cuir misi a ccuimhne: tagram re chéile: foillsigh thusa, a ccruth go mbia tú fírmneach. Do pheacaidh do chéad athair, agus do chiontuigheadar do luchd múinte am aghaidhsi. Unnesin do thruáilligh mé prionnsadha na sanctóra, agus thug mé Iacob don mhallughadh, agus Israel do na scannlachaibh. Oír is misi an TIGHEARNA do Dhía, Aon Naomtha Israel do shlánaightheóir: thug mé an Négipt ar thfúascladh, an Netiópia agus Seba air do shon.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 2:10-11

Agus a dubhairt an taingeal riú, Na bíodh eagla oruibh: óir, feuch, a táim ag soisgéulughadh dhíbh gáirdeachus mór, noch bhías do gach uile phobal. Oír rugadh an Slánuightheoir dháoibh a niu, (éadhon Críosd an Tighearna,) a gcathruigh Dháibhí.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 8:18

Oír measuim nach fíu ná neithe fhuilgemíd sa naimsirse a láthair an ghlóir fhoillséochthar dhúinn.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Teasalónaigh 5:24

As díleas an tí do ghoir sibh, noch fós do dhéunas sin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 98:4-5

Déan fuáim lúathgháireach chum an TIGHEARNA, a thaluimh uile: deán fuáim thaighiúir, déan gáirdeachus, agus cán salm. Canuigh chum an TIGHEARNA ris an ccláirsigh; ris an gcláirsigh, agus re guth salm.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 10:23

Congmham gan chorruidhe admháil ar muinighne; (óir as díleas an tí thug gealladh dhúinn:)

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 10:13

Oír gidh bé duine ghuidhfeas ainm an Tighearna, sláinéochthar é.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 1:12-13

Achd an mhéid do ghabh chuca é, tug sé cumhachda dhóibh bheith na gcloinn ag Día, eadhon don droing chreideas ann a ainmsean: Nach bhfuil ar na ngeineamhain ó fhuil, ná ó thoil na colla, ná ó thoil fir achd ó Dhía.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 138:3

Annsa ló mar do gháir mé do fhreagair tú mé, do fhairsingidh tú neart ann manam.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Peadar 3:9

Ní cuireann an Tíghearna muill ar a gheallamhuin, (mar mheasuid dream áirighe muill;) achd atá sé foighideach rinne, do bhrígh nach mían ris einneach dhul amúgha, achd na huile dháoine theachd chum aithrighe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 112:4-7

Eirghidh solus don droing dhírigh san dorchadas: don ghrásamhuil, don trócaireach, agus do nfíréan. Atá an duine maith grásamhuil, agus áirleacthach: ceannsochaidh sé a bhríathra le breitheamhnus. Oír ní corrochthar é choidhche: biáidh an fíréun a gcuimhne shíorruidhe. Ní bhiáidh eagla air roimhe dhroichscéuluibh: atá a chroidhe diongmhalta, ag cur a dhóthchuis san TIGHEARNA.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Tiomóid 1:9

Noch do sháor sinn, agus do ghoir sinn maille ré gairm náomhtha, ní réir ar noibrightheadh, ahd réir a chinnidh féin agus a ghrás, noch do tugadh dhúinn a Niósa Críosd roimh chrúthughadh an domhuin;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 1:6

Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 6:14

Oír ní bhiáidh tighearnus ag an bpeacadh oraibh: do bhrígh nách fáoi an dligheadh atá sibh, achd faói ghrásuibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 95:1-2

Tagaidh, déanam lúathgáire chum an TIGHEARNA: déanam fuáim gháirdeach do charraic ar slánuighthe. Do bhí mé dhá fhithchiod blíadhan air mo bhuáidhreadh ris an nginealachso, agus a dubhras, Is pobal seachránach a gcroidhe íad, agus níor bhaithne dhóibh mó shlightheacha: Dar mhionnuighios ann mfeirg, nach rachaidís a steach dom shuaimhneas. Tagam do lathair a aighthe ré tabhairt buidheachuis, agus déanam fuáim lúathgháireach chuige ré Salmuibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 1:9

Dá nadmham ar bpeacuidh, atá seision fírinneach agus ceart re ar bpeacuigh do mhaitheamh dhúinn, agus ré ar nglanadh ó anuile neamhfhiréuntachd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 33:20-22

Atá ar nanam ag feitheamh air an TTIGHEARNA: is eision ar ccabhair agus ar scíath. Oír is annsan do dhéanas ar ccroidhe gáirdeachus, do bhrígh gur chuireamar ar ndóigh ann a ainm náomhthasan. Biodh do thrócaire, oruinn, a THIGHEARNA, do réir mar atá ár ndóigh ionnad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 1:5

Chúmhduighthear ré neart Dé tré chreideamh chum slánuighe atá ullamh ré a fhoillsiughadh sa naimsir dheigheanuidh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 68:4-6

Canaidh do Dhía, canaidh psalm dha ainm: árduighidh an té do ní marcuigheachd ar na flaithís re na ainm IAH, agus deanuidh gáirdeachus ós a choinne. Isé Día athair na ndílleacht, agus breithiomh na mbaintreabhach, a nionad comhnuidhe a náomhthachta. Cuiridh Día an tuáigneach a tteaghlach: do bheir amach an drong bhíos ceangailte lé slabhradhuibh: acht do níd na méirligh comhnuighe a ttalamh thirim.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 5:5

Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 3:1-2

Tuguidh dá bhur naire, créd é méud an ghrádha tug an Tathair dhúinne, as a ngoirfidhe clann Dé dhínn: is uime so nach aithnidh don tsáoghal sinn, do bhrígh nach aithnidh dhó eisean. Is as so aitheantar clann Dé, agus clann an díabhail: gidh bé nach leanann do nfíréuntachd ní ó Dhía atá sé, ná an tí nach dtabhair grádh dhá dhearbhrathair. Oír a sí so an teachdaireachd do chúalabhair ó thosuigh, eadhon sinne do thabhairt grádh dhá chéile. Ní do nós Cháin, noch do bhí ón droch spioruid, agus do mharbh a dhearbhráthair. Agus créd é an tadhbhar fár mharbh sé é? Do bhrígh go rabhadar a oibreacha féin go holc, agus oíbreacha a dhearbhráthar fíreunta. A dhearbhráithre, na bíodh íongnadh aguibh, fá fhúath bheith ag an tsáoghal oruibh. Atá a fhios aguinne gur hathruigheadh sinn ó bhás go beatha, do bhrígh go bhfuil grádh aguinn air na dearbhráithribh. An tí nach grádhuigheann a dhearbhrathair cómhnuighe sé a mbás. Gidh bé neach fhúathuigheas a dhearbhráthair as fear dúnmharbhtha é: agus atá a fhios aguibh nach déunann an bheatha marthannach comhnuighe a bhfear dúnmharbhtha ar bith. Is as so is aithnigh dhúinn grádh Dé, gur chuir sé a anum síos air ar soinne: uime sin atá dfíachuibh oruinne ar nanmanna do chur síos ar son ar ndearbhraithreach. Agus gidh bé agá bhfuil maóin an tsáoghailse, agus do chí a dhearbhráthair a ríachdanas, agus nach déun trúaighe dhó, cionnus chomhnuigheas gradh Dé ann? A chlann bheag, nár ab a mbréithir, ná a dteanguidh bhías bhur ngrádh; achd a ngníomh agus a bhfírinne. Agus aithnigheamaóid as so gur don fhírinne sinn, agus do bhéuram air ar gcroidhthibh bheith deimhnighthe na fhíadhnuisesion. A cháirde, as clann do Dhía sinn a nois, achd ní léir fós créd bhus sinn: gidheadh atá a fhios aguinn, an tan fhoillséochar eision, go mbíam cosmhuil ris; óir do chífeam é do réir mar atá sé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 89:1

Canfad trócaire an TIGHEARNA go bráth: foillseóchad thfírinne lém bhéul ó ghinealach go ginealach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Gníomhartha 4:12

Agus ní bhfuil slánughadh a neach air bith eile: oír ní bhfuil ainm ar bith eile fáoi neamh ar na thabhairt do dháoinibh, lér ab éidir sinne shlánughadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 5:8

Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 1:10

Noch do sháor sinn ó na chomhór sin do bhás, agus sháorus sinn: as a bhfuil ar ndóigh go sáorfuidhe sé sinn fós mar an gcéudna;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 130:5

Do fheith mé air an TTIGHEARNA, atá manam ag feithiomh, agus iona bhréithir atá mo dhóigh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 105:3

Déanuidh glóir iona ainm náomhtha: déanadh a gcroidhesion gáirdeachus noch shirios an TIGHEARNA.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 2:12-13

Uime sin, a chaired, amhuil tug sibh úmhlachd uáibh a goimhnuidhe, ní hé amháin dom láthairse, achd a nois go mórmhór ar mbeith dhamh bhur bhféugmhuis, sáothruighe bhur slánughadh féin maille ré faitchéas agus ré criothnughadh. Oír a sé Día oibrigheas ionnuibh an toil agus an gníomh do réir a dheaghthola.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 15:4

Oír gidh bé neithe do sgríobhadh roimhe so is chum sinne theagusg do sgríobhadh íad, ionnus go mbeith dóthchas aguinn tré fhoighid agus tré chómhfhurtachd na sgríobtúr.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 9:6-7

Oír do rugadh leanabh dhúinne, tugadh mac dhúinn: agus biáidh an ríaghladh air a ghúaluinn: agus goirrfighear a ainm Iongantach, Comhairleach, An Día cumhachtach, An Tathair síorruidhe, An Prionnsa na Síothchána. Ni bhía críoch air bhiseach a ríaghluidhthe agus a shíothchana, ar chathaóir Dháibhi, agus air a rioghachd, da hórdúghadh agus dá seasamh le breitheamhnus agus lé ceart ó so amach go bráth. Teasghrádh THIGHEARNA na slógh choimhlíonfas so.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lean orainn:

Fógraí


Fógraí