Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 An lá céadna sin tháinig chuige Saddúicínigh, daoine adeir nach bhfuil aiséirghe ann:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 An lá céanna tháinig Sadúcéigh chuige, dream a deir nach bhfuil aon aiséirí ann; agus chuir siad ceist air,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 An lá céadna sin tháinic Sadducaigh chuige, daoine a deir nach bhfuil eiséirghe ann, agus cheistigh siad é,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 An lásin féin tangadar na Saduicínigh, a deir nach bhfuil eiseirghe ann chuige, agus do chuireadar ceisd air,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 An lá san tháinig na Sadducínigh chuige, daoine adeir ná fuil aiseirighe ann, agus cheistigheadar é, agus dubhradar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Tháinig Sadúcaigh chuige an lá céanna–dream a deir nach bhfuil aiséirí ar bith ann–agus chuir siad ceist air:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 Tháinig Sadúcaigh chuige an lá céanna - dream a deir nach bhfuil aiséirí ar bith ann - agus chuir siad ceist air:

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:23
9 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt Íosa leo, Tabhraidh aire agus seachnaidh laibhín na bhFairisíneach agus na Saddúicíneach.


Acht nuair do chonnaic sé mórán de na Fairisíneachaibh agus de na Saddúcíneachaibh ag teacht chum baiste d’fhágháil uaidh, adubhairt sé leo‐san: A shliocht na nathrach nimhe, cia d’fhógair orthaibh‐se teicheath ó’n díbhfheirg atá le teacht?


Agus an fhaid do bhíodar ag labhairt leis na daoinibh, tháinig na sagairt agus árd‐fheadhmannach an teampaill ortha,


Acht d’éirigh an t‐árd‐shagart, agus siad‐san do bhí ’n‐a fhochair (aicme na Saddúicíneach), agus iad lán d’éad,


daoine do chuaidh ar seachrán ó’n bhfírinne, g‐á rádh go bhfuil an aiséirghe thart cheana, agus atá ag milleadh creidimh daoine áirithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí