Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus nuair do‐chualadar é, bhí iongnadh ortha, agus d’fhágadar é, agus d’imhthigheadar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Nuair a chuala siad é, rinne siad iontas; agus dʼfhág siad é agus dʼimigh leo.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus ar a chluinstin sin dóibh, bhí iongantas ortha; agus d’fhág siad é, agus d’imthigh leo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus ar na chluinsin so, do ghabh iongantus íad, agus ar sgur dhe, do imthigheadar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Nuair airigheadar an méid sin tháinig iongnadh ortha, agus d’fhágadar ansan é, agus d’imthigheadar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Nuair a chuala siad é sin, bhí ionadh orthu: dʼfhág siad é agus dʼimigh siad leo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Nuair a chuala siad é sin, bhí ionadh orthu: d'fhág siad é agus d'imigh siad leo.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:22
10 Tagairtí Cros  

Féachaidh, cuirim uaim amach sibh ar nós caorach i measc madadh allta: bidhidh, d’á bhrigh sin, chómh glic leis na nathrachaibh nimhe, agus chómh símplidhe leis na colmaibh.


Agus nuair do‐chuala na sluaighte é, do‐rinneadar iongnadh d’á theagasc.


Agus níorbh fhéidir le h‐aon duine oiread agus focal do rádh g‐á fhreagairt, ná níor lámh aon duine ó’n lá sin amach ceist do chur air.


Agus nuair dochuala Íosa sin, do bhí iongnadh air, agus adubhairt sé leo‐san do bhí g‐á leanamhain, Go fírinneach adeirim libh, A leithéid sin de chreideamh ní bhfuaras i nIsrael féin.


Agus do bhíodar ag iarraidh faille chum greim d’fhágháil air, acht do bhí eagla an phobail ortha; óir do thuigeadar gurab ’n‐a n‐aghaidh féin d’innis sé an tsamhlaoid sin: agus d’fhágadar é agus d’imthigheadar.


óir do‐bhéarfad‐sa briathra béil agus eagna dhaoibh nach bhféadfaidh bhúr náimhde go léir a séanadh ná cur ’n‐a gcoinnibh.


Agus do sháruigh ortha cur i gcoinnibh na h‐eagna agus i gcoinnibh an Spioraid le n‐ar labhair sé.


Bíodh salann an ghrása mar bhlás ar bhur gcainnt, chum go mb’ eol daoibh freagra do thabhairt do gach aoinneach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí